Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hardáin is ísleáin heights and hollows
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
ceithre troithe ar airde four feet in height
" Ós rud é go bhfuil Frongoch suite sa Pháirc Náisiúnta (agus mar gheall ar easpa airgid!), ní bheidh an leacht cuimhneacháin rómhór - cloch ceithre troithe ar airde a bheas i gceist agus na focail seo le feiceáil uirthi: "Bhí 1,800 Éireannach i ngéibheann anseo tar éis Éirí Amach na Cásca, Baile Átha Cliath 1916".
aird height, hillock
" Ach mar sin, tá Caisleán na mBrianach go buacach le feiceáil ar bharr an aird go dtí an lá atá inniu ann.
airde height
" "Ní hionann na crainn ó thaobh airde de, agus fásann súnna fiáine talún fúthu.
airde height
" Cuireann na custaiméirí sonraí maidir le hairde agus meáchan ar fáil - ceist eile cad é chomh cruinn is a bhíonn na sonraí seo - agus nuair a "cheadaíonn" dochtúir atá bainteach leis an suíomh an t-ordú, seoltar amach na drugaí de ghnáth an lá dár gcionn.
sé troithe ar airde six feet in height
" Fásann deora Dé agus a mbláthanna dubhdhearga sé troithe ar airde ar thaobh an chasáin, agus bhí clábar domhain faoinár gcosa.
dá aois agus dá airde for his age and height
" Pé scéal é, agus mé ag cogaint na ceiste seo (maith dom an t-imeartas focal), bainfidh mé leas as an nath "fíor-ramhar" le cur síos a dhéanamh ar *"obese"*, agus as ár seanchara "ramhar" nuair nach bhfuil i gceist agam ach duine atá beagán róthrom dá aois agus dá airde.
ní maith liom bheith thuas ard I don't like heights
" ) Chuaigh mé isteach i bhfoirgnimh an Campo uilig, seachas an túr, mar ní maith liom bheith thuas ard.
ar airde in height
" Ina measc seo, tá an dumhach is mó ar domhan, ar a dtugtar Big Daddy nó Crazy Dune, atá 350 méadar ar airde.
ag gnáthairde, at normal height,
" Ag eitilt mar seo, ní chaitear ach roinnt bheag den fhuinneamh – agus breosla – a bhíonn ag teastáil ag gnáthairde, agus is féidir lasta i bhfad níos mó a iompar.
ní maith liom bheith thuas ard! I don't like heights!
" Ní dheachaigh mise ann, áfach, mar ní maith liom bheith thuas ard! Is cinnte go raibh séipéal nó mainistir níos luaithe fiú ann, sa Ré Luath-Chríostaí.
airde height
" Bailíodh airde, meáchan agus toise coime na rannpháirtithe mar chuid den staidéar agus ríomhadh a n-innéacs corpmhaise.
ar airde mhillteanach an enormous height
" Seasann na foirgnimh ilstóracha ar airde mhillteanach agus feidhmíonn siad mar tholláin gaoithe uaireanta nuair a bhíonn an lá séidte.
n-airde height
" Tá an tsamhlaíocht in ann seanlaochra a bheochan dúinn, mórgacht a chur lena ngaiscí, orlaí lena n-airde, fad lena bpoic, iontas lena ngíomhartha, uaisleacht lena bpearsa agus glaine lena gcroí.
a airde his height
" Dar le Liam Ó Maolaodha a bhí ina eagraí ar Chumann na bhFiann ag an am, ba ‘dhaoine uaisle’ iad muintir de Stín agus ‘sheas Jim amach ón tslua de bharr a phearsantachta, a chur chuige agus, dar ndóigh, a airde’.
ar ard os cionn on a height above
" Tá ceantar na turasóireachta ar ard os cionn abhann an Mhississippi, agus mar sin níor deineadh dochar dó i rith na speirlinge, ach bádh na codanna na cathrach.
an airde mhearbhallach the dizzying heights
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
an airde sin that height
" Mar sin, ar bhealach, bhí sé fós an-ghar don talamh! Ach fós féin, ag an airde sin níl i ndlús an atmaisféir ach 1% den dlús atá ann ag cothrom na mara, rud a léiríonn a thanúla is atá an brat beag aeir atá bunriachtanach don saol.
dhá airde twice the height
" Ach beidh dhá airde Hall na Saoirse (atá fós ar ar cheann de na foirgnimh is airde i mBaile Cliath) sna muilte ollmhóra atá beartaithe.
na himlíne comhairde cruinn the height contour lines above sea level accurate
" Níl na himlíne comhairde cruinn orthu fosta, agus go minic bíonn siad as dáta maidir le bóithre agus bailte nua.
Baineann sé le hairde it pertains to the height
" Baineann sé le hairde na ‘gcrann’ a gcuirfidh mé.
i bhfad os cionn airde na contúirte well above the danger height level
" Is crainn astu féin iad feasta agus tá siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin.
buaic na glóire seo a bhaint amach reach this height of glory
" Dar le Feilim Mac an Iomaire, urlabhraí Paddy Power, go gcuireann ráth Clarke in iúl “gur féidir le haon díograiseoir pócair buaic na glóire seo a bhaint amach.