Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
a láimhsigh sé that he handled
" Léiríonn a dhearcadh nach iad na *Shinners *amháin atá feargach le David Trimble as an dóigh a láimhsigh sé an próiseas go dtí seo.
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart if we could handle it right
" "Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
a dhéantar a láimhseáil which are handled
" Stíl í atá bunaithe ar scileanna bunúsacha an chluiche, scileanna a dhéantar a láimhseáil agus a iomramháil go beacht agus go héifeachtach, le luas agus le máistreacht.
an dóigh ar láimhsigh sí the way she handled
" Bhí sí ina hAire Talmhaíochta san Fheidhmeannas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil - ainneoin gan taithí ar bith a bheith aici ar chúrsaí talmhaíochta - agus fuair sí moladh ó achan dhream mar gheall ar an dóigh ar láimhsigh sí an ghéarchéim áirithe sin.
a láimhseáil to handle
" Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh a láimhseáil? Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh? Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
a láimhseáil to handle
" Tá guthán Firefly, a rinne athair in Illinois a dhearadh, níos lú na gutháin phóca eile, agus dá bhrí sin tá sé níos fusa ag páiste é a láimhseáil.
iad a láimhseáil to handle them
" Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí.
ar láimhsigh siad that they handled
" Má nochtadh a lán faoi Denis Donaldson ansin, ba mhó ar fad an méid a léiríodh faoi pholaitíocht na nuachtán féinig ón gcaoi ar láimhsigh siad an scéal seo.
á láimhseáil againn being handled by us
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
na rialacha láimhsithe, the handling rules,
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil which regards to the way in which the commemoration would be handled
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. the teacher extended his hand to the door handle
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
láimhseáil handling
" Tá taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad.
cheansú handled
" Is fonn é seo nach furasta a cheansú.
láimhseáil an eolais handling, usage of knowledge
" B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
Láimhseáil handle(d)
" Láimhseáil sách maith déanta aige ar athchaipitliú na mbanc ach amhras mór ag baint le héifeacht NAMA.
scaifte a láimhseáil to handle the crowd
" Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach tá an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh nó ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an scaifte a láimhseáil.
láimhseáil to handle
" Thiocfadh liom Willie O Dea a cheapadh ina ghinearál orthu; tá taithí aigesean ar uirlisí troda a láimhseáil.
pleidhcíocht messing, handling
" Tá Hutchison tar éis a bheith ag pleidhcíocht le smaointe Tesla le blianta agus as a phleidhcíocht le gathanna leictreo-mhaignéadacha don chuid is mó, tá nithe áirithe tugtha faoi deara aige.
láimhseálann handle
" Siadsan na húdaráis a láimhseálann cumhacht.
láimhseáil to handle
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
ar láimhseáil handled
" Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann.
Láimhseáltar is handled
" Láimhseáltar an fhilíocht go néata tríd síos.
ionramháil to manage, handle
" ”* Mhaígh sé chomh maith, agus an ceart aige, nach mbeadh sé deacair SAM a ionramháil: *“I know what America is.
láimhseáil to handle
" Mar a dúirt an réiteoir aitheanta liom: “b’fhearr liom féin agus le réiteoirí eile, fearg agus droch-chaint mhailíseach a bheith dírithe orainn féin ná ag imreoirí ar a chéile mar go mbíonn sé níos éasca fearg an imreora a láimhseáil sa chomhthéacs sin ná mar a bhíonn nuair a dhíríonn sé a fhearg ar imreoir eile”.
láimhseáil to handle
" Caithfidh an Lucht Oibre an chodarsnacht soiléir a láimhseáil idir a bheith ag caint faoi Éamonn Gilmore a bheith ina Thaoiseach agus a bheith ag diúltú ag an am céanna aon iarracht a dhéanamh tacaíocht a lorg ó Shinn Féin agus ó iarrthóirí ar an eite chlé ar nós Joe Higgins, Finian Mc Grath, Catherine Murphy agus Séamas Healy, a mbeadh fonn orthu vótáil do Gilmore dá mbeadh An Lucht Oibre dáiríre faoi Gilmore a bheith ina Thaoiseach ar an gcéad rialtas eile.
ag láimhseáil handling
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
láimhseála of being handled
" Thar aon ní eile is áis tagartha é *QuickGuide™ Irish Grammar* atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, tá sé láidir agus seasfaidh sé saol fada láimhseála.
láimhseáil handle
" Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é.
láimhseáil tíortha éagsúla various countries handled
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
in ann dóibhsan able to handle them
" Beirt pháiste á thógaint aige – níl a bhean dhépholach in ann dóibhsan, dó siúd, ná di féin fiú.
sách gangaideach hard enough to handle
" ”* Cé go bhféadfadh sé a bheith sách gangaideach go príobháideach, mar pholaiteoir, choinnigh sé smacht iontach ar a bhéal agus é ag caint go poiblí.
gcois na scéine the knife handle
" Bun adharc reithe a bhí i gcois na scéine.
bagairt mar seo a láimhseáil to handle a threat like this
" Ar ndóigh, tá neart áiseanna ag na póilíní le bagairt mar seo a láimhseáil, go mór mór tar éis na gcíréibeacha anuraidh.
