Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a sheilg to hunt
" Feicim iad ar an teilifís, na béir fhiata fhraochta ar ghnách liomsa iad a sheilg go fíochmhar, anois ag sraoilleadh thart go muirneach fána thionchar.
Éan seilge ríogúil maorga regal stately hunting bird
" Éan seilge ríogúil maorga atá ann ach éan a gcuirfeadh éanacha beaga gan tábhacht an ruaig air más gá.
ag seiftiú cúlchainte hunting gossip
" B'ionann an conablach éin a ghoid an madadh rua faoi chroí mhór mhaith ó channa bruscair agus an dóigh a mbím féin ag cur boladh scéalta agus ag seiftiú cúlchainte chun mo cholún nuachtáin a líonadh.
ag fiach hunting
" Bhíodh deis acu ceathrú uaire nó fiche nóiméad a chaitheamh ag fiach agus ba mhinic slam coiníní nó muc fiáin aimsithe acu sula mbeadh orthu dul ar ais ar an traein.
ag seilg hunting
" "Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d'fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta," a deir Balor an Réamhstaraí.
Théidís ag seilg agus ag iascaireacht they used to go hunting and fishing
" Théidís ag seilg agus ag iascaireacht fá choinne bia, agus bhailídís torthaí agus cnónna.
sheilg siad they hunted
" ) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan – rud nach raibh amhlaidh – agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
fiach hunting
" Cloisfidh tú na leithscéalta ar fad – is ar mhaithe le cothú na n-ainmhithe a dhéantar é, de réir dealraimh! Nuair a bhí mé féin san Afraic Theas, bhí caint faoi thús a chur le fiach i bPáirc Kruger, chun líon na n-eilifintí a choinneáil faoi smacht.
gur fíorfhiach é that it's a real hunt
" Ní fiach é, cé go gcuirtear i gcéill in amanna gur fíorfhiach é.
fear na géarleanúna the witch-hunt man
" Kennedy agus an Seanadóir Joe McCarthy - fear na géarleanúna agus an bithiúnach i scannán nua Cooney, *Good Night and Good Luck *– de na gnéithe is fearr agus is measa de Mheiriceá na nÉireannach.
gadhair fhiaigh hunting dogs
" Ní cinedhíothú amháin a bhí mar aidhm ag brúideanna míleata Milosevic, na gadhair fhiaigh a scaoileadh amach lena chaoinchead chun drochobair Shátain a chur i gcrích.
blaosc madaidh seilge the skull of a hunting-dog
" Tá cnámha ainmhithe ann, blaosc madaidh seilge san áireamh.
a léiríonn radharcanna sealgaireachta which depict hunting scenes
" Tá snoíodóireacht iontach air, a léiríonn radharcanna sealgaireachta agus an Rí Dáibhí ón Sean-Tiomna.
ag fiach hunting
" Gan duine ná deoraí le feiceáil ach beirt fhear le gránghunnaí agus madraí ag fiach amuigh sa choinleach.
ag fiach amhrán hunting songs
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
sheilg siad na héin mhaorga seo. they hunted these stately birds.
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
á sheilg hunting it
" Tá súil agam nach mbeidh daoine á sheilg dá thairbhe seo.
ar mhuca fiáine a sheilg siad on the wild pigs that they hunted
" Mhair siad, ar éigean, ar mhuca fiáine a sheilg siad sna coillte agus bhí siad ag brath chomh maith ar na bradáin ar rug siad orthu san abhainn lena líonta.
seilg na míolta móra whale-hunting
" Tá sé íorónta go bhfuil faire ar mhíolta móra anois ar cheann de na díolta is mó spéise i measc na dturasóirí toisc go raibh seilg na míolta móra ina mhórthionscal daichead bliain ó shin.
chuathas i mbun géarleanúna a witch-hunt was begun
" In áiteanna eile, ar an drochuair, chuathas i mbun géarleanúna.
Bíonn na caimiléirí ag faire creiche. Cheaters hunt for their prey
" Bíonn na caimiléirí ag faire creiche.
ag seilg sa choill hunting in the wood
" Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú.
i seilg ainmhithe móra in hunting big animals
" Dála a chara Bernhard agus cheannairí eile CFD, tá dúil mhór ag Diúc Dhún Éideann i seilg ainmhithe móra – tíogair, eilifintí, agus araile; na hainmhithe sin uilig ba chóir dóibh a bheith ag caomhnú.
sealgaireacht hunting
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
sheilg sé leis he continued to hunt
" Bhí cead a chinn aige agus sheilg sé leis.
chuirfeadh an ruaig ar would hunt (one) away
" Chuirfeadh an áit féin bialann de chuid McDonalds i gcuimhne duit, gairéadach agus míchompordach, cumtha agus curtha le chéile sa bhealach a chuirfeadh an ruaig ar dhuine.
ruaig a chur orthu hunt them out
" D’fhulaing muintir na Somáile go mór faoi riail na dtiarnaí cogaidh go dtí 2006, nuair a d’éirigh le grúpaí Iosalamacha an ruaig a chur orthu.
dul sa tóir ar to hunt down
" Mar chuid den ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ d’earcaigh an CIA tiarnaí cogaidh - cuid acu, fiú amháin, a raibh baint acu le marú na Meiriceánach i 1993 - le dul sa tóir ar Mhoslamaigh ar cuireadh ina leith go raibh baint acu le Al-Qaeda.
