Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gach aon phioc every bit
" Níl sé seo amhlaidh d'fhonn is go bhféadfadh an Ghaeilge dul leis an nua-aimsear; tá an Ghaeilge gach aon phioc chomh nua-aimseartha is atá aon teanga eile atá á labhairt, mar gach aon rud atá sa saol atá inniu ann, tá sé á phlé go nádúrtha ag cainteoirí na teangan.
gach n-aon dár n-áitreabhaigh all of our inhabitants
" Ó thaobh na feirmeoireachta de, tá titim ana-mhór i líon na ndaoine atá ag brath ar an dtalamh mar shlí bheatha agus tá tamall ann ó bhí an fheirmeoireacht ag cur aráin i mbéalaibh gach n-aon dár n-áitreabhaigh.
chóir a bheith gach aon rud nearly everything
" Nuair a tharla na tuilte, chaill mé chóir a bheith gach aon rud.
gach aon ghort every single field
" Théimis suas ar Shliabh an Iolair agus bhíodh sé ag múineadh ainmneacha Gaelainne na mbláthanna dúinn agus na hainmneacha a bhí ar gach aon ghort, na logainmneacha.
ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine he would name every single person
" Agus thagadh sé isteach an dara lá agus ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin.
gach aon saghas foirgnimh all kinds of buildings
" Bíonn na mílte dráma agus seó grinn *stand-up* ar siúl, agus baintear úsáid as gach aon saghas foirgnimh mar ionaid, neart eaglaisí agus coláistí ina measc.
gach aon eitilt every single flight
" (Agus sin dul chun cinn – go dtí 1993, ba ghá do gach aon eitilt idir Baile Átha Cliath agus Meiriceá stopadh sa tSionainn.
gach aon chéimí every single graduate
" Siúr téann gach aon chéimí sa tír ag sciáil uair sa bhliain ar a laghad anois, ach ní gach lá a fhaigheann bean deich ndearbhán breise leis na *Corn Flakes*.
gach aon duine fá scread asail dínn everyone within a stone's throw of us
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
gach aon bhlúire every single fragment
" ” “Cinnte,” arsa mise, agus fios agam go mbeadh muid ag iniúchadh gach nóta, leathnóta agus gach aon bhlúire fuaime! Isteach linn sa phíosa ceoil.
ceol de gach aon saghas. music of every sort
" Ach má théann tú isteach in aon chaife dá gcuid, bíonn ceol á sheinnt sa chúlra an t-am ar fad – ní hamháin ceol de chuid Mitchell agus McCartney, ach ceol de gach aon saghas.
duine amháin as gach aon dalta dhéag one in eleven pupils
" (Paragraf 8) I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh sé thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí.
gach aon ní absolutely everything
" Tá margaí ó thaobh bronntanais agus do gach aon ní don bhféile idir bhia agus dheoch ar fáil.
gach aon ní a roinnt to share everything
" Agus ar ndóigh tá na feidhmchláiríní ar fad comhtháite leis na gréasáin sóisialta, rud a ligeann duit gach aon ní a roinnt gan stró.
gach aon srann agus broim every snore and fart
" Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad á sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
tá gach aon dealramh ar an scéal gurb it really appears as though
" Déarfadh Comhairle Chontae Dhún na nGall nach bhfuil siad ach ag iarraidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a shaothrú, ach tá gach aon dealramh ar an scéal gurb é an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín.
gach aon neach everyone, everything
" Is minic go mbíonn an caidreamh idir na Minds agus na daoine an-ghreannmhar freisin agus tá sé mar phríomhchuspóir ag gach aon neach sa tsibhialtacht seo, cuma más duine, “*mind*” nó rud eile in iomlán iad, an chraic a bheith acu thar aon ní eile.
bhí orainn gach aon ní a chló amach we had to print out everything
" Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna.
faoi gach aon ní a bhaineann leis about everything pertaining to
" An Bhuanseasmhacht Thar Aon Ní ============== Ní leor smaoineamh maith faoi tháirge nó faoi sheirbhís: caithfear a bheith nuálach faoi gach aon ní a bhaineann leis an táirge.
gach aon ní is féidir everything possible
" htm) An bhFuil Luibh nó Leigheas in Aghaidh an Bháis? ================= An rud ioróineach faoi bás Weizenbaum ná go bhfuil Kurzweil ag déanamh gach aon ní is féidir leis chun a shaol a fhadú i dtreo neamhbhásmhaireacht.
gach aon bhall every single member
" Webber, a fheicfear an t-ardú suntasach seo ó thaobh fadhbanna murtaill ach ag gach aon bhall de na 53 tír.