Pota Focal Intergaelic
hostel | hovel | hoe | hole | hot
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iriseoireacht óstáin hotel journalism
" Mar sin, an mbreathnaíonn Fisk air féin mar fhinné ar an chogadh nuair atá iriseoirí eile sásta iriseoireacht óstáin a chleachtadh? “Téim chun na hIaráice agus – dálta Patrick Cockburn, an tÉireannach atá ag obair don *Independent *agus iriseoir an *Guardian *- bím ag tuairisceoireacht ó na sráideanna,” ar sé.
óstán cúig réalta a five-star hotel
" óstán cúig réalta Chuamar amach ar bhád iascaireachta go hOileán Benguerra agus chaitheamar oíche ansin.
úinéirí na n-óstán the hotel owners
" Bíonn úinéirí na n-óstán sásta má íocann táillí na seomraí leapa pá na n-oibrithe; bíonn na cuairteoirí ag ithe agus ag ól sna hóstáin, agus gineann sé seo ioncam breise nach mbeadh ar fáil dá mbeadh na seomraí folamh.
óstáin bhreátha mhóra fine big hotels
" Tógadh óstáin bhreátha mhóra agus vilí ar an chnoc.
Bhuaileamar isteach in óstán we called into an hotel
" Bhuaileamar isteach in óstán agus muid ag lorg béile.
lucht fáiltithe an óstáin the reception staff in the hotel
" Dúirt lucht fáiltithe an óstáin go raibh an aimsir seo geallta don lá ar fad, agus ní raibh cóta báistí ar bith liom.
óstán galánta posh, lovely hotel
" I lár na míosa seo caite, eagraíodh comhdháil a tugadh Le Chéile Arís air in Óstán Clarion, óstán galánta i gcathair Chorcaí.
óstán, hotel
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
gach duine ar fhoireann an óstáin all of the hotel staff
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, his company were supposed to be paying for my hotel bill
" Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, ach ní raibh sé íoctha acu fós.
roghnaigh óstán choose an hotel
" Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na *gondolas* agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu.
in óstlann cois locha in a lakeside hotel
" Chaith mé cúig mhí ag obair le comhlacht arb é a ghnó ná safari ar dhroim capaill a chur ar fáil in Nyika National Park – an pháirc is mó de na cúig pháirc náisiúnta sa tír – agus sé mhí ag obair in óstlann cois locha i mbaile ar a dtugtar Nkhata Bay.
thóg na hóstáin é the hotels built it
" Deirtear gur thóg na hóstáin é sa naoú haois déag mar chosaint in aghaidh ghaineamh na trá.
in óstáin uilig chathair Chorcaí in all the hotels of Cork City
" Agus an t-óstán lán, bheadh níos mó daoine ag fanacht ann ná mar atá ag fanacht in óstáin uilig chathair Chorcaí in aon oíche.
d'óstán búitíc of a boutique hotel
" Rinneadh athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d'óstán búitíc é anois.
Níl in óstán a hotel is just
" Áit le Síneadh Siar Níl in óstán do roinnt daoine ach áit le síneadh siar tar éis lá mór fada fánaíochta i gceantar coimhthíoch.
óstán a hotel
" Bhuail mé le hÉtaoin Ní Ailpín in óstán gar do chathair Chorcaí ar lá fliuch samhraidh.
óstlanna hotels
" Níl sé i dtaithí ar fhanacht in óstlanna nach bhfuil a leithéid de chaighdeán acu.
óstán hotel
" In 2009, chuir an Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte (the All-Party Parliamentary Group on Conflict Issues) agus an cumann carthanachta, The Forgiveness Project, cuireadh ar Patrick Magee, an fear a leag an buama in óstán an Grand i mBrighton i 1984, labhairt taobh istigh i Westminster féin i gcuideachta Jo Berry ar maraíodh a hathair, Sir Anthony Berry, san eachtra.
gcarrchlós na hóstlainne the hotel carpark
" ” Thart ar a trí a chlog ar maidin, thángthas ar an gcailín, ceithre bliana d’aois, i gcarrchlós na hóstlainne ina raibh an dioscó faoi lánseol agus í ag caoineadh.
hóstáin hotels
" Chuireas ceist ag an oifig eolais faoi agus dúrthas liom go dtagann an méid sin turasóirí ón tSeapáin ar chuairt go dtí an Mall of America, gur gá comharthaí a bheith san aerfort dóibh! Dar fia, níl ach 30 slat idir an t-aerfort agus an Mall of America, agus téann busanna speisialta idir an t-aerfort, na hóstáin sa cheantar, agus an tsiopalann gach cúig nóiméad.
áirithintí na n-óstán the hotel bookings
" Ó tharla an tubaiste, tá titim 100% tagtha ar áirithintí na n-óstán ann.
thar óstán a chur in áirithe apart from booking a hotel
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
tAthóstán second hotel
" An tAthóstán ======= Bhí ciotaí sa scéal, áfach.
sheomra óstlainne a hotel room
" An mbeimis in ann teacht ar sheomra óstlainne don cheathrar againn ar gearrfhógra? Agus ar phraghas réasúnta? Ní bheadh sé éasca, bhí fhios againn é sin, ach b’fhiú tabhairt faoi.
