Pota Focal Intergaelic
gabh | gada | gaf | gaff | gala | grafa
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
gafa held up
" Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne.
gafa taken
" A lán acu, an chuid is mó, b'fhéidir, ní thuigeann siad aon rud eile ach an spórt lena bhfuil siad gafa.
gafa go hiomlán leis totally taken with
" "Tá mise gafa go hiomlán leis an cheol traidisiúnta - tá a fhios agam sin anois agus ní fiú a bheith á throid!" Ag breathnú siar ar Choláiste Cholm Cille, áit a bhfuair sé a chuid oideachais dara leibhéal, tugann sé ardmholadh do na múinteoirí agus do na daltaí a bhí sa scoil.
gafa leis an bpolaitíocht caught up in the politics
" Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.
iontach gafa leis very taken with
" Is caitheamh aimsire é seo a bhfuil na *Parisiens* iontach gafa leis.
gafa leis an ghnó seo involved in this business
" " Bhí cuma éirimiúil uirthi, mar sin chuir mé an cheist uirthi a mbeifeá ag súil léi: "Cad é mar a d'éirigh tú gafa leis an ghnó seo?" "B'oifigeach preasa mé le cumann carthanachta do lucht scitsifréine," a dúirt sí, "ansin bhuail mé leis an fhear seo.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
gafa le Gaeilge taken up with Irish
" “Féachann go leor i gConamara orm mar dhuine atá gafa le Gaeilge, nach bhfuil spéis aige in aon rud eile.
gafa lena hoidhreacht taken with its heritage
" Cathair atá saortha ón stair, ach fós gafa lena hoidhreacht.
gafa léi taken with it
" Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi.
gafa agus an-ghafa caught up in and very caught up in
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
gafa idir dhá thine Bhealtaine caught in the horns of a dilemma
" Bhí fir “dheasa” Fhianna Fáil – Desmond-in-the-national-interest-O’Malley, Seamus Brennan, Ben Briscoe, agus ó am go chéile, Charlie McCreevy – gafa idir dhá thine Bhealtaine.
gafa le sacar into soccer
" Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar.
gafa caught
" Uair eile bhí mé gafa in eastát tithíochta dechuid na ndílseoirí agus círéib ar siúl.
gafa trapped
" Nuair a bhíonn ceo ann, mothaíonn tú go bhfuil tú gafa sa ghleann, agus sin mar a bhí sé an chéad cheithre lá agus sinne ansin.
gafa le healaín an cheoil taken up with the art of music
" Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol ar fad gafa le healaín an cheoil a ríomh? Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol iomlán ag seinnt le roinnt de na bannaí is tábhachtaí i stair cheol traidisiúnta na hÉireann a ríomh? Ní féidir, dar ndóigh, agus mar a dúras do theip go hiomlán ar an gclár.
gafa go hiomlán totally tied up
" Bhí sé ar saoire lena chlann agus gafa go hiomlán ó thaobh ama de.
gafa taken
" AÓF: An bhfuil aon amhrán Béarla cloiste agat ba mhaith leat a fhoghlaim? LMacM: Tá mé gafa ag cúpla ceann acu le déanaí, go háirithe amhráin an tuaiscirt - "Craigie Hill", mar shampla.
go huile is go hiomlán gafa totally and utterly taken up with
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
gafa leis an obair taken up with the work
" Bhí an lá breá gruama nuair a d’éirigh mé, ach ní raibh agam ach cúpla uair an chloig sula mbeinn gafa leis an obair a bhí le déanamh agam sa Ghearmáin.
intinn gafa leis an phaisean the mind concentrated on the passion
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
gafa absorbed
" Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air.
gafa arrested
" Níl duine ar bith gafa ag Merseyside Police faoin am seo – deireadh mhí na Bealtaine – agus an t-alt seo á scríobh agam.
gafa arrested
" Mar sin féin, faoin am gur tháinig deireadh leis an gcorraíl, bhí thart ar 9000 carr dóite, os cionn céad foirgneamh poiblí curtha trí thine (scoileanna, hallaí spóirt agus ionaid fhostaiochta) agus beagnach 3000 duine gafa ag na póilíní.
gafa stuck/ caught
" Cad a deir tuistí lena bpásiti anois? Nó cad a deir tuistí lena chéile anois agus níos mó agus níos mó am á chaitheamh againn gafa ós comhair scáileán an ríomhaire.
gafa caught up (with)
" Ní raibh an tsláinte rómhaith ag m’athair agus bhíodh mo mháthair gafa i gcónaí le páiste óg.
gafa in the grip of
" Cé nach bhfuil an tír ag brath ar ghás na Rúise, tá sí fós gafa ag breoslaí iontaise go ginearálta.
gafa le caught up with
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
gafa caught up
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
gafa concerned, caught up
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
gafa occupied
" com/lucy_montgomery/) Ach s’iad na Seapánaigh go háirithe – 50,000 acu sa bhliain le bheith beacht – atá chomh gafa léi go bhfuil taispeántas fúithi i dTóiceo i mbliana.
gafa in a relationship
" (Dáithí ag gáire) An bhfuilir gafa nó scaoilte fé láthair? DÓS: Táim scaoilte.
gafa restrained
" ‘Ba mhaith liom go mbeadh daoine in ann dul i dteagmháil le saothar ealaíne gan a bheith gafa ag an smaoineamh go bhfuil luach ceithre mhilliún punt air.
