Pota Focal Intergaelic
gain | gein | géin | -gin | gine
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gineann siad they generate
" agus Roy Keane agus Denis Irwin agus gineann siad an t-uafás airgid don CLG.
a ghineann siad which they generate
" Tá an t-airgead a ghineann siad ag teastáil chun an óige a mhealladh, a choinneáil agus a thabhairt chun blátha.
gin foetus
" Gan amhras, síleann go leor de phobal na tíre gur cur i gcéill é reifreann a bheith ann agus gan iarracht cheart a bheith déanta dul i ngleic le fadhb atá ann le fada: na mílte bean a bheith ag triall ar Shasana chun ginmhilleadh a fháil.
iarstáisiún ginte leictreachais a former electricity powerstation
" Gailearaí den scoth é seo, iarstáisiún ginte leictreachais, a osclaíodh sa bhliain 2000 le healaín chomhaimseartha agus ealaín an fichiú haois a thaispeáint.
ginte generated
" Is iomaí argóint, conspóid, scoilt, coimhlint, amhrán, colún nuachtáin, clár teilifíse is araile atá ginte ag Corn an Domhain.
ginte foetuses
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
gineann sé seo ioncam breise this generates extra income
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
a ghineadh which used to give rise to
" freagra sin, mar aon le cuid mhór *fecks* agus *jaysuses*, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?” “Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi *Norn Ire’and*, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi.
tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil to build more electricy generating stations
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
a gineadh sa diamhracht which was produced in the darkness
" As bréantas agus graostacht agus súlachas na háite sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
ag gineadh breis astuithe. generating more emissions.
" Mar sin, go híorónta agus go tragóideach, is é an t-éileamh mór ar bhreosla “glas”, mar aon le heaspa smachta rialaithigh, atá ag spreagadh mhilleadh na foraoise agus ag gineadh breis astuithe.
gineadh generated
" Bhíodh baint an-láidir ag an fhorbairt gheilleagair leis an mhéid gháis cheaptha teasa a gineadh roimhe seo.
ghinfear shall be generated
" Más mall féin an t-athrú é, gur féidir deontas a fháil le muileann gaoithe (beaga) a chrochadh agus gur féidir an fuíollach aibhléise a ghinfear leis a dhíol leis an ghréasán náisiúnta, is maith ann é.
stáisiúin ghinte generating stations
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
ghineadh generated
" Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d'aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d'aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
chéad ghin first born (child)
" Thug m’athair Garmin mar bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire.
ghintear is generated
" Ar ndóigh, is i stáisiúin eithneacha a ghintear an chuid is mó den aibhléis sa Fhrainc, 84.
Gineadh was generated
" Gineadh 86% de riachtanais fuinnimh Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2007 ó na foinsí seo, rud a chinntíonn go bhfuil ceann de na rátaí astuithe CO2 is mó san Eoraip againn.
córas ginte generation system
" Guagacht na Gaoithe Léirítear nach féidir a bheith cinnte riamh, cuir i gcás, go séidfidh an ghaoth ag an tráth díreach is mó spíonadh na haibhléise agus, dá bhrí sin, gur gá an dara córas ginte aibhléise a bheith ann mar chúltaca.
gineadh consummated, begotten
" As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
ginte adamhach nuclear generation
" Ar an mbonn sin, ar an gcineál sin réasúnaíochta, dob’fhéidir scaglann, nó fearas ceimiceach a shuiteáil i lár baile móir, mar ar an dearcadh sin, dob’fhéidir stáisiún ginte adamhach a lonnú i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath de réir na loighice sin.
Gineann raises
" Gineann sé seo dhá cheist.
nginfeadh would generate
" Bhí an bheirt acu paiseanta faoina n-ábhar ach ní raibh siad ag súil go nginfeadh a gcuid oibre ceann de na comhlachtaí is tábhachtaí sa 20ú haois.
ginte born
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
ghineann generates
" Corraíonn an fhuaim, a thagann ón dtrí chnámh, an leacht, a lúbann na ribí, a ghineann splancanna sna lioganna atá faoina mbun ag an fhuinneog chearclach.
