Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Na Garbh Chriochan The Highlands
" Cleachtadh ======= Bhí mé féin ar ais i bhFrongoch tar éis na Nollag, ag sléibhteoireacht sa sneachta agus ag cleachtadh mo chuid scileanna geimhridh roimh mo thuras go dtí Na Garbh Chriochan in Albain.
i ndiaidh turais gharbh after a rough trip
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
i ndiaidh turais gharbh after a rough trip
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
i ngairmscoil gharbh in a tough vocational school
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
marcanna garbha scuaibe rough brush marks
" Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.
leasainmneacha garbha rough nicknames
" Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós *nigger* a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí.
Ruaigeadh go garbh as an eaglais é he was ejected roughly from the church
" Ruaigeadh go garbh as an eaglais é agus thiomáin sé an bóthar abhaile go mall uaigneach croíbhriste.
imirt gharbh a chosaint to defend rough play
" Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaint nó leithscéal a dhéanamh dó.
imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, to defend rough, dangerous play,
" Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach about the rough, brutal tactics of the Australians
" Mearbhall na nAstrálach An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
ró-gharbh, too rough
" Ní hé go bhfuil siad ró-gharbh, ach ní bheidh sí ábalta teacht orthu in Gaelspell agus beidh sí ag déanamh go bhfuil mise ag cumadh liom, seachas a bheith ag tuairisciú focal a d’úsáid bragaire bruíonach bradach brúiteach .
ar thalamh garbh, on rough land,
" Níl ach thart ar 600 ina gcónaí i sráidbhaile Rūātoki, ag bun na sléibhte Urewera, ar thalamh garbh, áit nach bhfuil glacadh ceart do ghutháin phóca.
Chodail muid sa bhrú garbh we slept in the rough hostel
" Chodail muid sa bhrú garbh tar éis céilí iontach sa chlub – bhí sé geal sula raibh muid inár luí.
roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! before the Garvaghy Road crises!
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
garbh rough
" Beagánín grástúil, beagánín garbh, beagánín gáifeach, beagáinín gasta, beagáinín grianmhar.
an-gharbh very rough
" Cogadh Craorag Cailleadh agus gortaíodh na mílte le linn an fheachtais ar an gcosán, a chuaigh trí thaobh tíre an-gharbh.
garbh rough
" Tá sé i bhfad Éireann ró-oilte mar ealaíontóir chun cleas tuatach, garbh mar sin a fhéachaint orainn.
mbéarlagar garbh rough parlance
" ’Sea go deimhin, i mbéarlagar garbh an lae inniu, tá Kiarostamí ag fucáil lenár gceann agus éiríonn thar barr leis sinn a cur de chonair éasca ár gcompord.
garbh rough
" Is é an dara tréith ná is cuma cé chomh géar a fhéachann tú ar mhionphíosa frachtail, bíonn sé fós chomh casta agus chomh garbh is atá an cruth ar fad – ní bhíonn an cruth mín ag aon scála.
ghairbhe roughness
" Fiú ag leibhéal na ngráinní gainimh tá mírialtachtaí dromchla i ngach aon áit, agus níl le feiceáil ach an ghairbhe.
garbh rough
" Is breá liom rith ó cheann ceann agus ó thaobh taobh na páirce agus an liathróid a thabhairt uaim nuair a éiríonn cúrsaí rud beag teann nó garbh.
shleasa garbha the rough sides
" Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
garbh rough
" An tEarc Luachra ========= Breathnaíonn an craiceann an-tirim agus garbh ar an talamh ach san uisce, breathnaíonn sé an-bhog agus slachtmhar.
slat tomhais lom garbh a rough estimate
" Ba í sin ceist na míosa in eagrán na Nollag de Beo! agus mar a shíl muid a bheadh sé, bhí leath na ndaoine a d’fhreagair an cheist faoi bhrú sa tsaol agus ní raibh sa cheistneoir seo ach slat tomhais lom garbh.
miotóg gharbh a rough glove
" Dar fia! Bhuail an bheainín beag mé le miotóg gharbh.
bindealáin gharbha rough bandages
" Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce.
garbh rough
" "Deir siad go bhfuil an fhirinne searbh ach, creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.
cuma gharbh ghiobalach rough bedraggled appearance
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
an todhchaí garbh the future is rough
" Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom faoi fhís Scott ná go bhfuil an todhchaí garbh.
cáil na gairbhe air known for its rough edge
" An chéad mhórthogra a chinn sé air ná athnuachan a dhéanamh ar sheanhalla rince Gaelach, The Buffalo, halla rince a raibh cáil na gairbhe air le fada.
an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar churning up the sea
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
bata agus bóthar garbh don altra (sends) the nurse packing unceremoniously
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
níos gairbhe rougher
" Má tá an cur chuige níos gairbhe, beifear in ann a rá gurb ionann an PSNI agus an sean-RUC.
athimirt cluiche garbh the rough replay
" Táimid ag amharc go bunúsach ar athimirt cluiche garbh Arverni na Gaille in aghaidh na nEilbhéiseach – Helvetti - in am Chéasair, Breatnaigh in aghaidh na nGael in Éirinn, Gaeil na hÉireann in aghaidh na mBreatnach sa Bhreatain Bhig (‘Fedlimid h.
an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh to roughly guess the budget
" Ní raibh ach 36% de na daoine a ceistíodh in ann an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh.
an fhirinne gharbh a inse tell the unpalatable truth
" Ní féidir leo an fhirinne gharbh a inse dá lucht leanúna a chreideann go bhfuil an lucht oibre Caitliceach i bhfad níos fearr as ná an lucht oibre Protastúnach agus go bhfuil ‘gach rud’ á fháil acu.
garbh in áit a bheith cruinn rough rather than accurate
" Ach cionn is go bhfuil sé gasta in áit a bheith mall, agus go bhfuil sé garbh in áit a bheith cruinn, is minic a bhíonn sé lochtach.
garbh rough
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
garbh go maith le linn rough enough during
" Thiocfadh dó mar sin, go mbeadh saol eile ar fad agam dá mba in Iúr Cinn Trá a bhí mé, nó bhí Iúr Cinn Trá garbh go maith le linn na dTrioblóidí agus b’fhéidir nach mbeadh an dearcadh céanna agam i leith na Gaeilge dá mbeinn i mo chónaí i Leitir Ceanainn.