Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ré órga golden age
" Agus daoine ag tagairt don chluiche ceannais sin 40 bliain ó shin, is minic a deirtear go bhféadfadh ré órga a bheith ag an iománaíocht i mBaile Átha Cliath, faoi mar a tharla ar ball in Uí bhFháilí agus i nGaillimh, dá mba rud é gur rug báireoirí na hardchathrach Craobh na hÉireann agus Corn Liam Mhic Cárthaigh leo an bhliain áirithe sin.
sciath óir golden shield
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
ola olóige órga golden olive oil
" Bia ======= An rudaí is suntasaí faoi chócaireacht an réigiúin seo ná go n-úsáideann siad a lán luibheanna (marós, origáine, basal, gairleog, capras, miontas), trátaí agus liomóidí, rud a thugann blas agus boladh álainn do gach béile, agus cuireann siad cúpla deoir ola olóige órga ar bharr an bhia, mar is nós le muintir dheisceart na hIodáile.
ré órga golden age
" Ní hamháin sin ach chuir siad tús le ré órga i stair an chumainn mar, ag deireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí, bhuaigh an cumann gach cineál comórtais, idir shraithchomórtais, chraobhchomórtais agus choirn, i ngrád na sóisear, idirmheánach agus sinsear, ach amháin an ceann mór, is é sin an craobhchomórtas sinsear.
Iubhaile Órga the Golden Jubilee
" Fear é Haseler a bhfuil a lán creidiúna aige agus is minic a bhíonn sé ar na meáin ag labhairt faoin easpa tacaíochta atá ag an mhonarcachas sa lá atá inniu ann - cuir i gcas an easpa suime atá ag daoine san Iubhaile Órga i gcomparáid leis an cheiliúradh a bhí ann tríocha bliain ó shin ag am na hIubhaile Airgid.
ré órga golden era
" Dheineamar amhráin le hElla Fitzgerald, Cole Porter, Hoagy Carmichael, Johnny Mercer, amhráin ó ré órga cheol Mheiriceá.
órga golden
" Mar shampla, má tá cónaí ort i gcathair ar bith ar chósta na hÉireann agus carr agat, is féidir leat a bheith ar bharr cnoic, nó ar thrá órga fhada fholamh, taobh istigh d'am gairid.
Is binn béal ina thost silence is golden
" Is binn béal ina thost, an dtuigeann tú.
i scrín mhór órga in a big golden shrine
" Tá blaosc Naomh Gonéry ann, i scrín mhór órga.
ré órga golden era
"ré órga i ndán don Ghaeilge má bhíonn dream deonach den chineál seo ag plé léi.
iolair fhíréana golden eagles
"iolair fhíréana ar Mhuile fosta agus téann na mílte turasóir chuig an oileán sin chun iad a fheiceáil.
lomra óir golden fleece
" Bhí olann á díol ar phunt an punt - ba lomra óir a bhí ann gan aon amhras.
ag caitheamh i ndiaidh na ré órga pining after the golden era
" Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.
ré órga golden era
" Is iad na ceoltóirí is fearr liomsa ná iad siúd a chleachtaigh agus a raibh grá acu do gach gné den traidisiún - daoine mar Shéamus Ennis, Willie Clancy, Breanndán Ó Beaglaoigh - agus tú féin, ar ndóigh! AÓF: Agus cén rud dearfa is mó a phiocfá amach? TM: Bhuel, ceapaim gur cheart dúinn a thuiscint, má bhí ré órga riamh ann do cheol traidisiúnta na hÉireann, gur anois atá sé ann.
duilleog órga golden leaf
" D'úsáid mé duilleog órga ar an gCríost chun an mhaitheas a chur in iúl.
cárta leighis órga golden medical card
" Tugadh trí oiread an ghnáthrata do na dochtúirí chun cóir leighis a chur ar na daoine seo a mbeadh cárta leighis nua acu, nó cárta leighis órga, mar atá daoine ag glaoch air anois.
órga golden
" Ní raibh muid ullamh don todhchaí, ach mar sin féin ba é sin an t-am!" Le linn na tréimhse órga sin, chomh maith le bheith sáite i gcúrsaí réabhlóide, bhí dúil mhór ag McCann sa scríbhneoireacht, agus faoin am a bhí sé sna fichidí luatha bhí dhá dhráma léirithe aige, i Londain agus i mBéal Feirste.
cúl órga golden goal
" Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.
ré órga golden era
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
an t-iolar fíréan the golden eagle
" uk/scotland) Ar Mhuile, is féidir le daoine an t-iolar mara agus an t-iolar fíréan a fheicáil ar an oileán chéanna agus meallann sin na mílte turasóir gach bliain.
laethanta órga na hóige the golden days of your youth
" Éiríonn an frustrachas ionat agus tagann an t-uaigneas i ndiaidh laethanta órga na hóige.
an Ré Órga the Golden Age
" Ba é an 17ú haois an Ré Órga agus sa tréimhse sin rinne réaltaí ar nós Rembrandt, Vermeer agus Frans Hal ceannródaíocht i saol na healaíne.
