Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardú meanman a great boost
" Measann sí gur ardú meanman é seo do na daoine atá ag seinm na stíle sin le blianta fada.
a thnúthán ba ghéire his greatest yearning
" Ach ugach chun a dhorais ní fhéadfadh a thnúthán ba ghéire a thabhairt di.
hardchumas great ability
" Thaispeáin Becker freisin go raibh infheistíocht níos mó á déanamh sna daoine le hardchumas, agus is cosúil go bhfuil an dearcadh sin fós ann na laethanta seo.
oll-liathróid tine great fire-ball
" Smaoinigh air: oll-liathróid tine ag luascadh fríd shráideanna Thrá Lí oíche na Rósanna.
mórthaispeántas great display
" Ní thig leat? Reid ina thost ======= Níor mheas Státrúnaí an Tuaiscirt John Reid gur thuill an mórthaispeántas paraimíliteach ráiteas uaidh.
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
an-iomaíocht great competition
"an-iomaíocht ag teacht ó na stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe.
raic cheart a great uproar
" Spreag an fógra raic cheart i measc an phobail.
an-deighilt a great split
" Bhí an-díospóireacht agus an-deighilt sa bpáirtí.
géarghá great need
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
an-éileamh great demand
" Bhí an-éileamh ag an bpobal orthu.
taom millteanach faitís a great fit of apprehension/shyness
" " Idir an tábla agus an doras bhuail taom millteanach faitís Antóin agus ann ach go dtiocfadh leis a lámh a chur le murlán an dorais.
an-éagsúlacht great variety
" AÓF: Cén fáth a gceapann tú féin go bhfuil Oireachtas na Gaeilge chomh tábhachtach sin i bhféilire na féilte? LÓM: Bhuel, tá an-éagsúlacht inti, sin rud amháin, agus tá aitheantas náisiúnta bainte amach aici maidir le réimsí áirid, na comórtaisí don amhránaíocht ar an sean-nós mar shampla, an dreas cainte, an scéalaíocht agus, le blianta beaga anuas, tá fás agus forbairt le feiceáil sa rince ar an sean-nós.
buntáistí nach beag great advantages
" Beidh buntáistí nach beag d'fhorbairt Ollscoil Ghaeltachta in Éirinn mar chuid den fhorbairt seo.
ollmhóra great
" Aithníonn an tAcadamh go bhfuil athruithe ollmhóra cultúrtha ag tarlú taobh istigh chomh maith le taobh amuigh den tír agus tá sé mar sprioc aige iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus a dtionchar ar shochaí na hÉireann a mheas.
Nach méanar domh Isn't it great/dandy (used sarcastically here)
an fia mór Éireannach the great Irish deer
" Bhí an béar, an mamat, an réinfhia agus an fia mór Éireannach i measc na n-ainmhithe is luaithe.
éacht great achievement
"éacht déanta ag craoltóirí an stáisiúin agus ag gach duine atá bainteach leis an tseirbhís.
ráchairt mhillteanach great demand
" Ba ghearr go mbeadh ráchairt mhillteanach ar an *Times*, achan duine á cheannach achan lá le fáil amach cá mhéad uair a bhí a bpictiúr ar an pháipéar an tseachtain seo.
Tá boladh ar dóigh agat There's a great smell (referring to the cooking, not the person!)
" "Tá boladh ar dóigh agat cibé," arsa Daire.
an dúrud a great deal
" "Síleann sí an dúrud den ríomhaire.
sárthaispeántas a great display
" An lá úd, an 24 Márta, thug foireann Choláistí Átha Cliath sárthaispeántas i bPáirc Pharnell agus léirigh an fhoireann céard ab fhéidir a bhaint amach trí shíorchleachtadh, obair dhian agus féinmhuinín.
géarghá a great need
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
bhí am ar dóigh againn we had a great time
" Ach bhí am ar dóigh againn, bhí sé iontach *exciting.
ollmhéid a tóna the great size of her backside
" Tuigeann Balor anois nach ollmhéid a tóna a bhí ag déanamh tinnis do Bhanríon Eilís Shasana nuair a bhí sí ag gearán faoin *annus horibilis* a bhí aici.
maithe agus móruaisle the great and the good
" Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge bailithe in óstán breá an Radisson le cúrsaí na Gaeilge a phlé roimh an toghchán atá romhainn.
an-tairbhe great benefit
géarghá great need
" Braitheadh go raibh géarghá le heagraíocht a bheadh in ann a bheith mar ghuth ag na scoileanna a bhí fágtha agus ag an gcúpla ceann nua a bhí ag teacht chun cinn.