Láimhsigh siad they handled
" Láimhsigh siad arm tine cheana, is gan aon bhuntáiste acu mar gheall air.
i mbun handling
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
i láimseáil saol an leatroim in handling a life of inequality
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
nach féidir léi an brú a láimhseáil she can’t handle the pressure
" Ní féidir linn an locht a chur ar Lehane amháin, áfach! Barraíocht in Aon Ualach Amháin ================ Tá neamhchothroime san athchóiriú agus tá formhór na línte ag Lehane, agus is dócha nach féidir léi an brú a láimhseáil.
le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil to help her handle the business side of things
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
láimhseálann handle
" Má tá tú ar thóir a leithéid bí ag faire amach do: sciath GSM a chiallaíonn nach mbeidh ort an guthán a chur ar ‘mhodh eitleáin’ nó ‘Airplane Mode’; conas a láimhseálann na callairí na nótaí is ísle; agus an tacaíocht atá taobh thiar den iPod chun an brú ar an nascóir a laghdú.
as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin how they handled themselves
" Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide.
gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla the strong stream of English is hard to handle
" Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn.
acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil resources to handle the problems
" Caithfidh na póilíní ar Merseyside aitheantas a thabhairt don fhrith-Éireannachas agus don chiníochas atá sa chathair agus ba chóir go mbeadh acmhainní acu leis na fadhbanna seo a láimhseáil.
gabháil i ngleic leis an timpeallacht handle the environment
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa our forebears handled a lot worse
" Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa ============== Níor chóir dúinn bheith ag déanamh trua dúinn féin.
in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr on the island able to handle employment better
" Bheadh eagraíocht amháin in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr.
idir lámha handling
" Stíl stiúrthóra Haneke, tá sé le sonrú ar scannánóirí móra Eorpacha eile ár linne lena n-áirítear deartháireacha Dardenne na Beilge a bhfuil ceisteanna meitifisiciúla idir lámha acu freisin.
a bhí ag láimhseáil an iarratais who was handling the application
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
hanla scaoilte an bhoinéid bonnet release handle
" Anois, an pointe deireanach – rud a thug úinéirí faoi deara go han-luath tar éis dóibh an carr seo a cheannach! Coinnigh súil amach do hanla scaoilte an bhoinéid.
an scéal a ionramháil handling the matter
" Ón tús d'éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh.
atá idir lámha againn are we handling here
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh to handle and shoot a gun
" Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh.
láimhseáil sé scéal a nia he handled his niece’s story
" Go malltriallach, tá cuimhne ag teacht chuige faoin dóigh ar láimhseáil sé scéal a nia, Áine Dahlstrom ar bhain a hathair, Liam Adams, deartháir Gerry, mí-úsáid gnéasúíl aisti.
conas dul i ngleic le cruatan an tsaoil how to handle life's difficulties
" D’fhoghlaimíomar faoi shaol na ndaoine seo: conas béile traidisiúnta a ullmhú (bhí orainn muinéil na n-eireog a bhriseadh agus na cleití a bhaint i dtosach!), conas ócáid a cheiliúradh agus conas dul i ngleic le cruatan an tsaoil.
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc delaying in handling the appeals
" A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
leis na cúraimí sin on how you handle such matters
" Ní bheidh a fhios agat go dtí go bhféacha tú thú féin leis na cúraimí sin.
láimhseáil to handle
" Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil.
láimhseáil handling
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
chun an méala a láimhseáil to handle the bereavement
" Dar leo, ní féidir créachtaí doimhne caillteanas mar sin a leigheas ach gur féidir le Féileacáin tacú leis an teaghlach chun an méala a láimhseáil ar an dóigh is fearr agus is féidir.
an dóigh ar láimhsíodh an scéal the manner in which the story was handled
" Ach léiríonn an dóigh ar láimhsíodh an scéal go bhfuilimid, mar shochaí, fós tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar dhaoine gan na fíricí ar fad a bheith againn.