Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ómós homage
" Tá súil agam go dtugann mo leagan féin de na boinn ómós d'fhís Gabrielle Hayes.
ómós homage
" Tugtar ómós do na naoimh sin sa Bhriotáin go fóill, cé nach n-aithníonn an eaglais sa Róimh iad.
in ómós don in homage to
" Tá eastát nua tithíochta i Walton, Learpholl ainmnithe in ómós don scríbhneoir Éireannach Robert Noonan.
ómós homage
" Bhí siad mar a bheadh athair agam agus tá súil agam go dtabharfaidh mé ómós mór dóibh lá éigin.
fómós homage
" D'éirigh chomh mhaith sin léi mar ócáid gur shocraigh an coiste eagrúcháin an fhéile a chur ar siúl an bhliain dár gcionn i bhfómós Packie Manus Byrne, scéalaí áitiúil.
ómós homage
" Sampla suntasach den chlaonadh seo is ea *Ghostship *(1998) a rinneadh in ómós do na longa solais agus a gcuid criúnna, a shaothraigh go crua ar feadh na mblianta ar chóstaí na hÉireann.
in ómós an scoláire in homage to the scholar
" Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842.
ómós homage
" Ba chóir go gcríochnódh a leithéid sin d’imreoir a ré ar an stáitse mór ar nós cluiche deireanach an tséasúir nó a leithéid sin agus deis ag an lucht leanúna ómós a thabhairt dó.
ómós homage
" Deich gclár ar fad (móide an clár faoi Chormac) atá sa cheathrú séasúr de “Laochra Gael” agus tugann gach clár ómós do mhórimreoir peile nó iomána.
ómós homage
" Ní hé amháin go raibh an uimhir 99, uimhir an gheansaí a chaitheadh Gretzky, díchoimisiúnaithe ag foirne uilig an NHL le hómós dó, ach bhí conarthaí fógraíochta sínithe aige le comhlachtaí móra, dála Ford, a shaothródh na milliúin dollar dó sna blianta atá romhainn.
ómós homage
" Agus mé ag fás aníos bhí ardmheas ag an teaghlach ar an Ghaeilge - tugadh ómós di mar mhodh cumarsáide agus mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta.
in ómós don lucht oibre in homage to the workers
" Anseo in Éirinn is lá saoire bainc é Lá Bealtaine in ómós don lucht oibre.
ómós ar leith special homage
" “Guairneán an bháis” a baisteadh ar an bpáirc sin i ndiaidh an chatha, agus tar éis an chogaidh, tugadh ómós ar leith do shaighdiúirí a throid inti.
ómós homage
" An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca tú mé ar an tele? Nach bhfaca tú mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh mé ag an tsochraid? *A leithéid de cheist! “Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí sé *bonny* gan dabht.
in ómós dó in homage of him
" Níos measa fós, áfach, i mbliana – bliain *The Wind That Shakes the Barley* – tá an suíomh ina láithreán bruscair anois! Tá Mícheál Ó hÉanaigh curtha sa reilig Chaitliceach i gCaiseal, áit a bhfuil leac cuimhneachán breá in ómós dó, agus na focail seo scríofa air: “I ndilchuimhne ar Mhicheál Ó hIgne d’Óglaigh Phoblacht na hÉireann, Complacht D, An Dara Cath, Céad Roinn an Tuaiscirt, a mharaigh Arm Shasana, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille, ar 28ú Feabhra 1921.
ómós homage
" Tesla Motors an t-ainm a thug siad air, in ómós do Nikola Tesla, an t-innealtóir agus ceapadóir Seirbiach a fuair bás i 1943.
in ómós do in homage to
" Ainmníodh an Gradam in ómós do Sheosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ball bunaithe agus rúnaí comhlachta Ghaillimh le Gaeilge.
in ómós don iar-Phápa. in homage to the former Pope.
" Ar Chearnóg Pilsudski i lár na cathrach, cuireadh na céadta coinneal i gcruth croise in ómós don iar-Phápa.
in ómós in homage
" Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
in ómós dó. in homage to him.