óstán hotel
" Thugas faoi chlár nó dhó a fheiceáil, agus tar éis dom iad a fheiceáil, ghlaos ar an óstán i mBaltimore ag iarraidh m'airgid ar ais.
tithe ósta hotels
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
seomra óstáin a hotel room
" Deir urlabhraí thar ceann na nglantóirí nach mbeidís in ann srian a choinneáil orthu féin dá dtiocfaidís ar Aire de chuid Fhine Gael lom nocht i seomra óstáin.
Vous avez une chambre d’hôtel? Do you have a hotel room
"Vous avez une chambre d’hôtel?” arsa mise.
hóstáin hotels
" Bhí taithí sa tír ar chailíní ón Rúis a bheith ag cuidiú le costas a gcuid taistil trí sheirbhis a chur ar fáil d’fhir na háite sna hóstáin.
fhuinneog an óstáin the hotel window
" Dhá rud a chuala mé ó fhuinneog an óstáin ar dhúiseacht dom ar maidin: trup trap chrúba capaill ar an mbóthar fúm, sin agus buillí rialta na gcasúr.
n-óstán chois cladaigh hotels by the beach
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
in óstán san Iorua in a hotel in Norway
" Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla, i mo mhúinteoir matamaitice, bhí mé ag obair in óstán san Iorua.
ag comhrá i bhforsheomra an óstáin chatting in the hotel foyer
" Brú, Bagairt is Béicíl gan Ghá ============= Ansin thosaigh siad ag béicíl agus ag drantú agus ag druidim isteach ar an slua a bhí fós ag caint agus ag comhrá i bhforsheomra an óstáin.
Lóistín in óstán cheithre réalt stay in a four star hotel
" Lóistín in óstán cheithre réalt, bricfeasta agus dinnéar san oíche: 499 punt Sasanach don choicís.
ag tosú ár gcuid óstán a cheannach starting to buy our hotels
" Athruithe ar Thír is ar Thalamh ========== Tá pobal na hÉireann i bhfiacha leis an Gearmánaigh ar na billiúin Euro; tá comhlachtaí móra na Gearmáine ag ceannach siopaí Shráid Grafton agus tá na Rúisigh, fiú, ag tosú ár gcuid óstán a cheannach (an t-óstán a raibh Tóstal na Gaeilge 2013 san áireamh).
suas cosán na haille go hostán up the cliff path to the hotel
" Siúlamar suas cosán na haille go hostán tar éis an tsearmanais agus chaitheamar an lá ag ceiliúradh go tráthnóna.
go dtí an t-óstán to the hotel
" Tugadh teastas dúinn sa Líonán mar éiric ar ár gcuid iarrachtaí ach fán am a rinne muid an turas deich slat trasna an bhóthair go dtí an t-óstán bhí sé loite ag an bháisteach.
san óstán in the hotel
" Bhí duine ag fanacht san óstán, ollamh mór as Bucaraist.
ina bhfuil na hóstáin saor where the hotels are cheap
" Tá a fhios agam go bhfuil Benidorm gránna mar áit, ach sin an áit ina bhfuil na hóstáin saor, agus ní bhíonn sé róchallánach san fhómhar agus san earrach.
sna hostáin agus sna láithreáin champála in the hotels and camping sites
" Idir óg agus aosta ag malartú fonn, amhrán agus scéalta, coirmeacha móra, baiclí beaga ag seinm ar na sráideanna agus sna hostáin agus sna láithreáin champála.
húinéirí óstáin hotel owners
" Faigheann an Fhéile tacaíocht ó Rialtas na hÉireann agus ó Chomhairle Cathair Learphoill agus meallann sé turasóirí as an-chuid tíortha, mar is eol dúinn ó na húinéirí óstáin.
bheartaigh dhá cheann de na hóstáin two of the hotels decided
" Bhí sé pléite ag lucht polaitiúla agus rinneadh iarracht an méid is mó drochphoiblíocht a tharraingt air sa dóigh gur bheartaigh dhá cheann de na hóstáin an áirithint a bhí socraithe acu le lucht an chomórtais a scaoileadh uathu.
hóstáin hotels
" Tháinig daoine ó bhreis is 75 náisiún éagsúla chuig an chathair i rith na bliana seo agus ní raibh bliain inchurtha leis ag na hóstáin riamh ó thaobh gnó de, agus tá dóchas ann go gcuideodh an toradh seo le margaíocht na cathrach san am atá le teacht agus go mbeidh tionchar aige seo ar gheilleagar agus ar fhostaíocht sa chathair.
d’óstáin cúig réalta five star hotels
" Luaigh sé roinnt tithe tábhairne mar shamplaí d’áiteanna tábhachtacha stairiúla, agus trí cinn d’óstáin cúig réalta – péire acu in Santa Monica, California, agus an tríú ceann in Kuala Lumpur.
tithe ósta hotels, pubs
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
an t-óstán the hotel
" Trí chiliméadar ó thuaidh, tá an t-óstán i Málainn Mhóir dúnta agus sa chéad sráidbhaile eile, Caiseal, tá an teach tábhairne cáiliúil Tigh Bhidí dúnta fosta.
seanóstán an old hotel
" Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh.
sheanchas an óstáin the hotel's folklore
" Ríomhann sé san alt seo cuid de sheanchas an óstáin a chuaigh i bhfeidhm go mór air le linn a sheal san fhoirgneamh liostaithe.