Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fulaingt suffering
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
an fhulaingt the suffering
" Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
fulaingthe suffering
" " Bhí an méid sin fulaingthe ina súile agus í ag smaoineamh faoi go mbrisfeadh sé do chroí.
ag fulaingt suffering
" "An pobal a bhfuil amhras faoi" (nó "suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh ag fulaingt mar an gcéanna sa lá atá inniu ann.
á fhulaingt being suffered
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
fulaingt suffering
" Faoiseamh a bhíonn ann nuair a chuirtear dráma Gaeilge ar an stáitse ar féidir sult a bhaint as agus nach fulaingt a bhíonn i gceist dul chuige.
fulaingthe suffering
" Bhí tuismitheoirí Johnathan Ball mar a gcéanna agus nuair a chonaic daoine eile, b'fhéidir daoine gan an méid céanna péine nó fulaingthe ina saol, nach raibh muid ag tabhairt amach ná ag iarraidh díoltais, ghlac siad ár sampla," a dúirt sé liom.
ag fulaingt suffering
" Ach anois, ar a laghad, beidh seans ag na daoine a gcuid botún féin a dhéanamh más áil leo, i leaba a bheith ag fulaingt agus ag fulaingt go tréan de bharr bhotúin daoine eile.
fulaingthe neamhriachtanaí unnecessary suffering
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
fulaingt mhór great suffering
" Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh.
ag fulaingt suffering
" An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá ag fulaingt.
ag fulaingt suffering
" Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.
fulaingt suffering
" Chuir sí i gcuimhne dúinn cé chomh huafásach is atá fulaingt na bPalaistíneach, agus iad tréigthe ag an phobal idirnáisiúnta.
fulaingt suffering
" Bheadh fulaingt i bpurgadóir agus b'fhéidir fanacht rófhada a bhronnfadh a éagóir féin.
fulaingt suffering
" Bhí an-streachailt agus fulaingt i dTíomór Thoir fosta, go dtí gur bhain an tír neamhspleáchas amach i 1999.
ag fulaingt suffering
" Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
ag fulaingt suffering
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
ag fulaingt liom suffering away
" Beidh mé féin ag fulaingt liom sa toit sna tithe tábhairne anseo i Sasana mar nach bhfuil aon phlean ag an rialtas cosc a chur ar an tobac iontu.
fulaingt suffering
" An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach cruatan, gortú, pian agus fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun.
fulaingt suffering
" Tugtar an Pháis ar an tréimhse choscrach seo, ón fhocal Gréigise a chiallaíonn fulaingt.
fhulaingt suffering
" Nuair a bhí religiúin eile ag ceiliúradh a ndéithe cumhachtacha doscriosta, dhírigh an Eaglais Chaitliceach ar fhulaingt agus leochaileacht Chríost.
ag fulaingt suffering
" Tá an pobal Moslamach ag fulaingt mar is mionlach eitneach agus mionlach creidimh muid.
ag fulaingt na péine suffering the pain
" Nuair a bhíonn tú ag féachaint orthu, tá siad féin ag fulaingt na péine atá san amhrán.
a fhulaingt to suffer
" D'fhéadfadh leath-thaca láir, cuir i gcás, an chalaois chéanna (mar shampla tosach ag dul tríd chun cúl a scóráil a tharraingt síos ar mhaithe le cúl a stopadh) gach Domhnach agus dálach i rith na bliana agus gan pionós ar bith a fhulaingt dá bharr.
le fulaingt agat to suffer
" Ní féidir bogadh istigh i bputóga na n-ollphéisteanna seo, ach ní bhíonn ach cúpla nóiméad le fulaingt agat de ghnáth, mar gheall ar an luas ag a dtéann siad.
gan pian a fhulaingt without suffering pain
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt in danger of suffering long-term harm
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
ag fulaingt suffering
" Tá dream eile ag rá go raibh an ceart ar fad ag an AFP agus nach bhfuil trua ar bith acu don naonúr a gabhadh, gur saint ba chúis leis an iarracht a bhí ar siúl acu agus nach raibh trua ar bith acu féin do na daoine a bheadh ag fulaingt de bharr na ndrugaí a bhí á n-iompar acu.
a fhulaingt to suffer
" Cáineadh agus drochíde ======= Mar sin, cé bheadh ag iarraidh bheith ina bhainisteoir i gcúrsaí spóirt? Cén saghas duine atá in ann post mar sin a ghlacadh agus an fhreagracht agus an cáineadh agus an drochíde a fhulaingt muna mbíonn na torthaí go maith? Agus bíonn drochíde agus masla go minic i gceist.
a fhulaingt to suffer
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
fulaingt suffering
" In áit na bpairceanna glasa síochánta a bhí romhainn, ní raibh le feiceáil ach pluda, poill, crainn dhóite agus beirt fhear ina seasamh ar dhroichead adhmaid agus éadóchas agus fulaingt ina n-aghaidh.
ag fulaingt suffering
" Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí ag fulaingt anuraidh fós ag fulaingt.
