Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarstáisiún ginte leictreachais a former electricity powerstation
" Gailearaí den scoth é seo, iarstáisiún ginte leictreachais, a osclaíodh sa bhliain 2000 le healaín chomhaimseartha agus ealaín an fichiú haois a thaispeáint.
ginte generated
" Is iomaí argóint, conspóid, scoilt, coimhlint, amhrán, colún nuachtáin, clár teilifíse is araile atá ginte ag Corn an Domhain.
ginte foetuses
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil to build more electricy generating stations
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
córas ginte generation system
" Guagacht na Gaoithe Léirítear nach féidir a bheith cinnte riamh, cuir i gcás, go séidfidh an ghaoth ag an tráth díreach is mó spíonadh na haibhléise agus, dá bhrí sin, gur gá an dara córas ginte aibhléise a bheith ann mar chúltaca.
ginte adamhach nuclear generation
" Ar an mbonn sin, ar an gcineál sin réasúnaíochta, dob’fhéidir scaglann, nó fearas ceimiceach a shuiteáil i lár baile móir, mar ar an dearcadh sin, dob’fhéidir stáisiún ginte adamhach a lonnú i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath de réir na loighice sin.
ginte born
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
ginte leictreachais electricity generation
" Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas.
ginte saibhris of generating wealth
" B’fhéidir gurb é an chéad ollsaibhreas, farraigí na hÉireann mar a bhí, a dhíolamar, go fánach, le tíortha na hEorpa, ceann de na bealaí ginte saibhris a mbeimid ag brath air amach anseo arís.