Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thrí scór go leith dalta seventy pupils
" Tá scoil náisiúnta trí oide ann agus thart ar thrí scór go leith dalta ag freastal uirthi.
ghalúin go leith one and a half gallons
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
bean ar cuireadh ina leith go héagórach a woman who was wrongly accused
" Tá cur síos beacht ar an chultúr seo le fáil sa leabhar *Charades *a scríobh Karen McGlinchey faoina deirfiúr Adrienne, bean ar cuireadh ina leith go héagórach gur brathadóir de chuid an IRA a bhí inti.
bean ar cuireadh ina leith go héagórach a woman who was wrongly accused
" Tá cur síos beacht ar an chultúr seo le fáil sa leabhar *Charades *a scríobh Karen McGlinchey faoina deirfiúr Adrienne, bean ar cuireadh ina leith go héagórach gur brathadóir de chuid an IRA a bhí inti.
lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí to ensure that fathers would fulfil their duties as regards their children
" Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.
ceithre huaire go leith tiomána a four-and-a-half hour drive
" Ina dhiaidh sin, bhí an fuinneamh agam chun taisteal ar aghaidh go Te Anau, atá ceithre huaire go leith tiomána ó Wanaka.
daonra de thrí mhilliún go leith a population of three and a half million
" Tá Melbourne, príomhchathair Victoria, ar an dara cathair is mó san Astráil agus tá daonra de thrí mhilliún go leith aici.
taitníonn leagan faoi leith go mór liom, I really like a particular version,
" Uaireanta taitníonn leagan faoi leith go mór liom, ach nuair a dhéanaim iarracht é a chanadh ní oireann sé dom.
dhá uair an chloig go leith two and a half hours
" Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.
go gcuirfear seineafóibe ina leith. that they will be labelled as xenophobes
" Agus cén fáth? Mar gheall ar go gceapann siad go gcuirfear seineafóibe ina leith.
ag súil go dtarlódh rud faoi leith dóibh. hoping that something in particular would happen to them
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth a raibh súile an domhain dírithe ar an Kodak Theatre ar an 24 Feabhra? (II) Bhí cuid de na daoine ar an gcairpéad dearg ag súil go dtarlódh rud faoi leith dóibh.
Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, Drew is accused of setting up a false Bebo account,
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
trí scór go leith seventy
" Tá sé anois in aois an trí scór go leith agus tá an rialtas nua meáite ar an tseanréim a dhearmad chomh tapaidh agus is féidir.
go leith and a half
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
go leith and a half
" D’oibrigh sé mhilliún oifigeach agus lucht slándála air agus baineadh úsáid as milliún go leith inneall aibhléise vótála lena chur i gcrích.
trí scór go leith 70
" Tá a fhios agam go raibh trí scór go leith duine eile istigh ar an jab, ardchéimeanna sa Ghaeilge ag chuile dhuine acu, agus taithí na mblianta acu mar eagarthóirí ar nuachtáin cháiliúla náisiúnta nó ar chláracha faisnéise raidió agus teilifíse.
go leith and a half
" com/watch?v=S2d5khGy20Q) Tá sé breá sásta a bheith ar ais in Éirinn, cé go bhfuil deireadh leis an dá shamhradh a bhí againn i mbliana – an ceann a bhí againn ar feadh seacht n-uaire an chloig i mí an Mheithimh agus an ceann a mhair dhá lá go leith i mí Mheán an Fhómhair.
Cuirtear ina leith go minic he’s often accused
" Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
Mí go leith a month and a half
" Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún.
go leith and a half
" Measadh go raibh tuairim is milliún go leith duine bailithe thart ar na bruacha nuair a bhuail a long cloch is cuan in Sydney ar 3 Feabhra 1954.
thart ar cheithre scór go leith around ninety
" **SMM: Cad é an líon foirne a oibríonn do Raidió na Gaeltachta?** ENíCh: Tá thart ar cheithre scór go leith duine ag obair do Raidió na Gaeltachta ar fud na tíre.
