Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionannú leis an ghnáthdhuine to identify with the ordinary person
" Ach ní fear é a bhfuil an mianach ann ionannú leis an ghnáthdhuine nó a chomhbhá a roinnt leis.
báúil leis an ghnáthdhuine sympathetic to the ordinary person
" Daoine daonna Bhí Rembrandt báúil leis an ghnáthdhuine agus thaispeáin sé tréithe daonna an naoimh, chomh maith le pearsana eile an Bhíobla, sa tsraith.
gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú to show aspects of the life of the ordinary person
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
don ghnáthdhuine for the ordinary person
" Pat Mitchell: Bhuel, i dtosach báire is dóigh nach don ghnáthdhuine é an leabhar seo.
don ghnáthdhuine to the ordinary, lay, person
" Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíocht – go bhfuil sé thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le hí a bheith cumhachtach don té atá oilte uirthi.
róthomhaltas an ghnáthdhuine the over-consumption of the ordinary person
" Ar aon chuma, níor cheap lucht déanta an chláir, is cosúil, gur ait an rud é milliúnaí taistealach a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine.
ghnáthdhuine ordinary people
" Agus sin é meas an ghnáthdhuine anois.
dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine celebrates the heroism of the ordinary person
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
ar chumarsáid an ghnáthdhuine on the ordinary person’s communication
" Is dócha gurbh é an scéal a nocht Edward Snowden faoin spiaireacht a dhéanann rialtas Mheiriceá ar chumarsáid an ghnáthdhuine is mó a chuir ina luí ar an phobal a leithne is atá an chúléisteacht chealgach.
ghnáthdhuine ordinary person/people
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
ghnáthdhuine ordinary person(s)
" Bhí na hailt chéanna á n-úsáid, mar a bheidh feasta, ag daltaí i mbeagnach gach meánscoil in Éirinn agus ag na mic léinn sna hollscoileanna is mó le rá ar domhan ó Mhoscó go Boston, ó Sydney go Uppsala, chomh maith leis an ghnáthdhuine le Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne.
róthomhaltas an ghnáthdhuine the over-consumption of the ordinary person
" Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.