gafa caught
" Is ar a bealach chun na bhFlaitheas atá Saoirse Ronan ar feadh dhá dtrian den scannán, í gafa leath bealaigh idir neamh agus talamh, í fós ag iarraidh a bheith rannpháirteach lena teaghlach, ach scartha uathu ar ndóighin; í fós ag iarraidh a Daid a threorú chun rún an dúnmharfóra a scaoileadh; í fós scriosta le cumha mar nach mblaisfidh sí riamh anois an chéad phóg sin a bhí geallta lena grágheal sa suntasán ar an Mall.
gafa caught up
" Tá aithne agam ar fhear an tí anois san áit a dtéim agus mura mbíonn sé gafa ag cúrsaí, caithimid seal ag caint faoi chúrsaí spóirt nó ag trácht ar an aimsir.
gafa captured, restrained
" Ach má fhéachann tú ort mar neach ar leith tá tú gafa ansin.
gafa caught
" Tá Haru gafa idir dhá thine Bhealtaine – an grá aonghnéis atá fuascailteach di, ach gur sárú sóisialta é an grá céanna, fiú sa lá atá inniu ann, sa tsochaí thraidisiúnta ina mairid.
thailte gafa ‘occupied’ lands
" ” Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
gafa le caught up/engaged with
" ” Níor cheart do dhaoine, óg nó aosta, a cheapadh nach fiú a bheith gafa le ceisteanna dá sórt nó nach féidir linn aon ní a dhéanamh fúthu.
gafa leis caught up in
" Bhí mo sheanathair gafa leis an bhfeachtas seo agus chuaigh sé chuig cruinniú i gCorcaigh ag ceapadh gur cruinniú faoi chúrsaí airgid a bheadh sé, ach tharla gur faoi chúrsaí teanga a bhí sé.
gafa le engaged with
" Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu.
gafa arrested
" D’imigh dlíodóir Ai Weiwei as amharc ar feadh cúig lá i ndiaidh dó a bheith gafa agus faoi láthair níl dlíodóir ar bith eile aige le huiríoll a dhéanamh ar a shon.
gafa idir dhá thine Bealtaine caught in a predicament
" Í gafa idir dhá thine Bealtaine, cliseann Mija ar Mr.
Gafa go Mór greatly engaged
" Gafa go Mór ===== Tá a shaol féin bunaithe den chuid is mó ar leadóg.
gafa le caught up in
" Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí.
gafa caught up
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
gafa le engaged in
" Ní rud neamhchoitianta é i gcás daoine atá gafa le spórt thar thréimhse ama, go mbraitheann siad faoiseamh, frithbhuaic fiú, thar aon bhrath eile nuair atá an turas tagtha chun chríche.
iad gafa idir they being caught between
" Tá Críostaithe na Siria, lena n-áirítear na sainchreidimh Chríostaí is sine ar domhan, i gcruachás ceart, iad gafa idir fhórsaí an fhreasúra agus arm na Siria.
gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach entirely preoccupied with the Islamic world
" De bhrí go raibh an tUachtarán Bush gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach, níor léirigh sé mórán spéise ina sean-namhaid – iar-Chumannaigh na Síne agus na Rúise.
a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa who expected information on occupied lands
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.
lanúin atá gafa a couple preoccupied
" Tugann an Pléimeannach, Marinus van Reyerswaele, léargas eile dúinn ar chruachás baincéara ina shaothar, Iasachtóir Airgid lena Bhean, ina bhfeiceann muid lanúin atá gafa lena gcuid airgid agus sa chúlra, mar chomhartha go bhfuil a n-anamacha i mbaol, tá coinneal múchta ann.
in áit a bheith gafa ag rather than be occupied with
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
gafa leis an engrossed in
" Is cuimhin leis “go raibh sé gafa leis an spórt, d’imir sé ar chaighdeán ard agus gur bhreá leis a bheith i gcomhluadar na foirne.
go huile is go hiomlán gafa leis captivated entirely with it
" Ó shin i leith tá na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis.
gafa le dream darb ainm involved with a group
" Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
bhíos gafa le I was caught up with
" Taobh amuigh d’uaireanta oibre, bhíos gafa le hobair Chearta Síbhialta na Gaeltachta ar fud Conamara.
a críocha gafa its occupied lands
" Ní hionann is atarraingt airm na Róimhe ar ais as a críocha gafa thar na céadta bliain, d’fhéadfadh titim ó chumhacht impireachtaí ár linne féin a bheith iontach gasta.
go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán I’m completely captivated
" Níl aon amhras ach go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán ag an teicneolaíocht.
Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa six members of an ethnic group captured
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin caught up with short term matters at election time
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana progressed as a team this year
" Measaim go mbuafaidh Maigh Eo ar Dhún na nGall toisc go bhfuil siad níos fearr ag aimsiú na scóranna agus go bhfuil siad gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana fad is atá Dún na nGall imithe ar gcúl de réir cosúlachta.
gafa le hobair eile caught up in other work
" Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc.
a bhíonn gafa in eangach pollta who are caught in the torn net
" " Eangach na polaitíochta ========== Téama coitianta ina chaint é an gá atá ann freastal ceart a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí óga, idir lucht Choláiste Lurgan féin agus na gnáthscoláirí bochta a bhíonn gafa in eangach pollta na Gaeilge ar an dara leibhéal.
gafa i gcónaí leis always caught up in
" Táimid ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti.
agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha as we’re caught fast in its nets
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.
daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach talented people caught in boring jobs
" Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
gafa le tae agus gafa hard to please
" Tá Balor gafa le tae agus gafa gan é ag trácht ar an Aire Éadóchais, ar Bhanríon na hÉireann agus ar an Norriseach, Davidus, Seanóir Choláiste na Trioblóide.