Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-ghafa very busy
" Í réchúiseach fáilteach, cé gur léir go raibh sí an-ghafa.
nuair a gabhadh é when he was caught
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
Gabhadh mo mhéar my finger was caught (stuck)
" "Gabhadh mo mhéar idir an dhá chrata," arsa Áine.
gabhadh Albánach fir an Albanian man was arrested
" I ndiaidh tamaill, gabhadh Albánach fir a bhí díreach cosúil le duine de na fir a ndearna Erika cur síos air.
gabhadh é he was arrested
" Ach ar fhilleadh chuig a bheairic féin in Áth Luain dó, gabhadh é agus tugadh ar ais go Baile Átha Cliath é, áit, de réir de Róiste, ar deineadh diancheistiú air.
is ar éigean a gabhadh duine ar bith hardly anyone was caught
" Ach sa tréimhse uilig, is ar éigean a gabhadh duine ar bith.
ghabh na Sasanaigh é the English captured him
" Uair dá raibh Aodh Rua Ó Domhnaill ag tabhairt cuairte ar chlann Mhic Shuibhne, ghabh na Sasanaigh é agus chuir siad i bpríosún i mBaile Átha Cliath é.
nuair a gabhadh é when he was arrested
" Óglach sé bliana déag d'aois ab ea Behan nuair a gabhadh é i Learpholl i 1939 agus buama ina sheilbh aige.
gafa held up
" Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne.
nuair a gabhadh iad when they were caught
" Go gairid ina dhiaidh sin, ligeadh saor na Fíníní a bhí fós sa bpríosún ach amháin an dream a bhí in arm na Breataine nuair a gabhadh iad.
gabh i gceann na mballaí set about the walls
" "Tabhair leat scuab mhór agus gabh i gceann na mballaí.
Ghabh RTÉ leithscéal RTÉ apologised
" Ghabh RTÉ leithscéal agus d'admhaigh go rabhadar go hiomlán mícheart.
Gabhaim pardún agat I apologise
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
gafa taken
" A lán acu, an chuid is mó, b'fhéidir, ní thuigeann siad aon rud eile ach an spórt lena bhfuil siad gafa.
gafa go hiomlán leis totally taken with
" "Tá mise gafa go hiomlán leis an cheol traidisiúnta - tá a fhios agam sin anois agus ní fiú a bheith á throid!" Ag breathnú siar ar Choláiste Cholm Cille, áit a bhfuair sé a chuid oideachais dara leibhéal, tugann sé ardmholadh do na múinteoirí agus do na daltaí a bhí sa scoil.
do-ghafa impregnable
" Tá sé deacair ciall a bhaint as na híomhánna agus, dá bhrí sin, fanann siad do-ghafa.
ghabh na Gardaí the Gardaí arrested
" Níos lú ná dhá bhliain roimh an eachtra seo, ar an 3 Deireadh Fómhair 1968, ghabh na Gardaí an tUasal Doyle agus an tUasal O'Neil.
ró-ghafa to busy
" Gan mórán oibrithe deonacha a bheith ar fáil - iad siúd atá ann táid ró-ghafa.
gafa leis an bpolaitíocht caught up in the politics
" Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.
iontach gafa leis very taken with
" Is caitheamh aimsire é seo a bhfuil na *Parisiens* iontach gafa leis.
gafa leis an ghnó seo involved in this business
" " Bhí cuma éirimiúil uirthi, mar sin chuir mé an cheist uirthi a mbeifeá ag súil léi: "Cad é mar a d'éirigh tú gafa leis an ghnó seo?" "B'oifigeach preasa mé le cumann carthanachta do lucht scitsifréine," a dúirt sí, "ansin bhuail mé leis an fhear seo.
na daoine a gabhadh the people who were arrested
" Lean ráiteas ó na Gardaí ag rá gur bhain na daoine a gabhadh i gCorcaigh – agus airgead Sasanach ina seilbh – le fáinne sciúrtha airgid de chuid ghluaiseacht na poblachta.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
a gabhadh who were arrested
" Is cosúil gur de thoradh ar chomhoibriú idir na Australian Federal Police (AFP) agus póilíní na hIndinéise a gabhadh iad.
sula ngabhfaí iad before they were arrested
" Chomh luath is a dúradh é sin, thosaigh roinnt mhaith daoine san Astráil ag cáineadh an AFP, ag rá gur chóir ligean dóibh siúd a bhí ar an eitleán a theacht go Sydney sula ngabhfaí iad.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
gafa le Gaeilge taken up with Irish
" “Féachann go leor i gConamara orm mar dhuine atá gafa le Gaeilge, nach bhfuil spéis aige in aon rud eile.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
ghabh siad leithscéal they apologised
" Creidtear gur mharaigh an IRA é; ghabh siad leithscéal as dúnmharú Kathleen Feeney i nDoire i 1973, nuair a scaoil ball de chuid an IRA í le linn ionsaí ar Arm na Breataine.
