Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scaoilimis gach uile ní uainn we'd cast everything aside
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
gach uile smaoineamh every single idea
" Ní hé gur éirigh le gach uile smaoineamh de chuid an choiste ón tús, ach tá mé cinnte de nár shíl siad go mbeimis san áit a bhfuil muid sa lá atá inniu ann, agus muid ábalta mórfhorbairtí i saol na Gaeilge i mBéal Feirste a bhaint amach.
cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh an archive of every CD ever released
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
gach uile dhán every single poem
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
Ach oiread le gach uile just like every other
" Ach oiread le gach uile Chorcaíoch cathrach, tá cur amach agam ar thinte cnámh na Féile Eoin.
saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach a free city which gave its keys to every citizen
" Ar feadh cúpla uair le linn na hoíche sin, Freistadt ab ea Cathair Chorcaí, saorchathair a thug a cuid eochracha do gach uile shaoránach ionas go bhféadfaidís aithne níos fearr a chur ar an bhfód dúchais.
i mórán gach uile bhaile in almost every town
" Tá gréasán maith scoileanna teangan i mórán gach uile bhaile sa tír a dhéanann an obair theagaisc, rud a chuidíonn le leithéidí Jean-Laurent agus a bhean titim isteach le saol na tíre.
ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo knocking on the doors of Europe every day
" Tá na mílte eile mar iad ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo.
gach uile ghné de all aspects of
" Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge.
Is linne gach uile bhraon we own every single drop
"Is linne gach uile bhraon d’uisce in Éirinn anois, fiú uisce na farraige a thagann i dtír agus uisce na díleann a thiteann anuas ón spéir orainn.
gach uile smaoineamh fánach every single random thought
" Céard faoi gach uile smaoineamh fánach atá roinnte ag ár ‘gcairde’ ar *Facebook, Twitter, LinkedIn* srl? Braithim uaireanta go bhfuil rud éigin as riocht agus go bhfuil réiteach de dhíth orainn.
Guím gach uile rath ar wish every success to
" Guím gach uile rath ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, ar fhoireann Tuairisc.