Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan dídean homeless
" Is é FI an eagraíocht is mó sa tír atá ag plé le daoine gan dídean: tá 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach.
gan dídean homeless
" Bíonn deacrachtaí aici ansin maidir le tithíocht agus airgead, agus fágtar ar na sráideanna í sa deireadh, gan dídean.
gan dídean homeless
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
dhaoine gan dídean the homeless
" Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men.
gan dídean homeless
" Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
an líon daoine gan dídean the number of homeless people
" Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
dhaoine gan dídean the homeless
" Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
gan dídean homeless
" " Fiafraím de Bourke an bhfuair sí léargas ina taighde ar Brennan ar an gcaoi a dtarlaíonn sé go dtagann duine ag pointe ina saol go bhfuil siad gan dídean.
dhaoine gan dídean the homeless
" "The Suaimhneas Project" an t-ainm atá ar thionscadal de chuid ICCM a thugann cuidiú do dhaoine gan dídean.
daoine gan dídean the homeless
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
gan dídean without a home
" MÁNAS: Ach smaointigh ar na daoine bochta gan dídean.
gan dídean homeless
" Ach tár éis 11 Meán Fómhair, d’fhéadfá a rá, go tobann, go raibh Wendy Bounds gan dídean.
gan dídean homeless
" Ní duine gan dídean a bhí san fhear sin ach duine a bhí ag baint úsáide as córas idirlín gan sreang” an fhoirgnimh – gan chead.
gan dídean homeless
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
gan dídean homeless
" An dtiocfadh? Páirtíocht: Thiocfadh liom cinnte, ach ní bheidh sí féin ná a teaghlach ná a cuid searbhóntaí uilig fágtha gan dídean.
do dhaoine gan dídean for homeless people
" Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh).
gan dídean homeless
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
a bhí gan dídean - who were homeless -
" “Ina dhiaidh sin, bhuail mé le hÉireannaigh - Gaeilgeoirí i Londain a bhí gan dídean - agus shíl mé gur feiniméan folaithe a bhí ann, go raibh glúin daoine nach labhraíonn muid orthu caillte againn.
daoine gan dídean homeless people
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
daoine gan dídean homeless people
" Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.
gan dídean with no shelter
" Thug sé ordú do gach aire dá pháirtí cuairt a thabhairt ar thearmainn do dhaoine gan dídean sular tháinig siad go dtí an príomhchathair, Canberra, le bheith páirteach sa rialtas nua.
gan dídean homeless
" Díothaíodh corradh is 1800 teach, fágadh timpeall ar 7000 duine gan dídean agus dódh 455,000 heicteár talún.
fear gan foscadh gan dídean a homeless man
" Chonaiceamar fear gan foscadh gan dídean ar thaobh an bhóthair a bhí ar an ordóg is stop m’athair an carr.
gan dídean homeless
" Meastar go bhfuil idir 600 agus 800 duine sans papiers gan dídean i mórcheantar Calais, an calafort is gaire don Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil pobail eile dídeanaithe i mbailte Cherbourg agus Zeebrugge na Beilge chomh maith.
gan dídean homeless
" Deir sé liom gur chaith sé deich lá i Londain uair amháin, nuair a bhí sé seacht déag, gan pingin, gan dídean agus nár fhill sé ó shoin.
gan dídean without shelter, homeless
" Maraíodh tuairim is 1400 duine, gortaíodh na mílte eile, fágadh na céadta míle duine gan dídean agus díothaíodh bonneagar na tíre.
gan dídean homeless
" Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine gan dídean.
gan dídean homeless
" "Muidne an 99%" an mana a bhí acu, ag tagairt don móramh sin de phobal Mheiriceá idir iad siúd gan dídean agus an dream atá bun os cionn sa morgáiste.
daoine gan dídean homeless people
" Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha.
dhaoine gan dídean homeless people
" “Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!” I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú.
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean talking about a night he spent with homeless people
" Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
an t-uisce gan dídean the water open to the elements
" Faoin am a raibh an stán ídithe, bhí an t-uisce gan dídean tagtha isteach i gcóras uisce an tí, ach ar a laghad ar bith, ní raibh leamhnacht radghníomhaíoch laethúil curtha trí mo cholainn sa mhullach air ar feadh achair éigin laethanta nó coicíse.
Gan Dídean without shelter
" An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries.
dhaoine gan dídean homeless people
" Ceapadh Pictiúir gan Chead =========== Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton, a bhaile dhúchais féin, i 2008.
faoin fáth a raibh sí gan dídean about why she was homeless
" B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus faoin fáth a raibh sí gan dídean.
an dream gan dídean the homeless people
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
na ndaoine gan dídean the homeless
" Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.
le daoine gan dídean with homeless people
" Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú.
gan dídean homeless
" Tá sí ag caitheamh súil san alt seo ar an tuairim choiteann i measc an phobail faoin dream daoine gan dídean agus ar an méid atá feicthe aici de 'shaol na sráide’.
gan dídean homeless
" Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.