Gabh i leith! Come here!
" Gabh i leith!Come here! i bhfolach sna sceachahidden in the bushes ag insint na fírinnetelling the truth nach gcorróidh duitwhich won't move for you préacháincrows ag géarúintensifying tochtemoti
gafa léi taken with it
" Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi.
Gabh i leith! Come here!
" Gabh i leith!Come here! i bhfolach sna sceachahidden in the bushes ag insint na fírinnetelling the truth nach gcorróidh duitwhich won't move for you préacháincrows ag géarúintensifying tochtemoti
a gabhadh le Brian who was arrested with Brian
" Ach, de réir buachalla eile a gabhadh le Brian ag an am, Anthony O’Sullivan, ba é an t-aon rud a bhí ag cur as do Bhrian de thairbhe an bhascaithe, sular gabhadh é, ná an phian a thagann ó dhá shúil dhubha.
a gabhadh le Brian who was arrested with Brian
" Ach, de réir buachalla eile a gabhadh le Brian ag an am, Anthony O’Sullivan, ba é an t-aon rud a bhí ag cur as do Bhrian de thairbhe an bhascaithe, sular gabhadh é, ná an phian a thagann ó dhá shúil dhubha.
Ghabh siad leithscéal leis they apologised to him
" D’inis mé dó cad é a tharla dom agus chuir sé ceist ar na bairdéirí go feargach: “Is this true?” Ghabh siad leithscéal leis, dúirt nach raibh locht ar bith orthusan agus chuir siad an milleán ar “the security people”.
gabhadh iad sa chlós they were caught in the yard
" In éineacht le Paul Norney, Eddie O’Neil agus Eddie Byrne, rinne Ronnie iarracht éalú ó Wormwood Scrubs i 1977 ach gabhadh iad sa chlós.
nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair when the Nazis captured Austria
" Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
gafa agus an-ghafa caught up in and very caught up in
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
gafa idir dhá thine Bhealtaine caught in the horns of a dilemma
" Bhí fir “dheasa” Fhianna Fáil – Desmond-in-the-national-interest-O’Malley, Seamus Brennan, Ben Briscoe, agus ó am go chéile, Charlie McCreevy – gafa idir dhá thine Bhealtaine.
gafa le sacar into soccer
" Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar.
ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá from suspects that are captured in America
" Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear.
ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath they won't be treated any better if they're caught in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
os cionn guail ghabha, over charcoals,
" Thaispeáin sí dúinn conas *nshima* a dhéanamh i gceart, os cionn guail ghabha, agus bhronn sí *chitenge* - sciorta traidisiúnta mhná na Saimbia – orainn.
gafa caught
" Uair eile bhí mé gafa in eastát tithíochta dechuid na ndílseoirí agus círéib ar siúl.
Ghabh Geldof buíochas leis an slua Geldof thanked the crowd
" Ghabh Geldof buíochas leis an slua as ucht na ndeich mbliana roimhe sin agus d’fhág an stáitse.
go dtí gur gabhadh é until he was caught
" Throid sé sa Spáinn go dtí gur gabhadh é i mí an Mhárta 1938.
áit ar gabhadh é where he was arrested
" Bhog sé go Dún Dealgan i 1983, áit ar gabhadh é i mí Lúnasa 1984 agus gunna ina sheilbh aige, tar éis tóraíocht charr.
Gabhaim leithscéal. I apologise.
gafa trapped
" Nuair a bhíonn ceo ann, mothaíonn tú go bhfuil tú gafa sa ghleann, agus sin mar a bhí sé an chéad cheithre lá agus sinne ansin.
gafa le healaín an cheoil taken up with the art of music
" Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol ar fad gafa le healaín an cheoil a ríomh? Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol iomlán ag seinnt le roinnt de na bannaí is tábhachtaí i stair cheol traidisiúnta na hÉireann a ríomh? Ní féidir, dar ndóigh, agus mar a dúras do theip go hiomlán ar an gclár.