Ghin generated
" Ghin a leithéid de scéal ceist ón urlár maidir le ‘cluimhriú’.
An nginfeadh a leithéid would such (a bord) engender
" Bourgeois, d’ardaigh sé ceist: “Ar cheart go mbeadh Bord Oideachais ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge?” Fágfaidh mé faoi léitheoirí Beo! é a fhreagairt, ach machnaigh ar na pointí seo chun d’intinn a dhéanamh suas: - An gcabhródh a leithéid de Bhord Oideachais le múineadh na Gaeilge? - An gcuirfeadh a leithéid de Bhord níos mó leis an bpobal agus leis an gcultúr? - An méadódh a leithéid de Bhord páirtíocht tuismitheoirí agus an phobail? - An nginfeadh a leithéid de Bhord brí agus fuinneamh i saol na Gaeilge?
Ginfear shall be created
" Éireoidh na géaga tosacha níos tibhe mar thaca don Chnádán nuair a bheireann sé greim ar an mbaineannach le linn an ghoir, cosúil lena chara an Loscann! Ach caithfidh an fireannach grágaíl a dhéanamh ar dtus, chun an bhaineannach a mhealladh i Mí an Mhárta! Ginfear 3000 ubh nó níos mó le linn na tréimhse seo.
ginte leictreachais electricity generation
" Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas.
ghinfear shall be generated
" Úsáidfear an leictreachas a ghinfear chun freastal ní hamháin ar ghnáth-thomhaltóirí, ar fheirmeoirí agus ar lucht tionscail, ach chun uisce a chur suas an sliabh go taiscumar uisce atá seacht gcéad méadar os cionn chothrom na farraige.
a gineadh which developed
" ) Mhúscail Muirthéacht na Fraince mothúcháin éagsúla i samhlaíocht Foucault; meas ar an gcosmhuintir a tháinig aniar aduaidh ar Versailles i riocht jacquerie brúidiúil ach a chuir snas uasal orthu féin roimis dhúnmharú an rí, meas ar an fhuinneamh intleachtúil a gineadh, ach blaistear eagla agus amhras freisin.
ginte saibhris of generating wealth
" B’fhéidir gurb é an chéad ollsaibhreas, farraigí na hÉireann mar a bhí, a dhíolamar, go fánach, le tíortha na hEorpa, ceann de na bealaí ginte saibhris a mbeimid ag brath air amach anseo arís.
aisling a gineadh sa diamhracht a vision begotten in mystery
" As bréantas agus graostacht na pluaise sin a tháinig rud a bhí álainn agus iontach agus aoibhinn: aisling a gineadh sa diamhracht agus a rugadh sa niamhracht.
dár ghin occasioned by
" B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich.
chuir bean gin mharbh ar an saol a woman had a stillborn child
" I mbaile eile i gceantar Cluj, chuir bean gin mharbh ar an saol.
Gineann generates
" Gineann a fhoclóir suarach ceolmhar (*‘as the dimwit nobility now make reticent’; ‘Don't I yearn for the days when a draw across the throat made fucking resolution?’*) fuinneamh ar leith.
Gineann cruachás láidreacht hardship generates strength
" Tugann Caoi Ruda Caoi Ruda Eile ============== Gineann cruachás láidreacht sa duine agus is beag a thuigeann Donna nuair a thacaíonn sí le feachtas chun stad a chur le loiscneoir áitiúil go bhfuil a saol ar tí athrú.
ghin siad they occasioned
" Bhí lucht leanta fhoirne na dtíortha eile faoi dhraíocht ag amhránaíocht na nÉireannach, ag an spiorad a ghin siad gach áit a ndeachaigh siad, agus ag a gcairdiúlacht agus a láíocht.
breis fiacha a ghineadh generate more debt
" Tuilleadh Iasachtaí ======= Sa tarna léacht, *“The Darwinian Economy”*, cháin Ferguson saineolaithe Meiriceánacha cosúil le Paul Krugman a deir gur chóir do rialtais ilghnéitheacha an Iarthair breis fiacha a ghineadh ina gcuid géilleagar d’fhonn fostaíocht a chruthú.
trí fhiacha nua a ghineadh by generating new debts
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
Gineann generates
" Gineann na Coláistí Gaeilge caiteachas a chuidíonn le siopaí na háite.
ghin sé tionscal damhsa it generated a dance industry
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
gineadh grá an duine daonna do na réalta human love of the stars
" "* - Dante Aligheri (1265-1321) Ní inniu ná inné a gineadh grá an duine daonna do na réalta, don spéir, don spás.