Dhéantaí seilg used to hunt
" Dhéantaí seilg ar ainmhithe agus bhaintí feidhm as luibheanna mar leigheas san fhoraois.
dhíbirt hunt away, dispense with
" In áit na daoine sin a dhíbirt, ’sé an chaoi gur tugadh breab dhóibh le go n-imeoidis! Nach deas an eiseamláir é sin do gach duine eile, ar a bhfuil cúram poiblí? (http://www.
seilg hunting
" Tá an ‘chasse à l’homme’ dírithe ar áiteanna a bhfuil taithí ag an teifeach orthu, is iad sin na coillte agus na foraoiseacha inar chaith sé na blianta fada ag obair agus ag seilg i gceantar an Seine et Marne.
tsealgaireacht hunting
" org/) Le cuimhne na seacht sinsear, tá Ogiek Mau beo ar an tsealgaireacht agus ar an mbailiú meala is torthaí.
tóir air hunting him
" Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.
ag seilg hunting
" Tá stair a théann i bhfad siar ag baint léi toisc go dtagadh ríthe na Fraince féin amach ó Pháras chun laethanta fada a chaitheamh ag seilg ann.
tóir hunt
" ’** Fuair an t-ealaíontóir, Louise Bourgeois, bás le taom croí ar na mallaibh.
a ndúichí seilge their hunting ground
" Bhí a ndúichí seilge traidisiúnta caillte ag an mhuintir dhúchais agus dá bhrí sin léirscriosadh a slí mhaireachtála agus a saíocht.
ruaig hunt away
" Déanann an scéal cur síos ar rón mí-ámharach atá mar pheata ag teaghlach Connachtach go dtí go gcuirtear brú orthu an ruaig a chur ar an rón beag ceanúil.
i mbun seilge while hunting
" Cé go bhfuil siad an-mhór, bogann siad go han-tapa thar achar gairid agus iad i mbun seilge.
ag fiasheilg deer hunting
" Is maith leo a bheith ag fiasheilg leis na cúnna agus ag rith leis an fhia bheannach.
seilg le saighead to hunt with a dart(s)
" Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith).
chuir na Breatnaigh an ruaig orthu the Welsh hunted them
" Chuaigh siad go Ynys Môn ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu.
fonn seilge air intending to hunt
" Cad a thug go dtí an Afraic é, agus fonn seilge air, nuair atá duine as ceathrar dá lucht géillsine gan obair ar bith? Baineann costas mór le turas mar é, is ní nós le ríthe tarraingt as a n-acmhainní féin.
i mbun na seilge while hunting
" Is é oighear an scéil nach mbeadh aon chaint ar an turas in aon chor murach gur thit an rí i mbun na seilge agus bhris a chromán.
ag dul ag fiach going hunting
" Dhein roinnt acu magadh faoi, mar ab fhurasta a dhéanamh: seanduine, raidhfil ina ghlac aige agus é ag dul ag fiach i mbrothall Bhotsuáine.
ruaig an deatach the smoke hunted
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
fiach mór orthu intense hunting
" Bíonn fiach mór orthu de ghrá a gcuid feola.
ar lár gone to the happy hunting ground
" Dá shuaraí féin é, tá deontas eile ar lár ó phobal na Gaeltachta le himeacht Scéim Labhairt na Gaeilge.
ag fiach hunting
" Ba chuimhin liom a dúirt mé, go mba bhreá leis dul amach ag fiach leis an raidhfil.
seilg an mhíl mhóir whale hunting
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
a sheilg tráchtála the commercial hunting of it
" Bíodh is go bhfuil rialtas na hAstráile in éadan sheilg an mhíl mhóir, ba thionscal an-tábhachtach é a sheilg tráchtála tráth dá raibh.
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir a policy of anti-whale hunting
"dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
fíorláidir in éadan na seilge are strongly opposed to the hunting
" Tá dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
sa tóir air hunting him
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
gáir fhiulair chaoich na sealg call of the purblind eagle of many hunts
" Gotha gadhair Ghleanna Caoin, is gáir fhiulair chaoich na sealg, tairm ná tuinne ag triall go moch isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.
faoin tseilg mhídhleathach about illegal hunting
" Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a d’fhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.