Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtrealamh círéibe riot gear
" Airm agus trealamh a d'úsáid an reisimint sa Tuaisceart atá le feiceáil sna cásanna taispeána, chomh maith le mainicín cuimsitheach de shaighdiúir (nó "Kingsman" mar thugann siad orthu féin) gléasta i dtrealamh círéibe.
ceannbheart head-gear
" Chaith siad ceannbheart ar a tugadh “*Caubeen*” (caipín?) agus bhí an méid sin ceoltóirí i measc na n-earcach nach raibh deacracht ar bith ag an reisimint banna ceoil píob mór a eagrú, banna a bhí chun tosaigh i bparáid Lá Fhéile Pádraig.
giar gear
" Ach cad é tá ar bun ag an DUP? Is léir nach bhfuil ach giar amháin acu – an giar cúlaithe.
an giar cúlaithe the reverse gear
" Ach cad é tá ar bun ag an DUP? Is léir nach bhfuil ach giar amháin acu – an giar cúlaithe.
an lucht fearais agus trealaimh the equipment and gear people
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
dtrealamh geimhridh weather gear, equipment
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.
i mbarr a réime in top gear
" Tá siad báite i bhfiacha agus chuaigh siad thar fóir nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr a réime.
uirlisí troda fighting gear
" Thiocfadh liom Willie O Dea a cheapadh ina ghinearál orthu; tá taithí aigesean ar uirlisí troda a láimhseáil.
i réim in top gear
" Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim.
chulaith snámha swimming gear
" Mar a tharla, bhí mo chulaith snámha agam agus chuaigh mé síos go dtí an trá chomh luath agus a bhí mo bhagáiste curtha díom san óstán.
sé ghiar six gears
"sé ghiar inti agus tá sí cumhachtach go maith.