Ní ghineann doesn’t generate
" Ní ghineann an bochtanas polaitíocht radacach rómánsúil dar leis an ndialann seo; gineann an bochtanas sceimhle agus náire.
na mothúcháin casta a ghintear the intricate feelings engendered
" *“Is it an X you put down when you sign for the sub?”* In alt amháin, déanann Mac Amhlaigh cur síos ar na mothúcháin casta a ghintear i gcroíthe na n-imirceach agus iad ag déanamh iarrachta saol a chruthú dóibh féin tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu go leanúnach.
b’fhéidir gur gineadh an scéal perhaps the matter arose
" Más Dona Apple, is Measa Spotify ================= Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify.
chun ábhar a ghineadh to generate stuff
" Sin í an difríocht idir iadsan agus an CIA, a dhéanann spiaireacht ar bhonn gníomhach, agus a chuireann bailitheoirí eolais amach chun ábhar a ghineadh.
ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith in which it would be allowed to relinquish the foetus
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo with the mother of the womb upon which it depends to live
" Téann sé in aghaidh gach réasúnaíocht daonna, go mbeadh comhcheart ag an ubh, nó an ghin, atá i dtús a fáis sa bhroinn le máthair na broinne sin ar a bhfuil an ghin ag brath le bheith beo.
leis an ngin ina broinn a mhilleadh to negate the foetus in her womb
" Níl aon amhras faoi ach gur deineadh éagoir uafásach ar an gcailín óg sin, a bhí ag iompar linbh tar éis a bheith éignithe, nuair a diúltaíodh cead di an tír a fhágáil leis an ngin ina broinn a mhilleadh.
ndíolfaí an aibhléis a ghintear as the electricity generated … would be sold
" Ar Nós Cuma Liom Faoin Scrios ============ Ní haon iontas é mar sin go bhfuil socrú déanta ag an Ríocht Aontaithe le rialtas na hÉireann go ndíolfaí an aibhléis a ghintear as feirmeacha gaoithe anseo le heangach náisiúnta na Breataine.
maíodh go nginfí oiread aibhléise it was claimed that so much electricity would be generated
" I gcás thogra Chamuis, mar shampla, maíodh go nginfí oiread aibhléise ón fheirm a bhí molta le soláthar a dhéanamh ar thrí cheathrú de na tithe i gContae na Gaillimhe in aghaidh na bliana.
a ghineann aon saghas which generates any type
" Luíonn seo leis an inspreagadh a ghineann aon saghas comhlacht nua ó chaife cúinne go dearthóir graificí, go feighlí linbh gan trácht ar na comhlachtaí nuatheicneolaíochta.
Conas a ghineann tú dragúin how do you create dragons
" Cé mhéad uinge sa ghram? Cad is ainm don aisteoir in Mac Gyver? Conas a ghineann tú dragúin Ender i Minecraft? (Ní fheadar bhfuil an ceann deireanach i do stair cuardaigh (History Google)(<http://history.
ar an ngin gan bhreith on embryos
" (Ní gá na turgnaimh urghráiniúla a rinne sé ar na Giúdaigh agus ar na Roma a ríomh anseo – is leor a rá go ndearna sé iad ar an ngin gan bhreith agus ar dhaoine beo.
ghin an t-amhránaí lucht leanúna the singer generated a following
" De thoradh ar thuairimí liobrálacha agus comhaimseartha DiFranco, ghin an t-amhránaí lucht leanúna a bhí go príomha ina ngníomhairí feimineacha agus leispiacha.
gineadh were born
" Agus is as an leathmhilliún sin a gineadh na 40 milliún "Afra-Mheiriceánaigh" atá i Meiriceá sa lá atá inniu ann.
ghin sparked off
" Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.