Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na rialacha láimhsithe, the handling rules,
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
láimhseáil handling
" Tá taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad.
láimhseáil an eolais handling, usage of knowledge
" B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
pleidhcíocht messing, handling
" Tá Hutchison tar éis a bheith ag pleidhcíocht le smaointe Tesla le blianta agus as a phleidhcíocht le gathanna leictreo-mhaignéadacha don chuid is mó, tá nithe áirithe tugtha faoi deara aige.
ag láimhseáil handling
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
i mbun handling
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
i láimseáil saol an leatroim in handling a life of inequality
" Más ea, agus má tá an tóin le titim as mórán gach tír agus as gach airgeadra ar domhan, d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann níos oilte i láimseáil saol an leatroim ná go leor dá gcomharsana.
idir lámha handling
" Stíl stiúrthóra Haneke, tá sé le sonrú ar scannánóirí móra Eorpacha eile ár linne lena n-áirítear deartháireacha Dardenne na Beilge a bhfuil ceisteanna meitifisiciúla idir lámha acu freisin.
a bhí ag láimhseáil an iarratais who was handling the application
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
an scéal a ionramháil handling the matter
" Ón tús d'éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh.
atá idir lámha againn are we handling here
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc delaying in handling the appeals
" A fhad is go bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag tarraingt na gcos i láimhseáil na n-achomharc, cén t-iontas má leanann comhlachtaí stáit ag glacadh léirmhíniú an-chúng ar an reachtaíocht.
láimhseáil handling
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.