géarghá great need
" Sa tuaisceart go háirithe tá géarghá le daoine a dhéanfaidh obair ar phá íseal sna monarchana agus is réiteach breá saor ar an fhadhb iad na hinimircigh.
méid millteanach ceoltóirí a great number of musicians
" Mheall Gaillimh í, mar tá méid millteanach ceoltóirí ansin, an chuid is mó acu as áiteanna eile ó dhúchas.
faoiseamh ollmhór great relief
" "Laetha deireanacha na síochána " a thuar an *Belfast Newsletter* an mhí seo caite, ach le faoiseamh ollmhór, tá mé sásta a rá nach dtáinig an *Armageddon* a raibh an *Newsletter* ag súil leis.
fíorghanntanas seirbhísí leighis a great shortage of medical services
"fíorghanntanas seirbhísí leighis trí mheán na Gaeilge ar fáil sna Gaeltachtaí.
géarghá a great need
" A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar *Songs of a Hidden Ulster*, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d'aithin sí go raibh "géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.
an draoi glórtha daonna the great number of human voices
" Nuair a fhágann an foghlaimeoir an pobal sin, áfach, le cur faoi in áit nach bhfuil daoine a thuilleadh, caithfidh sé brath ansin ar an draoi glórtha daonna ar an idirlíon.
sárchumas cainte great talkng ability
" Ach glórtha lácha cairdiúla atá ag na dúchasaigh ansin mar sin féin, agus sárchumas cainte acu.
rírá mór a great hubbub
" Céard a chiallaíonn an ceiliúradh seo ar fad chomh fada is a bhaineann sé linne anseo in Éirinn? Cén fáth gur eisceacht í ár bhfoireann sacair nár bhuaigh aon chomórtas riamh? An t-aon spórt geall leis nár éirigh linn comórtas idirnáisiúnta ar bith a bhuachaint ann, déanaimid mar náisiún ceiliúradh agus comóradh agus rírá mór mar gheall air.
éacht great achievement
"éacht déanta ag gach foireann a shroicheann an fhéile agus is cóir moladh agus aitheantas a thabhairt dóibh go léir agus go speisialta do na tíortha beaga ar nós na hÉireann (cé go bhfuil an líon daoine atá i dteideal imirt ar son na hÉireann i bhfad níos mó ná daonra na tíre féin).
lear mór daoine a great number of people
" Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
saothar mór great effort
" Bíonn ar na léachtóirí saothar mór a chaitheamh chun na mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh sna ranganna agus mar sin de ní bhacann a bhformhór leis seo a dhéanamh mar gur dóigh leo gur am amú é.
na dúile láidre great fondness
" Tá sé fíor go dtagann go leor chuig an bhFleadh nach n-aithneodh port ó chornphíopa, ach is deas an rud é le rá go bhfuil slua macánta dílis a fhilleann ar ais bliain i ndiaidh bliana de bharr na dúile láidre atá acu sa cheol agus an meas atá acu ar na ceoltóirí.
mhachairí móra fairsinge great wide plains
" Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas.
slám mór a great number
" Tá bagairt eile ann sa mhéid is go bhféadfadh conraitheoir tógála teacht isteach sa gceantar agus slám mór tithe a thógáil agus go mbeadh an Béarla i réim.
sárchluichí great games
" Bhí sárchluichí ann idir an Clár agus Tiobraid Árann faoi dhó an bhliain sin a mbeidh cuimhne ag lucht leanúna na hiománaíochta orthu, go háirithe i gContae an Chláir, go ceann i bhfad.
dáimh mhór great affection
" Neipeal ======= Tá dáimh mhór ag Cathal le Neipeal.
an-léargas great insight
" Ní bhfuair Séamus Ó Grianna a cheart riamh ón drong sin go dtí gur chrom Alan Titley ar an obair: tá an-léargas aige ar shaothar Mháire sa leabhar mór critice udaí, *An tÚrscéal Gaeilge*.
impleachtaí móra great implications
" Is conspóid í seo ar fiú súil a choinneáil uirthi mar go bhfuil impleachtaí móra i gceist ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta agus an baol ann go gcothófar deighilt níos mó idir muintir na tuaithe agus pobal cathrach na tíre.
géarghá great need
" Ar thaobh amháin dén scéal tá géarghá acu le bia de chineál ar bith.
sin-seanmháthair great grandmother
" Níor thuig sí ag an am sin go raibh ceangal aici le hÉirinn, gur ansin a rugadh a sin-seanmháthair.
mhórlaochra great heroes, legends
" Tá an léargas a thugtar sa leabhar ar chuid de mhórlaochra an FDNY, agus cuimhní cinn faoi thubaistí eile ón am a chuaigh thart, chomh suimiúil céanna, áfach.
fulaingt mhór great suffering
" Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh.
dhá bhíoma mhóra solais two great beams of light
" Bíomaí ======= "Ar an 11 Márta, leathbhliain i ndiaidh na n-ionsaithe ar na túir, caitheadh dhá bhíoma mhóra solais suas i spéir na hoíche i suíomh cóngarach don áit ar sheas na túir.
