Pota Focal Intergaelic
buss | cuss | fess | fuis | fusa
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuirseadh fuss, hassle
" Cé go mbainfidh fuirseadh agus tranglam leis an mbogadh tí, is é an dúshlán is mó a bhainfidh leis do Neasa ná go mbeidh saol an teaghlaigh le caitheamh i dteach leathphoiblí, teach de dhéanamh na hochtú haoise déag.
mar a bheadh cearc éillín like a hen with a clutch i.e. fussing mother
" "Beidh tú ag inse domh an chéad rud eile go mbeidh mé mar a bheadh cearc éillín ann fá cheann cúpla mí eile.
fústar fuss
" I gceann cúpla seachtain, cuirfear an cheist "Céard faoi a raibh an fústar ar fad?" *Tá Ciarán Mac an Bhaird ag obair le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
griothal fuss
" Ag lorg dúnmharfóra ======= Tharla an griothal céanna tar éis dhúnmharú Novi Ligure.
fuadrála fussing
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
raic mhór big racket/fuss
" Bhí raic mhór ann nuair a thosaigh Dara agus Cuán s'againne ar scoil an mhí seo caite.
griothal fuss
" Ba é déanamh an scannáin sin agus an griothal agus an rachmas a lean é a chuir bonn faoi mhórán daoine agus "an rialtas ab fhearr a bhí againn ariamh", mar a dúirt an seanchaí, Cáit "Bab" Feiritéar, atá fós linn, bail ó Dhia uirthi.
ná déanaigí seanbhaile dó don't make a big fuss about it
" "Seo, ná déanaigí seanbhaile dó.
fuaidreamh fuss
" Bhí deireadh le fuaidreamh, le fuirseadh, le *fus*s.
le raic a thógáil to kick up a fuss
" An é go bhfuil polaiteoirí an chontae róshibhialta le raic a thógáil? An é nach mbuaileann siad an bord minic go leor i mBaile Átha Cliath? Tá fáth éigin ann go bhfuil faillí á déanamh sa chontae agus caithfear díriú air seo luath nó mall.
fústar fuss
" Seo chugainn arís an Nollaig agus an fústar ar fad; an putrachán plobartha sa chulaith dhearg agus bhán ag gáire os ard, agus na mná óga dathúla ar fad ag stánadh go grámhar isteach ina shúile, mar dhea.
thóg siad an-racán. they kicked up a big fuss.
" D’fhoilsigh siad a gcéad *prospectus* agus nuair a chonaic cuid de na scoileanna Caitliceacha sa tuaisceart nach raibh an Ghaeilge ar an chlár léinn acu, thóg siad an-racán.
raic níos mó a great fuss
" Chuir sé an-díomá ar go leor daoine ag an am go rabhthas ag cur deireadh le hinstitiúid a bhí chomh tábhachtach sin agus fiafraím de Risteard ar chuir sé iontas air nár tógadh raic níos mó mar gheall ar chinneadh an rialtais.
raic a fuss
" Bhí raic ann, mar níor thuig go leor Nua-Shéalainneach brí na bhfocal.
ag tógáil raice kicking up a fuss
" Ní haon ionadh, mar sin, go raibh muintir Luimnigh ag tógáil raice i rith mhí Dheireadh Fómhair agus go ndeachaigh 10,000 acu amach ar na sráideanna mar agóid i gcoinne chinneadh Aer Lingus deireadh a chur lena eitiltí idir an tSionainn agus Aerfort Heathrow.
ag tógáil raice kicking up a fuss
" Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola.
raic fuss
"raic i Nua-Eabhrac faoi láthair mar gheall ar chás cúirte a bhí ar siúl le déanaí in Queens, ceann amháin de na cúig bhailecheantar i gCathair Nua-Eabhrac.
Tógadh raic a great fuss was made
" Tógadh raic nuair a fuarthas amach gur athraigh an tAire Conor Murphy an téarma “Northern Ireland” go "The North" sa tuarascáil.