Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan aon éirí in airde without any airs
" Is é lá breithe an Tiarna é, a rugadh i stábla gan aon éirí in airde agus d’iarr sé orainn bheith fial lena chéile.
gan aird a thabhairt orthu. not to pay attention to them.
" Tagann smaointe isteach i m’intinn ach déanaim iarracht gan aird a thabhairt orthu.
gan aird ar bith without any attention
" Bhí vótaí ag tuismitheoirí daltaí a bheas ag fágáil na scoile go luath i ndiaidh na hArdteiste ach gan aird ar bith tugtha ar thuairim tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí i mbunscoileanna an cheantair agus a bheas ag dul chun na Pobalscoile amach anseo.
Gan aird ar blindless to
" An Neamart Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair.
gan aird ar bith no notice
" Má ‘cailleadh’ airgead mór le déanaí i scéimeanna Ponzi nó i ngadaíocht (agus, dar fia, is curiarracht nua an méid a chaill Bernard Madoff), ní rud nua é, ach is suntasaí go mór chomh héasca agus a bhí sé le roinnt blianta anuas caimiléireacht airgeadais a dhéanamh gan aird ar bith an lucht rialaithe a tharraingt.
gan aird a thabhairt not to notice
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
gan mórán aird acu ar without much concern for
" Is náisiúnaithe / poblachtaigh b’fhéidir 80% de phobal na cathrach anois agus gan mórán aird acu ar ríochtaí aontachtaithe, ach tá mionlach aontachtach fós sa chathair agus is tábhachtach leis an chathair an mionlach sin a aithint agus féacháil lena dhlúthú leis an chuid eile den phobal.
Nárbh fhearr gan aird wouldn’t it be better not to pay attention
" Nárbh fhearr gan aird ar bith a thabhairt orthu?** Páidí: Ar léigh tusa stair na hÉireann riamh, a Bhaloir? An bhfuil scéal do shinsir ar eolas agat? Naomh Colm Cille, Pádraig Sairséal, Wolfe Tone, Dónall Ó Conaill agus Pádraig Mac Piarais a dúirt linn go neamhbhalbh ina gcuid scríbhinní gan ligean don lucht buí cos a chur ar thalamh naofa Ard Eoin.
gan aon aird a thabhairt ar without paying attention to
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
gan aird acu ar riachtanais teanga while disregarding linguistic needs
" Níor chaill Airdeall oiread is achomharc amháin os comhair an Bhord Pleanála maidir le scéimeanna tithe a bheith á gceadú ag Comhairlí Contae éagsúla gan aird acu ar riachtanais teanga sna coinníollacha.
gan aon aird ar oblivious to
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.