órga golden
" Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
tréimhse órga golden period
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
is binn béal ina thost silence is golden
" AÓF: An seinneann Deaide aon uirlis cheoil? RNicD: Ní sheinneann faoi láthair ar aon nós – b’fhéidir nach bhfuil sé ródheireanach fós … AÓF: Agus an gcasann tusa aon amhrán? RNicD: Ní chasaim faraor ach is binn béal ina thost freisin uaireanta! Níl aon ghanntanas d’amhránaithe breátha thart a bhféadfaidh duine a bheith ag éisteacht leo.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
beag beann ar an gciorcal órga laistigh regardless of the golden circle inside
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
ré órga na sléibhteoireachta the golden era of mountaineering
" Bunaíodh na clubanna seo idir 1857 agus 1893, ré órga na sléibhteoireachta.
ré órga golden era
" Tá daoine ag rá freisin gur eisceacht a bhí sa tréimhse 1950-2000, an “ré órga”, nuair a bhí neart báistí ann agus na feilméaraí uilig sona sásta agus ag carnadh an airgid.
ré órga na cumarsáide. the golden age of communications.
" Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga na cumarsáide.
foireann na ré órga sin a ainmniú to name the team of that golden era
" An fhoireann is fearrDá mbeadh orm foireann na ré órga sin a ainmniú níl aon dabht orm ná gurb í foireann Uíbh Fhailí ab fhearr ar fad, b’fhéidir an fhoireann iomána is fearr a chonaic mé riamh.
ré órga golden age
" Bhí ré órga fhoireann pheile Átha Cliath faoi lán seoil.
iolar fíréan golden eagle
" Tharla a rud céanna don iolar fíréan fosta, ach tugadh isteach arís go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha as Albain iad sa bhliain 2001 agus rugadh scalltán ansin i mí na Bealtaine i mbliana.
Iontaobhas an Iolair Fhíréin the Golden Eagle Trust
" Deir Iontaobhas an Iolair Fhíréin i nGleann Bheatha nach eol dóibh aon chás inar mharaigh iolar uan, cé go bhfuil 46 acu tógtha as Albain go Dún na nGall ó bhí 2001 ann.
faoi cheiliúradh caoga bliain pósta about the golden wedding anniversary celebration
" Ach faigheann muid leideanna faoi chúlra na n-inimirceach sa chuid eile den leabhar, mar shampla, scéal ón *Liverpool Catholic Herald* (20 Feabhra 1909) faoi cheiliúradh caoga bliain pósta a bhí ag “Mr and Mrs Maxwell from Co.
ré órga golden age
" ré órgaBa é seo ré órga na nGormach i Meiriceá.
ar phlátaí órga on golden plates
" In 1823 dúirt Smith gur thug aingeal darbh ainm dó Moroni cuairt air agus dúirt sé leis go raibh leabhar – a bhí scríofa ar phlátaí órga – curtha sa talamh in aice a fheirme.
seamróg órga golden shamrock
" Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi! B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith.
ré órga na heagraíochta Gael Linn the golden era of the Gael Linn organisation
" Ach ba léir dom i ndiaidh agallamh a chur ar Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó bhí 2006 ann, gur fear gnímh é – ní fhéadfadh mo chara a rá riamh gur duine de na *Anoraks* é! Chuir mé agallamh air ag tús na míosa seo, agus tar éis dom éisteacht leis an téip, rith rud éigin liom: cuireann de Spáinn agus an méid atá bainte amach aige – i gcomhar le daoine eile, dar ndóigh – ré órga na heagraíochta Gael Linn i gcuimhne dom.
Niamh an Eireabaill Óir. Niamh of the Golden Tail
" Tá athshealbhú déanta ag Biddy Jenkinson ar an stair seo ó thús ama, mar deirtear linn gur thóg carachtar darb ainm dó An Cat Mara ríocht Lios na gCat in ómós dá ghrá geal, Niamh an Eireabaill Óir.
cuimhní órga golden memories
" Is as cuimhní órga ar sheal a chaith mé i Kerala an samhradh seo a thagann an íomhá bheag seo.
ré órga golden age
" Thosaigh ré órga theilifíse an tsnúcair nuair a bhuaigh Alex Higgins ar Ray Reardon i gCraobh an Domhain in 1982.
ciorcal órga na droinge damanta sin the golden circle of that damned set
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
ré órga golden age, era
" Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim chun deiridh.
ré órga golden age
" Gliceas ab ea é a d’oibrigh dó i 1965 agus arís i 1975 agus go minic ina dhiaidh le linn ré órga pheile Chiarraí idir 1975 agus 1986.
