Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diomaite de thréimhsí gairide apart from short periods
" Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.
le linn cuairte gairide during a short visit
" Moltaí ======= Bheadh sé dodhéanta triall ar gach rud atá le feiceáil sa chathair ghalánta seo le linn cuairte gairide agus, mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú liosta tosaíochtaí a dhéanamh roimh ré – rudaí nach féidir an chathair a fhágáil gan iad a fheiceáil – le pleanáil do chuairte a dhéanamh níos fusa.
i bhfoirm iontrála gairide in the form of a short entry
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
i bhfoirm iontrála gairide in the form of a short entry
" Foilsítear eolas nua ar bhlag i bhfoirm iontrála gairide agus taispeántar na hiontrálacha ar fad i liosta fada – beagáinín cosúil le dialann leictreonach (bíonn an iontráil is nua ag an mbarr).
roinnt fógraí gairide some short advertisements
" Má theastaíonn uait breathnú ar na cláracha atá ar shuíomh ABC caithfidh tú féachaint ar roinnt fógraí gairide atá curtha isteach i lár na gcláracha.
ar nós na coimhlinte gairide such as the short conflict
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
gairide short
" Scríobhtar teachtaireachtaí gairide mar théacs nó ó fheidhmchlár *iPhone*, *Android*, nó is féidir suíomh soghluaiste *Foursquare* a úsáid ar aon ghuthán le brabhsálaí air (m.
Gaolta Gairide close relations
" Duaiseanna ====== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Sceon na Mara’ le Liam Ó Muirthile Nó: ‘Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.
blianta gairide ó shin a few years ago
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
cláracha gairide faisnéise a dhéanamh to make short documentaries
" com le cláracha gairide faisnéise a dhéanamh.
i ndiaidh na tréimhse gairide after the short spell
" ” Beidh an Giro ag pilleadh ar an Iodáil agus ag tosú an chéad cuid i nGiovinazzo i ndiaidh na tréimhse gairide in Éirinn.
blianta gairide dornálaíochta short space of time boxing
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.