Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
gan olc a chur ar na Gael-Mheiriceánaigh without alienating the Irish-Americans
" ) Ní nach hionadh, díríonn Nixon agus a chomhghleacaí a gcuid fuinnimh ar an pholaitíocht chrua eitneach, agus iad ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhóigh le fanacht cairdiúil leis an Bhreatain gan olc a chur ar na Gael-Mheiriceánaigh.
Gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Gan fiacail a chur ann, níl cuma ná caoi ar Shlí an Iarthair.
gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh without taking into consideration your ability to repay
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
gan a ladar a chur sa scéal. not to interfere in the story.
" Tá rabhadh tugtha ag Bainimarama do thíortha eile an réigiúin gan a ladar a chur sa scéal.
Is deacair gan aontú leis an chur síos sin it's difficult not to agree with that argument
"Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn.
gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin. not to put all our eggs in one basket.
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
gan do bheatha féin a chur i mbaol. without putting your own life in danger
" Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann tú faoi ná measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol.
Gan a chur san áireamh not to mention
" Gan a chur san áireamh gur i gCeathrú Thaidhg amháin atá labhairt na Gaeilge de réir an taighde saineolais.
gan fiacal a chur ann straight out
" Deirtear, gan fiacal a chur ann, nach mbeidh an chéad ghlúin eile sa nGaeltacht ag úsáid na Gaeilge ‘mar theanga chumarsáide’ mura gcuirtear ‘cosaintí teanga dóthanacha’ ar fáil.
gan fiacal a chur ann without pulling his punches
" Ní hamháin sin ach dúirt sé, gan fiacal a chur ann, go bhfuil “gníomhaíochtaí tionsclaíocha an Údaráis tar éis cur go mór le húsáid an Bhéarla sa Ghaeltacht”.
chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór putting (a bet) that the game wouldn’t end scoreless
" Sna cluichí áirithe sin, ba ghnáthach liom an geall a chosaint tré €4 a chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór.
gan mórán stró a chur air féin effortlessly
" Is cosúil go bhfuil an dúchas go smior ann mar chumadóir a chumann as an nua go nádúrtha gan mórán stró a chur air féin agus ní rud éasca é an chumadóireacht! ‘Meiriceá’ ==== Is iomaí téama a bhíonn idir lámha ag an ghrúpa, an imirce ina measc agus labhraíonn sé faoin amhrán, Meiricea.
gan aon bhrú a chur ar an gcarr without stressing the car
" Ach mar gheall ar chruinneas an roth stiúrtha bhí mé in ann gach dochar a sheachaint gan aon bhrú a chur ar an gcarr.
gan an iomad béime a chur ar not to place too much emphasis on
" B’é Jackson an breitheamh a thug rabhadh dá chomhghleacaithe gan an iomad béime a chur ar fhoinsí stairiúla agus brí na bhforálacha éagsúla á lorg ag glúin eile.
an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm bringing into play the unexpected feat of skill sárimreoirí na haimsire atá thart the excellent players of former times
" Toradh na mí-oiliúna ná imreoirí nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh, an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm faoi mar a dheineadh sárimreoirí na haimsire atá thart - Best, Maradona, Pele, Cruijff is araile.
nach bhféadfá gan dúil a chur ann, who you couldn't help liking,
" Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.
gan srian ná smacht a chur air it must be unrestrained
" Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.