Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chomórann gairmeacha áirithe which celebrate certain professions/occupations
" Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.
réimse leathan gairmeacha, a wide range of careers,
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha stimulating and worthwhile careers
" Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
ina gcuid gairmeacha. in their careers
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
sna gairmeacha. in the professions
" Ní hamháin sin, ach is iarrthóir tarraingteach é do liobrálaithe na gcathracha, go háirithe dóibh siúd sna gairmeacha.
gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha enjoyable challenging careers
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
gairmeacha professions
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
gairmeacha professions
" Adhlacóir, i measc gairmeacha eile, a bhí i Mícheál Ó Duibhir.
gairmeacha professional
" Leis an líon beag d’aisteoirí gairmeacha le Gaeilge atá ann, agus cuid mhór acu feicthe go minic cheana ar an scáileán, bhí an baol ann gur cosúil le radharc samhlaíoch as Ros na Rún a bheadh sa scannán seo.
iliomad gairmeacha innumerable professions
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
gairmeacha beatha professions
" Lig sé air féin go mba phíolóta aerlíne Pan Am é, go mba dhochtúir leighis é, go mba abhcóide é – i measc gairmeacha beatha eile.
ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha seeking names, addresses and professions
" Tá sí ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha na ndaoine a léirigh spéis i gcomhaltacht trí phróiseas poiblí a bhí á reáchtáil tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
gairmeacha éagsúla various professions
" Sílim go bhfuil ag éirí measartha maith le gairmeacha éagsúla, go háirithe i measc iad siúd a bhfuil cáilithe maith orthu, fad is atá rudaí deacair go leor ag daoine nach bhfuil oideachas maith nó oiliúint ar leith orthu.