Seanadóirí golden oldies
" com/encyclopedia/Crom-Cruach) Seanadóirí bochta na hÉireann! Is gairid nach mbeidh fiú an méid a fhaigheann Balor bocht á fháil acu, nó deir Enda Aoibhinn Aoibhiúil go scorfaidh sé an Seanad má éiríonn leis riamh rialtas a chur le chéile.
buí golden
" An réamh-mhacalla iad na ribíní bána seo de na comharthaí réaltógacha buí lena mbrandálfaí díchumhachtacha eile sa tsochaí céanna scór bliana ar aghaidh? Agus, más ea, arbh iad Klara agus Martin a smaoinigh ar a leithéid de chleas úiríslithe? Meabhrú na ‘ciontachta’, agus náiriú poiblí san am gcéanna? Arís, fágann Haneke an dúcheist ar oscailt dúinn.
Órgheata Golden Gate
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
Ré Órga na hÉireann Ireland’s Golden Age
" ie a sheoladh nuair a tháinig deireadh le mo ré; deireadh le Ré Órga na hÉireann.
héin órga golden birds
" Bhí na soilse mearbhallacha ag scairteadh, cluais le héisteacht ar na héin órga agus ar na foghlaithe mara, agus Disco Paradise ag bíogadh ’s ag bogadh arís tar éis leathbhliain seaca.
Teilgeann sé dath óir it casts a golden hue
" Teilgeann sé dath óir ar an gcnoc agus ar an sneachta.
t-iolar fíréan golden eagle
" I measc na n-ainmhithe móra atá gann go maith anois san Eoraip tá an mac tíre, an mathúin, agus an t-iolar fíréan.
cnaipí órga golden lumps
" Bhí caipíní cearnógacha á gcaitheamh acu a bhí clúdaithe le cnaipí órga.
ag carnadh cuimhní órga na hóige garnering golden memories of childhood
" An rud is aistí agus is follasaí idir an samhradh in Éirinn agus an samhradh thar lear, dar liom, ná a laghad páistí a bhíos le feiceáil ag imirt taobh amuigh i lár an lae, iad ag béiceadh agus ag screadach, ag carnadh cuimhní órga na hóige don saol fada atá rompu.
le linn ré órga na spástaiscéalaíochta during the golden era of space travel
" Ach rinne Kittinger a éacht le linn ré órga na spástaiscéalaíochta.
ina "ré órga during their golden age
" D'athraigh na Trioblóidí sin uilig agus ní bheidh an smacht céanna ag aontachaithe is a bhíodh acu ina "ré órga".
giuirléidí órga golden accessories
" Ón am a tháinig tusa i gcumhacht níor chaith tú ach scoth na n-éadaí: síoda agus sról; agus giuirléidí órga a bhí thart ort i gcónaí.
ré órga nua i stair a new golden era in the history
" Leis sin, bhí tús curtha le ré órga nua i stair an chlub agus bhí dlúthbhaint ag Alex Ferguson lena cruthú.
ina phota óir a bhfuil gach duine sa tóir air is a golden fleece that all seek
" Tá "dípholaitiú na teanga" ar bhéal an uile dhuine, thuaidh agus theas, ina phota óir a bhfuil gach duine sa tóir air.
ré órga na teicneolaíochta the golden age of technology
" Go bunúsach, bhí ré órga na teicneolaíochta fós le gabháil i bhfeidhm ar hallaí ársa Coláiste na Tríonóide.
deireadh le ré órga an end to a golden era
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
ré órga na hÍsiltíre the Dutch golden age
" Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
ar ar bronnadh an Leon Óir which was awarded the Golden Lion
" Seachas fáinne gealltanais Scarlett Johansson ba é ba mhó a tharraing aird le linn na féile ná an scannán ar ar bronnadh an Leon Óir, príomhdhuais na féile.
fáinní óir ar do mhéaranta a golden ring on
" > ‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche, ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
i gceartlár ré órga in the midst of its golden age
" Bhí seans liomsa leis mar nuair a bhíosa seacht nó ocht de bhlianta, bhí Ciarraí i gceartlár ré órga idir 1975 agus 1986 agus níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt.
seasamh ar thairseach ré órga nua standing in the doorway of a new golden era
" D’fhéadfadh muid bheith inár seasamh ar thairseach ré órga nua, ach an machnamh agus an phleanáil chuí a dhéanamh i dtosach.
fáinní móra órga large golden rings
" Féach an chuma óg atá air! Féach na fáinní móra órga ar a mhéara is a Rolex órga… Go mbeirimid beo ar an am seo arís! <http://youtu.
a dhéanfas úbh órga duit which shall make a golden egg for you
" Má thaitníonn uibheacha go mór leat ach tá tú bréan d’uibheacha bruite, friochta, scallta agus scrofa, seo anois giúirléid a dhéanfas úbh órga duit.
ag machnamh ar ré órga na hiomána thinking about the golden era of hurling
" Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
Órgheata Golden Gate
" Tá Brian Ó Broin i ngrá le Cathair San Francisco go fóill agus é ag rothaíocht amach ar Dhroichead an Órgheata an turas seo.
Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre the golden age of Dutch art
" Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.
ré órdha an tSeapánaigh the Japanese man’s golden era
" Amharcann Pat Butler siar ar ré órdha an tSeapánaigh i bPríomh-Roinn Sacair na hAstráile.