ag fulaingt suffering
" Cé go rabhthas fós ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
ag fulaingt suffering
" Cé go rabhthas fós ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
fós ag fulaingt still suffering
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
ag fulaingt suffering
" Tá an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
fulaingthe suffered
" Tá díomá i ndiaidh díomá fulaingthe ag pobal na Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach is léir nach bhfuil an fál go haer ag cur isteach ar na poblachtánaigh.
fulaingt suffering
" Anois, cuireadh an t-uafás fuinnimh agus acmhainní, agus fulaingt go leor, isteach san eitleán a chur san aer.
fulaingt suffering
" Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
fulaingt suffering
" Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht.
fulaingt ar mhaithe leis an tír, to suffer for the country,
" Agus go dtí go n-aithníonn Meiriceánaigh nach leor siopadóireacht, agus go mbeidh orthusan fulaingt ar mhaithe leis an tír, leanfaidh siad orthu ar bhóthar na cogaíochta leis an mbrionglóid go bhfuil bua i ndán dóibh san Iaráic.
fulaingt agus crá suffering and torment
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
ar an anás agus ag fulaingt cruatain, destitute and suffering hardship,
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
ag fulaingt go mór suffering greatly
" ENíC: Is do dhuine atá an-ghar dom a bhí ag fulaingt go mór agus dom féin freisin a chum mé an t-amhrán.
ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig suffering because of all this foreign noise
" Bhí mo chluasa fós ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig agus ocht n-uaire an chloig de phortaireacht Jaysus Joe Shéamais, nuair a tháinig mé faoi dheireadh agus faoi dheoidh a fhad leis an Cheantar Cultúrtha.
ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras suffering due to violence and hunger
" Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.
le fulaingt to suffer
" Ach ní léiríonn na hargóintí dlí an crá croí a bhíonn le fulaingt ag roinnt mhaith dídeanaithe agus iad ag fanacht go bhfeicfidh siad a dteaghlach arís.
fulaingt nimhneach awful suffering
" Bhí sé mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bhfulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.
an méid atá fulaingthe the amount that he has suffered
" Tá an-trua agam do Chathal agus an méid atá fulaingthe aige.
an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt. to suffer this art form.
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
an sciolladh a fhulaingt to suffer the abuse
" Ní raibh sí in ann an sciolladh a fhulaingt níos mó agus chinn sí ar dheireadh tragóideach a chur lena saol.
fulaingt, suffering
" Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás, fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint.
go leor bróin agus fulaingthe a lot of sadness and suffering
" ” Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
fhulaingt to suffer
" Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.
ag fulaingt suffering
" Cé go ndúirt sé i rith an toghcháin “we cannot have a thriving Wall Street while Main Street suffers,” is cosúil go bhfuil lucht Wall Street ag déanamh go hiontach a fhad is atá an gnáthdhuine ag fulaingt.
fulaingt suffering
" Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
fhulaingt to suffer
" Sea, a chairde, sin an sórt míchaoithiúlachta a bhíonn ar dhuine a fhulaingt ar son na healaíne i Londain Shasana.
fulaingt suffering
" "An pobal a bhfuil amhras faoi " (nó "suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh ag fulaingt mar a gcéanna sa lá atá inniu ann.
fulaingt léi to suffer with her
" Ní leor an féinmhilleadh dá haithrí, tá ar a fear fulaingt léi de bharr a ról siúd ina neamairt.
fhulaingt to suffer
" Arbh fhiú dom an t-ábhar a fhulaingt? B’fhiú.
fulaingt suffer
" Creidim gur fearr ligint dóibh fulaingt sa gcaoi is go bhfoghlaimeofar ceacht tábhachtach sa tír seo, sa gcaoi is nach dtarlóidh sé arís go deo.
fulaingthe suffered
" Níl aon amhras ach go bhfuil an iomarca bochtaineachta agus ainnise fulaingthe acu cheana féin.
fulaingthe suffered
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
fulaingt suffering
" Cúlra na Rohingya Ar na dreamanna is mó fulaingt tá na Rohingya, Moslamaigh Shunnaíocha atá lonnaithe in Arakan, nó Stát Rakhine, in iarthar Mhaenmar ar an teorainn leis an mBanglaidéis agus an India.
fhulaingt suffering
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an anró a bhí á fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre.
fulaingt suffering
" an leas a bhaineann lucht an chogaidh as fulaingt na nGiúdach san am atá caite.
fhulaingt suffering
" An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
ag fulaingt suffering
" Má tá Nóra ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.
fulaingt suffer
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
fhulaingt suffering
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
ag fulaingt suffering
" Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo.
fulaingthe endured
" Éiríonn leis blaiseadh dá saol pearsanta teaghlaigh agus dá gcaidreamh leis an bpobal áitiúil a cheapadh ar fhís, iad sásta labhairt amach go neamheaglach gan náire ar an mbriseadh croí agus ar an íobairt phearsanta atá fulaingthe acu.