Gabhfaidh mé amach an doras cúil. I'll go out the back door.
" (*Ag dul amach an doras cúil*) Gabhfaidh mé amach an doras cúil.
gafa go hiomlán totally tied up
" Bhí sé ar saoire lena chlann agus gafa go hiomlán ó thaobh ama de.
de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal because Ahern is very tied up with the scandal
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
gafa taken
" AÓF: An bhfuil aon amhrán Béarla cloiste agat ba mhaith leat a fhoghlaim? LMacM: Tá mé gafa ag cúpla ceann acu le déanaí, go háirithe amhráin an tuaiscirt - "Craigie Hill", mar shampla.
go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí. that the other team would go on the attack.
" Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
go huile is go hiomlán gafa totally and utterly taken up with
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
gafa leis an obair taken up with the work
" Bhí an lá breá gruama nuair a d’éirigh mé, ach ní raibh agam ach cúpla uair an chloig sula mbeinn gafa leis an obair a bhí le déanamh agam sa Ghearmáin.
go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. that they are very busy with the various problems which have come up recently
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
intinn gafa leis an phaisean the mind concentrated on the passion
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
Ghabh sé leithscéal leo he apologised to them
" Ghabh sé leithscéal leo blianta fada ina dhiaidh sin, ach níl aon dul as ach gur bhain sé sochar polaitiúil as an méid a dúirt sé i 1988 ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin.
gafa absorbed
" Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air.
gabhadh Yague Yague was arrested
" Ansin, ag tús 2006, gabhadh Yague agus leasmhéara Marbella.
gabhadh leithscéal le Gerry Adams! Gerry Adams was issued with an apology!
" Cén tionchar a bhí ag alt Squinter? Baineadh an t-alt de shuíomh gréasáin an *Andersonstown News* agus gabhadh leithscéal le Gerry Adams! The Andersonstown News accepts that the tone and the timing of the Squinter article last week, during a period of community mourning, was inappropriate and unnecessary and apologises to Gerry Adams and our readers for any hurt caused – Ed.
a gabhadh, who were arrested,
" Agóidí poiblíI measc na ndaoine a gabhadh, bhí Tame Iti.
gafa arrested
" Níl duine ar bith gafa ag Merseyside Police faoin am seo – deireadh mhí na Bealtaine – agus an t-alt seo á scríobh agam.
cén fáth nár gabhadh duine ar bith why nobody was arrested
" D’fhiafraigh mé de cén fáth nár gabhadh duine ar bith agus dúirt sé liom: "*It was out of order, but we had depleted numbers on duty.
Gabhaigí ar bhur nglúine go on your knees
" Théadh duine inteacht amach agus scairteadh ag doirse mhuintir na háite, “Gabhaigí ar bhur nglúine agus fosclaigí bhur súile agus ligigí isteach Bríd.
gafa arrested
" Mar sin féin, faoin am gur tháinig deireadh leis an gcorraíl, bhí thart ar 9000 carr dóite, os cionn céad foirgneamh poiblí curtha trí thine (scoileanna, hallaí spóirt agus ionaid fhostaiochta) agus beagnach 3000 duine gafa ag na póilíní.
gabhadh triúr three were arrested
" Go gairid tar éis na n- ionsaithe gabhadh triúr ball den eagraíocht seo, Muklas bin Nurhasyim, a dheartháir, Amrozi, agus Imam Samudra.
gafa stuck/ caught
" Cad a deir tuistí lena bpásiti anois? Nó cad a deir tuistí lena chéile anois agus níos mó agus níos mó am á chaitheamh againn gafa ós comhair scáileán an ríomhaire.
cuma ghafa go millteanach orm I seem to be terribly caught up
" Tá a fhios agam go bhfuil cuma ghafa go millteanach orm fá rudaí tríú leibhéal, ach tá dearcadh iomlán eile agam agus mé ar ais tar éis fiche bliain agus mothaím go gcaithfidh mé a inse do dhaoine.
gafa caught up (with)
" Ní raibh an tsláinte rómhaith ag m’athair agus bhíodh mo mháthair gafa i gcónaí le páiste óg.