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh He who is reported to be dead will live to a great age
" Go bhfaighe siad seacht míle deis! Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin: Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.
Fhrithdhúnadh Mór The Great Lockout
" Tá Larkin, a bhí ina cheannaire sa Fhrithdhúnadh Mór i mBaile Átha Cliath i 1913, mór le rá go fóill i measc na nÉireannach agus na gceardchumannaithe ar Merseyside; bhí Jimmy Nolan, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh fada sna dugaí i Learpholl 1995-1998, mar aoi-chainteoir ag an slógadh roimh an pharáid.
méadú ollmhór great increase in size
" Ar na hargóintí ina choinne, tá an méadú ollmhór atá le theacht ar an Aontas Eorpach; taobh istigh de dheich mbliana beidh seacht dtír is fiche mar bhaill den Aontas agus tiocfaidh dúblú ar an daonra.
chothaigh sé an-charabuaic it caused a great sensation
" Ach rinneadh é a smugláil go Féile Scannánaíochta na Veinéise agus chothaigh sé an-charabuaic ansin.
an fhreagracht is mó the greatest responsibility
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach when DJ Carey scored a great point
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin under the spell of the great hurlers of his time
" An té a cheap nó a chum an ráiteas a théann leis na fógraí, measaim gur dóigh go raibh sé (nó sí) ina ghasúr i láthair i bPáirc an Chrócaigh nó i Staid Semple, Páirc Uí Chaoimh nó Páirc na nGael agus é nó í faoi dhraíocht ag báireoirí iontacha a linne féin.
Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn You must have seen great changes in your time
" "Caithfidh sé go bhfaca tú athruithe iontacha le do linn," arsa an polaiteoir.
Bhíodh am ar dóigh agam I used to have a great time
" Bhíodh am ar dóigh agam i gcónaí ansin.
An-iomanaí a bhí ann he was a great hurler
" An-iomanaí a bhí ann agus ba mhinic é ag bualadh ar dhoras theach na mBráithre chun iarraidh ar an mBráthair Ó Grádaigh teacht amach agus "cúpla poc" a bhualadh in éineacht leis.
éagóir mhór great wrong
" Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.
dhaoine iontacha great people
" Chuir mé aithne an- an-mhaith ar dhaoine iontacha i dTír Chonaill, daoine ar nós Anthony Gillespie, agus tá fíormheas agam orthu.
fíormheas great respect
" Chuir mé aithne an- an-mhaith ar dhaoine iontacha i dTír Chonaill, daoine ar nós Anthony Gillespie, agus tá fíormheas agam orthu.
sult mór great enjoyment
" Bhain mé sult mór as a bheith ag iarraidh na teachtaireachtaí Gaeilge a thuigbheáil.
an-iarracht great effort
" Bhuel, is rud maith é cuspóir a bheith ag duine, agus rinne mé féin an-iarracht ar an teanga a fhoghlaim.
tromlach mór great majority
" Cén fáth ar bunaíodh é? Cionn is go raibh tromlach mór na nGaelscoileanna ó thuaidh taobh amuigh den chóras ag an am sin, iad ar bheagán airgid agus beagán áiseanna.
an líon mór cairde the great number of friends
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
daoine den scoth great people
" Áit iontach agus daoine den scoth a bhí agus atá i Loch Garman, dar le Mícheál.
sin-seanathair great-grandfather
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
tromlach mór great majority
" Cén fáth ar bunaíodh é? Cionn is go raibh tromlach mór na nGaelscoileanna ó thuaidh taobh amuigh den chóras ag an am sin, iad ar bheagán airgid agus beagán áiseanna.
dochar mór great harm
" Agus céard a tharla? Tagann na hairí mara le chéile sa mBruiséal agus cuireann siad socrú nua iascaireachta ar bun a dhéanfas dochar mór don tionscal abhus.
titim mhór eile another great decrease
" Tá a fhios ag an saol Fódlach cén toradh a bheas ar an socrú nua: an bhliain seo chugainn beidh na heolaithe ag rá linn go bhfuil titim mhór eile sna stocanna amach ó chósta na hÉireann.