breis is scór go leith bliain ó shin more than 30 yrs ago
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
go leith and a half
" Ach gluais chun tosaigh ceithre bliana go leith agus tá sé le feiceáil nach bhfuil an scéim a chuir an Oifig le chéile aontaithe go fóill.
nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le who do not think that there’s a special magic pertains to
" Cosaint ar Leith do Dhream ar Leith ============== Is beag duine sa lá atá inniu ann nach síleann go bhfuil draíocht ar leith ag baint le páistí, agus gur daoine speisialta iad ar chóir dúinn iad a chosaint agus a chothú, go bhfuil an grá agus an gean de dhíth orthu, agus gur dual dúinn ár ndícheall a dhéanamh dóibh.
dhá chéad go leith duine 250 people
" Is ar éigean go raibh níos mó ná dhá chéad go leith duine ann, ach bhí sé ar cheann de na hOireachtais ba thaitneamhaí riamh.
faoi scór go leith bliana d’aois under thirty yrs of age
" Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton.
dhá uair go leith de cheachtanna two and a half hours of lessons
" Bhí sí ag rá liom go ndéanann sí dhá uair go leith de cheachtanna Gaeilge gach uile sheachtain.
an dá uair a chloig go leith féachana two and a half hours of watching it
" Is fiú iad beirt an tóin thinn a théann leis an dá uair a chloig go leith féachana.
Ní fhéadfainn a rá go dtacaím le haon fhoireann faoi leith I couldn’t say I support any particular team
" Ní fhéadfainn a rá go dtacaím le haon fhoireann faoi leith sa Príomhshraith, cé go bhfuil bá áirithe agam le Arsenal, ar chúis éicint: is maith liom stíl stuama mheáite an bhainisteora, Arsène Wenger, nuair a labhraíonn sé leis na meáin tar éis an chluiche.
Tá uair go leith caite againn we’ve spent an hour and a half
" Thit tú trí huaire cheana, titfidh tú arís, Ach ní ar nós Críost ar uair a pháise Oíche ar shráid na cathrach, sceitheadh ar do straois, Ag saint arís atá tú cráite Tá uair go leith caite againn ag comhrá agus tá uair an mheánoíche ag teannadh linn.
céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a century and a half of European settlement
" Reáchtáladh ceiliúradh náisiúnta sa bhliain 1938, cuirim i gcás, le céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a chomóradh.
an dá mhíle go leith the two and a half miles
" Cé go raibh sé ag cur sneachta, shiúil Úna an dá mhíle go leith go dtí an Mill Road.
chuir go leor daoine ina leith many people accused him
" (Mar chuir go leor daoine ina leith nach bhfuil san cheist ach imeartas nó cleasaíocht).
breis is scór go leith crann more than thirty trees
" Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad.
scór go leith troighe ar airde thirty foot high
" Chonaic mé sail dúchais amháin atá tuairim is scór go leith troighe ar airde a bearradh ar an dóigh seo.
go leith and a half
" , glinne, a deirtear san áit) Seacht gciliméadar ar fad, glacann sé trí huaire go leith an turas a dhéanamh agus go traidisiúnta, bíonn na hoilithrigh costarnocht.
ceithre scór go leith ninety
" Bhí sé ceithre scór go leith nuair a fuair sé bás, ach fiú go dtí an coicís deireanach, bhí sé gníomhach.
trí chúige go leith three and a half provinces
" Is minic gur trí chúige go leith a bhíonn i gceist le hÉirinn ar na saolta seo.
an Contae go leith the county and a half
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
le bliain go leith anuas over the period of a year and a half
" Ina theannta san, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le bliain go leith anuas, is geall le gluaisneoir dochloíte í foireann seo na hardchathrach, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh.
an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil great enjoyment from viewing more than 30 films
" Bhain Alan Desmond an-sult as breis is scór go leith scannán a fheiceáil le linn Féile Scannáin na Veinéise.
Níl ann ach mí go leith it’s just a month and a half
" Níl ann ach mí go leith go mbeimid ag amharc ar rása mór Iodálach ag scinneadh bealaigh ar bhóithre na hÉireann.