Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun feidhmiú go héifeachtach to function effectively
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath express himself effectively soon
" Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil.
plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach to implement the Hanly plan effectively
" Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach to propagate the word of God effectively
" Roimh i bhfad d'fhigh siad na seantraidisiúin chreidimh leis an chreideamh Caitliceach, rud a chuir ar a gcumas briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach.
go héifeachtach effectively
" Ní gá go mbeadh glór iontach ag an duine (cé go gcabhraíonn sé sin) ach is ceart don duine a bheith in ann a g(h)lór a úsáid go héifeachtach.
ag feidhmiú go héifeachtach operating efficiently
" Tháinig athrú ó bhonn ar an aerlíne le roinnt blianta anuas agus is dea-shampla os comhair an tsaoil é mar chomhlacht fo-stáit atá ag feidhmiú go héifeachtach.
go héifeachtach. effectively.
" Cén saghas teachtaireachta a thugann a leithéid do thiománaithe na tíre? Is céim mhór chun tosaigh bunú an chóir tráchta agus an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ach caithfear na hacmhainní a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.
go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach. that the regulatory system would work effectively.
" In ainneoin an mhéid a tharla i Leas Cross, agus na moltaí a chuir an tOllamh Des O’Neill chun cinn sa tuarascáil a scríobh sé mar gheall ar an ionad, níl na hacmhainní cuí curtha ar fáil ag an rialtas go fóill le cinntiú go n-oibreodh an córas rialaitheach go héifeachtach.
feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.
chun feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Nuair atá ríomhaire agat agus printéir agus b’fhéidir eochair USB is beag rud eile atá ag teastáil chun feidhmiú go héifeachtach.
go héifeachtach. effectively.
" Deir Pól Ó Muirí i réamhrá a leabhar úir, *Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil*, gur chuir sé roimhe, agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige, aird an léitheora a dhíriú “ar an Ghriannach mar dhuine” agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh go héifeachtach.
le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach to work energetically and effectively
" Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga.
Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach he is hardworking and effective
" Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach agus baineann sé slí bheatha réasúnta amach dó féin.
go héifeachtach effectively
" Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
chun feidhmiú go héifeachtach to cope effectively
" Seo thíos dhá abairt as ‘An Litearthacht agus an Uimhearthacht’ *(Literacy and Numeracy for Learning and Life)*, doiciméid a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais le gairid: ‘Léirigh na scrúduithe PISA in 2009 nach raibh na scileanna litearthachta ag 17 faoin gcéad de na scoláirí uile ag cúig bliana déag d’aois agus beagnach buachaill amháin sna déaga as ceathrar, chun feidhmiú go héifeachtach i sochaí an lae inniu.