an-chur síos a great account
"an-chur síos sa leabhar ar an eachtra ar fad agus ar an rí rá a lean í agus chaithfeadh trua a bheith agat do Jimmy Cooney mar is cinnte gur duine uasal macánta é.
stuif den scoth great material
" Ach fuair muid stuif den scoth.
luach dochreidte great value
"luach dochreidte ag baint le bheith ag obair le daoine ag leibhéal an-phearsanta, mar atá mise.
thar cionn great
" "Bhí na daoine thar cionn," a deir Doherty, ag tagairt do na léachtóirí agus don fhoireann eile a dhéanann Clár Staidéir Idirnáisiúnta Notre Dame a reáchtáil as an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus as Coláiste na Tríonóide.
na mbuanna iontacha a bhí acu a chur faoi cheilt to hide their great talents
" Chonaic mé roinnt acu ag iarraidh na mbuanna iontacha a bhí acu a chur faoi cheilt mar nach raibh siad ag iarraidh seasamh amach," a deir Denise.
an-imní great worry
" Níor thug an Rialtas faoi deara go raibh an-imní ar an bpobal maidir le cúrsaí eacnamaíochta ach go dtí cúpla mí roimh an olltoghchán sa bhliain 2002.
sin-seanathair great-grandfather
" An samhradh seo caite, thug mo dheirfiúr cóip domh de leabhar a raibh stair ár sinsear ann agus fuair mé eolas ann gur tháinig Dennis Byrne, sin-seanathair mo sheanmháthar, go Meiriceá thart fá 1820.
ar iliomad cúiseanna for a great number of reasons
" Bíonn sé an-deacair iad a mhealladh chuig ranganna agus imeachtaí ar iliomad cúiseanna.
mhórbhuanna great talents
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
Má éilíonn seo dianiarracht if he demands a great effort
" Má éilíonn seo dianiarracht ar an léitheoir ar uairibh is maith is fiú an tíolachadh fileata atá mar thoradh ar an iarracht chéanna.
díomá an domhain great disappointment
" Chaith sé seacht mbliana ag obair ar leabhar ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus bhí díomá an domhain air a laghad díospóireachta a bhí ann nuair a foilsíodh an saothar.
an-drogall great reluctance
" Cén fath a rachainn? Shamhlaigh mé go mbeadh sí dorcha agus brónach mar áit, agus bhí an-drogall go deo orm roimpi.
dul chun cinn mór great progress
" Cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha maidir le húsáid an idirlín i gcúrsaí gnó, tá go leor fadhbanna le sárú sna tíortha sin go fóill.
méadú mór great increase
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
níos géire greater
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht? Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart.
Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir The Great Famine Commemoration Committee
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
ullmhúchán iontach great preparation
" Bítear ag maíomh go minic gur cuma faoin tSraith Náisiúnta ach, dáiríre, is ullmhúchán iontach é don Chraobhchomórtas a leanann é, go mórmhór agus an dá chomórtas á n-imirt sa bhliain chéanna anois, murab ionann agus an seanchóras a bhí ann nuair a thosaíodh an tSraith Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair.
an-taispeántas a great display
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
rogha mhór iománaithe iontacha a big choice of great hurlers
" In ainneoin go bhfuil rogha mhór iománaithe iontacha ag Contae na Gaillimhe, déarfainn go mbuafaidh ceann de na contaetha móra orthu, is é sin Cill Chainnigh, Tiobraid Árann nó Corcaigh, nuair a chasfar ar a chéile iad.
go raibh mianach an scoláire mhóir ann that he had what it took to become a great scholar
" Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart.
lear mór a great number
" Tá éagsúlacht iontach áiseanna le fáil ar an idirlíon, idir Raidió na Gaeltachta, *Beo! *ar ndóighe, agus lear mór eile suíomh eolais agus caidrimh.
scaifte ar dóigh a great crowd
" Anseo i Sydney tá scaifte ar dóigh cainteoirí dúchais fán chathair.
scoith aimsire great weather
" Ach, ar a laghad, bíonn scoith aimsire ann i rith na bliana agus caithfear a bheith sásta leis sin.
ó tréigeadh an Blascaod Mór since the Great Blasket was abandoned
" I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill, ag stracadh leis an aimsir agus le cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann.
mo shin-sin-seanmháthar my great-great grandmother
" "As Éirinn a tháinig mo mhuintir ar thaobh mo shin-sin-seanmháthar.
deiseanna iontacha great opportunities
" "Tá deiseanna iontacha sa cheantar do chomhlachtaí Éireannacha a dhéanann bogearraí ríomhaireachta agus teileachumarsáide, mar aon le huirlísí leighis," deir sé.