" Ba chairde móra iad Phil Heyes agus John Peel agus eagraíonn Phil The John Peel Memorial Gig and Trophy gach Deireadh Fómhair in ómós dó.
an t-ómós agus an urraim, the homage and respect,
" Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola.
in ómós di in homage to her
" uk), áit a bhfuil píosa álainn eolasach in ómós di ar fáil.
in ómós do in homage to
" Tá an ócáid seo á heagrú in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill, an t-amhránaí agus giotáraí a fuair bás tobann i mBaile Átha Cliath ar an 7 Iúil anuraidh.
in ómós do Mhícheál in homage to Mícheál
" Tá an ócáid seo á heagrú in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill, an t-amhránaí agus giotáraí a fuair bás tobann i mBaile Átha Cliath ar an 7 Iúil anuraidh.
mar ómós as homage
" Shocraigh mé i m'intinn a chuid ceoil a chur amach i bhfoirm leabhair mar ómós don fhear, rud a rinne mé i 1976 nuair a foilsíodh *The Dance Music of Willie Clancy*.
ómós homage
" Tugadh an t-ainm seo ar an áit chun ómós a thabhairt do Charlotte, bean an rí Shasanaigh Seoirse III.
in ómós do in homage to
" B’in a rinne sé ar an oíche in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill i Sráid Vicar mí ó shin.
ómós homage
" In ómós dóibh siúd atá tagtha chugainn ó thíortha eile le blianta beaga anuas, beidh spiorad Eorpach ar leith le brath ar Fhéile na bliana seo.
in ómós don fhuirseoir éachtach. in homage to the extraordinary comedian.
" “Sin a thugtar orm i nGaeilge,” a mhínigh sé do mhaithe agus do mhóruaisle na tíre a bhí bailithe le chéile in ómós don fhuirseoir éachtach.
in ómós do in homage to
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
in ómós dóibh in homage to them
" " *Sheinn sé port in ómós dóibh, rud a chuir gliondar ar Sheán McNamara, an ball deireanach den bhanna atá go fóill beo.
ómóis of homage
" Tugtar ‘Joeys’ ar fhir grinn inniu féin mar chomhartha ómóis dó, agus ba é a chuir tús leis an nós go ngléasadh fir iad féin in éadaí mná meánaosta nó ‘dames’ mar is fearr aithne orthu.
ómós thar meon inordinate homage
" Aonaracht agus coimhthíos a thiocfas as sa saol atá anois ann, saol a thugann ómós thar meon don íomhá phearsanta agus a thugann tosaíocht áite don ábharachas.
ómós homage
" Tugtar an chreidiúint do Cholm Cille agus don 12 manach a bhunaigh an mainistir ar Í in éindí leis, as leathnú na Críostaíochta i measc na gCruithean agus tugtar ómós dá réir ar fud na hAlban do ‘Cholumba’, an bunainm Laidine a thugtar in Albain ar Cholm Cille sin againne.
ómós homage
" Leagann siad an-bhéim ar an fhéinchosaint agus tugann siad ómós do na fir a sheas an fód seasca bliain ó shin.
ag tabhairt urraime paying homage
" "* Tá dílseoirí mar a bheadh íobartaigh an ghrá leatromaigh ann - tá grá acu don Choroín ach bhí Eilís II i mBaile átha Cliath ag tabhairt urraime dóibh siúd a throid ar son saoirse na hÉireann; tá polaiteoirí Aontachtacha ar nós cuma liom faoi riachtanais an aicme oibre Phrotastúnaigh.
urraim homage
" Cé gur theip ar an lucht creidimh os a chomhair, rinne Sachs urraim fhada, áibhéileach fiú, insa dhá bhreithiunas seo don chreideamh féin mar fhoinse fhiúntach mhórálach, cé go raibh sé tar éis cur síos goilliúnach a dhéanamh ina phrós ar naimhdeas an chreidimh.
ag tabhairt ómóis don paying homage to
" Tá tú ag tabhairt ómóis don stíl a bhí ann romhat agus is cleachtas é a tharlaíonn go minic san India agus i dtíortha eile.
fiacha an dráma féin do the play’s own homage to
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.