fhulaingt suffering
" Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
ag fulaingt go trom suffering heavily
" Tá mé fiosrach faoin tír álainn seo atá ag fulaingt go trom faoi láthair.
ag fulaingt suffering
" Feiceann baill an phobail iad ar na tránna go minic nuair atá siad i mbaol nó ag fulaingt agus cuireann siad fios orainn ionas gur féidir linn cuidiú leo.
sásta mairtíreacht a fhulaingt content to suffer martyrdom
" Dúirt duine de na baill is mó a aithnítear a bheith báúil leis an nGaeilge, nach raibh sé sásta mairtíreacht a fhulaingt ar chrois na Gaeilge sa saol polaitiúl.
fhulaingt suffering
" Tá goinbhlastacht ag baint leis na cumhdaigh taisí seo mar go raibh iontu baill choirp, cnámha nó gruaig, iarsmaí na naomh, a caomhnaíodh go minic i ndiaidh dóibh bás millteanach a fhulaingt.
chomórann fulaingt agus fuascailt celebrates suffering and redemption
" Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
fhulaingt suffering
" Ní stopfadh sé ar feadh i bhfad agus ba léir an fhulaingt is an cruachás a bhí ina shaol.
ag fulaingt suffering
" Níl caint Joe Higgins (An Páirtí Sóisialach) ná Richard Boyd Barrett (Daoine roimh Bhrabús) ag déanamh mórán céille don phobal mór atá ag fulaingt ó na ciorruithe míthrócaireacha.
Féile, fairsinge, agus, fulaingt mo léan generosity, abundance and suffering alas
" Féile, fairsinge, agus, fulaingt mo léan.
ag fulaingt suffering
" Níl an t-airgead céanna le déanamh as an gcultúr seo a scaipeadh a thuilleadh agus tá an dinosaur ag fulaingt, ag casacht is ag rith ón scamall dubh atá ag alpadh a dhomhain.
ag fulaingt leis an neamhchodladh suffering from insomnia
" Tá daoine ag tógáil níos lú sosanna agus ag fulaingt leis an neamhchodladh de dheasca na n-athruithe seo sa saol.
a bhfuil fulaingthe what has been suffered
" I ndiaidh a bhfuil fulaingthe ag an oiread sin daoine ar mhargadh na dtithe in Éirinn nuair a thit an tóin as, ní rud cuibhiúil é a bheith ag déanamh mórtais as an mhéid a chaith tú ar theach.
caillteanas agus fulaingt the loss and suffering
" Is oth liom é a rá ach feictear dom gur shaothar in aisce é caillteanas agus fulaingt saighdiúirí na hAstráile.
lena páis agus a fulaingt her pain and suffering
" Ansin, díreach nuair a shíl sí go deireadh ag teacht lena páis agus a fulaingt, b’éigean di teacht go hÉirinn chun bualadh le Máirtín McGuinness.
ag fulaingt ón ngalar dubhach suffering depression
" Anuas air sin, tá fás ag teacht faoi líon na bhfeirimeoirí atá ag fulaingt ón ngalar dubhach agus ó smaointe féinmharaithe.
fhulaingt cholainne agus aigne suffering of mind and body
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
ag fulaingt go heacnamaíoch suffering economically
" Le dífhostaíocht os cionn 8% agus pobal fostaithe na tíre ag fulaingt go heacnamaíoch, b'iontach gur éirigh leis an Uachtarán Obama é féin a chosaint.
beag beann ar fhulaingt na regardless of the suffering
" Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti, beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.
ag fulaingt faoi ualach chrua suffering the heavy burden
" Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo suffering from this economic crisis
" Tá tíortha na hEorpa agus mórán de thíortha an domhain ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo.
ag fulaingt suffering
" Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí, ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú.
roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach some of the blame for the immigrants suffering
" Freagracht is Milleán ======== Is féidir roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach i Maracó a chur ar an Aontas Eorpach.
fulaingt gan fuascailt na mná féin the woman’s own ceaseless suffering
" Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.
deireadh a chur lena fulaingt to end her suffering
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
ag fulaingt rófhada suffering for too long
" ** James: Bhuel, níl mórán le rá agam, seachas go bhfuil múinteoirí na hÉireann ag fulaingt rófhada ar thuarastal íseal agus ar dhímheas an phobail.
a bheith á fulaingt acu their suffering
" Is minic nach dtréigfidh siad fir chéile in ainneoin mí-úsáid a bheith á fulaingt acu ar eagla go mbeidh orthu filleadh ar an tír dhúchais.
Ag Fulaingt ag Aois An-Óg suffering at a very young age
"Ag Fulaingt ag Aois An-Óg ======== Ní raibh Simon ach trí bliain déag d’aois nuair a thosaigh anaireicse ag scriosadh a shaoil.
bhíodh díoltóirí ag fulaingt dealers/ salesmen were suffering
" Agus mar gheall air seo, bhíodh díoltóirí ag fulaingt an chuid eile den bhliain – toisc nach mbíodh sreabhadh airgid ann dóibh.