Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dó na geirbe causing anxiety
" Ach arís is arís ba í ceist na dteifeach a bhí ag dó na geirbe.
ag dó na geirbe agam irritating/worrying me
" "Nílim sásta gur éirigh liom croí na ceiste a léiriú agus táim ag lorg meafair éigin eile a thabharfaidh slí isteach dom chuig na rudaí seo a bhíonn ag dó na geirbe agam.
ag dó na geirbe againn worrying us
" An cheist mhór atá ag dó na geirbe againn faoi láthair ná an Bosca Lóin: céard ba cheart a chur ann, nó a fhágáil ar lár.
ag dó na geirbe worrying
" Ar an taobh eile, is é an laige is mó atá ag Mícheál Ó Máirtín ná gurb é an tAire Sláinte faoi láthair agus is beag rud atá ag dó na geirbe níos mó ag pobal na hÉireann ná drochstaid an chórais sláinte.
ag dó na geirbe agam worrying me
" An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr.
ag dó na geirbe acu bugging them
" Deirim féin go minic gur beag an trua atá agam féin dóibh toisc a dheacra is atá an tSeicis domsa! Is léir gurb iad na claochluithe tosaigh, na bríonna éagsúla a bhíonn ag "a" agus na forainmneacha réamhfhoclacha is mó a bhíonn ag dó na geirbe acu.
ag dó na geirbe acusan worrying them
" Cén chaoi a ndéarfása i nGaeilge chruinn nádúrtha go bhfuil páiste *"obese"*, nó chomh ramhar sin nach leor an focal "ramhar" le cur síos a dhéanamh air? Ceist í sin, ar ndóigh, nach smaoineodh ár sinsear uirthi, óir ba mhinic an easpa bia, agus ní a mhalairt, a bheith ag dó na geirbe acusan.
gearb scab
" Mar is beag gearb nach bhfuil dóite againn fán tráth seo, ná clocha móra nach bhfuil curtha ar phaidríní, tairní nach bhfuil crúite ná luganna nach bhfuil tite ar laganna.
ag dó na geirbe aige. worrying him.
" ” Deir Krauss gur bhreá leis cuireadh a fháil léachtaí a thabhairt in Éirinn mar go dtabharfadh sé deis dó plé a dhéanamh le daoine ar chúrsaí Gaeilge agus ar cheisteanna atá ag dó na geirbe aige.
ag dó na geirbe bothering/irritating
" Tá sé ceart agus cóir go mbeidh cead acu díriú ar na scéalta atá ag dó na geirbe ag an bpobal trí chéile.
an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta the thing that is irritating those who are dissatisfied
" Anuas air sin – agus thar gach ní eile – an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta ná gur bhuaigh foireann na Breataine Móire níos mó bonn ná mar a bhuaigh na hAstrálaigh.
ag dó na geirbe aige have him biting his nails
" Ba cheart go mbeadh rudaí eile ag dó na geirbe aige, shílfeá, in Aibreán na bliana 1940, agus an Eoraip á réabadh ag an Dara Cogadh Mór agus bagairt láidir ann go n-ionsafaí Éire fosta.
dó na geirbe bothering
" ) Níl amhras ar bith ormsa ach dá bhfoilseofaí é ar maidin, nach mbeadh ach aon ní amháin den straitéis ag dó na geirbe do na meáin chumarsáide agus go deimhin do sciar mhaith de phobal na hÉireann: cé mhéid a chosnóidh sé? Cearta Seasta I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan.
ag dó geirbe bothering
" Is é is mó atá ag dó geirbe na gluaiseachta i láthair na huaire, mar sin, sláinte.
dó na geirbe on tenderhooks
" Díol spéise é mar sin nuair a thagann siad le chéile le scansáil a dhéanamh ar na mórcheisteanna atá ag dó na geirbe acu sa réimse teoranta saineolais seo agus moltaí a chur chun cinn chun iad a leigheas.
ag dó na geirbe bothering
" Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge Cén ainm agus cén ról ba cheart a bheith ar an Údarás ‘nua’ agus cén t-idirdhealú a bheidh idir é agus Foras na Gaeilge? Ceist í seo a bhí ag dó na geirbe ag toscaireachtaí éagsúla.
ag dó na geirbe causing concern
" Mar a dúirt mé, seo ceann de na rudaí is mó atá ag dó na geirbe ag daoine éagsúla ar labhair mé leo le tamall anuas.
ag dó na geirbe ag irritating
" An bhfuil ceacht le foghlaim againne ón scéal sin in Éirinn iathghlas an cheo agus na fearthainne? Ós ag caint dúinn ar cheachtanna, is iad na ceachtanna áirimh sna scoileanna dara leibhéil a bhíonn ag dó na geirbe ag an Aire Éadóchais agus Eolaíochta, Ruairí Rua.
Is é atá ag dó na geirbe aige what’s bothering him is
" Is é atá ag dó na geirbe aige ná go bhfuil údaráis na Róimhe de chuid na hEaglaise Caitlicí Críostaí ag bualadh bachaille ar iriseoirí bochta na hÉireann.
cad é a bhí ag dó na geirbe aige what was bothering him
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
atá ag dó na geirbe againn is what’s bothering us
" Easpa samhlaíochta atá ag dó na geirbe againn.
bhí ag dó na geirbe (Balor’s) burning question
" Ach is é an gad is gaire don scornach ná cén bronntanas a thabharfaidh sé do cén duine? Seo an cheist a bhí ag dó na geirbe ag Balor bocht.
easpa samhlaíochta ag dó na geirbe ag lack of imagination bothering
" Is ríléir, leis, go bhfuil easpa samhlaíochta ag dó na geirbe ag an rialtas seo mar níl sé ar a gcumas aon fhreagra sásúil a sholáthar ar ghéarchéim an ama láithrigh lasmuigh den seanpharaidím tuisceana aimlithe réamhluaite.
ag dó na geirbe acu troubling them
" Ach caithfear an cheist a chur cén ghlór sainiúil a bheas ag an nuachtán úr agus é i gcomórtas leis na céadta míle suíomh eile atá ar fáil chomh furasta céanna? ’Sé an t-aon dóigh go n-éireoidh leis an nuachtán nua meas an phobail a bhfuil sé dírithe air a chothú ná trí ardán a thabhairt do scéalta atá ag dó na geirbe acu.
ag dó na geirbe aige bothering/irritating him
" Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
ag dó na geirbe bothering
" Tá roinnt ceisteanna tábhachta ag dó na geirbe ag Seán Tadhg Ó Gairbhí.