agus a ngabhann leis and all that pertains to it
" Is sinne a ndéanfaimid Ní as an aer mar sin an ailtireacht agus a ngabhann leis, an mhargaíocht agus a ngabhann leis, ná na gnéithe daonna éagsúla eile agus gach a ngabhann leo.
gabhadh é he was arrested
" Trí lá dar gcionn, tar éis cuardach ollmhór a tuairiscíodh go fairsing sna meáin, gabhadh é ag láthair campála tar éis do na póilíní éirí amhrasach go raibh sé ag iarraidh a bhás a fhalsú.
gafa in the grip of
" Cé nach bhfuil an tír ag brath ar ghás na Rúise, tá sí fós gafa ag breoslaí iontaise go ginearálta.
Gabhadh was arrested
" Gabhadh Vicious ach fuair sé féin bás go luath ina dhiaidh de ródháileog hearóin.
gabhadh was arrested
" Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
Gabhadh was arrested
" Gabhadh an té a tháinig i dtír gan chead.
Ghabh captured
" Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile an bád ar 15 Aibreán, chomh luath is a tháinig sé taobh istigh dár gcuid uisce teorann.
Gabhadh were captured
" Gabhadh agus tugadh ar láimh don CIA go leor daoine neamhurchóideacha agus cuireadh ar longa SAM amach ó chósta na Somáile iad le haghaidh ‘ceistiúcháin.
gafa le caught up with
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
ghabh arrested
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
gafa caught up
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
ghabh captured
" D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair.
ngabhann leis it entails
" Ceann de na gnéithe is fearr liom faoi na laethanta saoire ná an deis an gnáthsaol laethúil agus ualach an tsaoil mhóir sin agus a ngabhann leis a fhágáil i mo dhiaidh.
Gabhadh was arrested
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
gafa concerned, caught up
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
gafa occupied
" com/lucy_montgomery/) Ach s’iad na Seapánaigh go háirithe – 50,000 acu sa bhliain le bheith beacht – atá chomh gafa léi go bhfuil taispeántas fúithi i dTóiceo i mbliana.
gafa in a relationship
" (Dáithí ag gáire) An bhfuilir gafa nó scaoilte fé láthair? DÓS: Táim scaoilte.
gafa restrained
" ‘Ba mhaith liom go mbeadh daoine in ann dul i dteagmháil le saothar ealaíne gan a bheith gafa ag an smaoineamh go bhfuil luach ceithre mhilliún punt air.
gafa caught
" Is ar a bealach chun na bhFlaitheas atá Saoirse Ronan ar feadh dhá dtrian den scannán, í gafa leath bealaigh idir neamh agus talamh, í fós ag iarraidh a bheith rannpháirteach lena teaghlach, ach scartha uathu ar ndóighin; í fós ag iarraidh a Daid a threorú chun rún an dúnmharfóra a scaoileadh; í fós scriosta le cumha mar nach mblaisfidh sí riamh anois an chéad phóg sin a bhí geallta lena grágheal sa suntasán ar an Mall.
chríoch ghafa occupied territories
" 2 billiún de tháirgí “slándála” a bhí tástáilte ar Phalaistínigh sa chríoch ghafa.
gafa caught up
" Tá aithne agam ar fhear an tí anois san áit a dtéim agus mura mbíonn sé gafa ag cúrsaí, caithimid seal ag caint faoi chúrsaí spóirt nó ag trácht ar an aimsir.
saol a ghabh leis everything pertaining to it
gabhadh were arrested
" Gortaíodh 90 duine agus gabhadh 118.
gabhadh were captured
" Cuireadh go mór leis an ionsaí seo nuair a tháinig an-bhorradh faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile i mbliana.
gafa captured, restrained
" Ach má fhéachann tú ort mar neach ar leith tá tú gafa ansin.
gafa caught
" Tá Haru gafa idir dhá thine Bhealtaine – an grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa lá atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid.
ghabhann thar bráid passes by
" Do M’oide ==== Seanuaigh i bhfolach ag bun cnoic thréigthe, fiaile uaibhreach nach nglantar ó bhliain go a chéile, níl éinne fágtha chun freastal ar an tuama, is ní ghabhann thar bráid ach corrghearrthóir crann.