Pota Focal Intergaelic
í | di | hi | ia | id
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lena mbeatha a thabhairt i dtír to earn their living
" Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil lena mbeatha a thabhairt i dtír.
i mo sheilbh in my possession
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
Cé nach n-áirím mé féin Although I don't count myself
" Cé nach n-áirím mé féin ina measc siúd, is fíor a rá go gcuireann an samhradh spréach bhreise ionam.
i gcion orm impressed me
" Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile.
go rabhthas i gcónaí ag faire ort that you were always being watched
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
a d'éalaigh mé that I escaped
" (Is iomaí uair a d'éalaigh mé síos na céimeanna sin agus a chaith mé lá iomlán ar an trá nuair a bhí súil liom áit éigin eile - sa phortach, mar shampla.
go buan i mo chuimhne in my memory permanently
" ) Le cois Málainn Bhig, tá cúpla áit eile in Éirinn agus thar lear a fhanfaidh go buan i mo chuimhne agus a bhfuil fonn orm pilleadh orthu san am atá romhainn.
a chuaigh i bhfeidhm orm which made an impression on me
" Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
i mbaol in danger
" In amanna mothaíonn muintir na háite i mbaol agus iad ag siúl ar an chosán.
ciontach i gcoir guilty of crime
" 'Daltaí scoile a fhaightear ciontach i gcoir ar bith as seo amach, ní cóir iad a chaitheamh isteach sa phríosún ach isteach i gceardchumann.
i gcóngar is i gcéin near and far
" Faoi screamh na mblianta a bhíonn fíordhúchas na hÉireann i gcóngar is i gcéin.
i ndeireadh achair at the end
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
i gcomhar le in conjunction with
" Bord Oideachais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi Alt 31 den Acht Oideachais bainte amach i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
i gcarcair in prison
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
i ndáiríre serious
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
curtha i gcrích achieved
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
dreoilín i mbun a mhúin a wren urinating
" Déanann Balor ceangal ina intinn chasta idir Ó Fartacháin ag roinnt a chuid eolais faoin cheol dúchais agus dreoilín i mbun a mhúin san fharraige mhór.
le teacht i bhfeidhm come into being
" com" cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana.
Castar cuid mhór daoine orm I meet a lot of people
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
i bhfábhar an chomhaontaithe in favour of the agreement
" Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán.
Fiuchaim é I boil it
" "Fiuchaim é agus cuirim i mbuidéal sa chuisneoir é.
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí I'm really fed up with the doctors
" Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
ag dul i ngleic le tackling
" "Ba mhór an dúshlán agus ba mhór an pléisiúr dúinn an tréimhse sin ar 'Cúrsaí', ag dul i ngleic le scéalta go laethúil.
i gcoitinne in general
" Toisc go bhfuil an lá oibre níos faide i gcoitinne ní féidir le mná gairmiúla fanacht ag obair nuair a bhíonn leanaí acu.
i gcomhthéacs in the context of
" Is é an deis is mó atá ann d'ár dteanga féin ná go bhfuilimid anois ag caint ar shochaí agus ar thimpeallacht atá méadaithe go mór agus is féidir labhairt ar ár dteanga i gcomhthéacs theangacha na hEorpa seachas a bheith ag plé le Gaeilge agus Béarla amháin.
dul i bhfeidhm ort make an impression on you
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin achieve something worthwhile yourself
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
ag rith i ndiaidh a n-eireabaill chasing their tail
" Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo.
i mbaol titim in danger of falling
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
Ní fheadair mé I don't know
" Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair! Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
i mbaol báis in danger of dying
" San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
an chomhairle a chur i bhfeidhm to put the advice into practice
" Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná an chomhairle a chur i bhfeidhm.
i réim in power
" Is é an graffitto is úire ar bhinn na dtithe beaga néata sna heastáit a bhfuil an UDA/UFF i réim iontu ná "Roll on Drumcree 2001".
teacht i dtír take advantage of
" Díchoimisiúnú ======= Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
i leith an dhíchoimisiúnaithe as regards decommissioning
" Díchoimisiúnú ======= Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
Ceapadh mé I was appointed
" Ceapadh mé mar Fheidhmeannach ar an eagraíocht i 1996.
curtha i bhfeidhm implemented
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An bille teanga a bheith curtha i bhfeidhm.
i mbun comhraic engaged in combat
" Seo an t-am den bhliain do na cluichí móra freisin agus na himreoirí móra-le-rá a fheiceáil i mbun comhraic.
i dtrátha around
" Bhí comhlaí den chineál a fheiceann tú ar shiopaí taobh istigh d'fhuinneoga a thí agus bhíodh air iad seo a chur faoi ghlas gach tráthnóna i dtrátha a sé a chlog.
ag dul i bhfeidhm making an impression on
" Tá an páipéar ag déanamh cúpla punta agus ag dul i bhfeidhm ar an phobal.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír struggling to make a living
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
Mothaím I feel
" Bíonn siad ag rá, 'Is that a mountain?' nó 'That's lovely, what is it?' "Bheinnse sásta dá mbeadh daoine ábalta dul isteach chuig taispeántas agus a rá 'Taitníonn na pictiúirí liom' nó 'Ní thaitníonn siad liom' nó 'Mothaím ciúin nuair a fhéachaim orthu.
i bhfolach hidden
" Is i bhfolach i gceangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist a bhíonn a lán víreas, agus is fearr gan aon cheangaltáin as an ngnáth a oscailt.
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian the way in which drink affected Cian
" Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian.
i ngaireacht near
" An baol sláinte a bheadh ann do dhaoine a mbeadh cónaí orthu i ngaireacht do na piolóin an dara mórchúis a bhí ann gur chuir na grúpaí i gcoinne na scéime.
i mbaol in danger
" " Beatha daoine "i mbaol" ======= Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
i ngleic le fighting with
" Tá grúpaí eile ar fud na tíre i ngleic le comhairlí contae atá ag iarraidh loiscneoirí a thógáil ina gceantar.
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
ag dul i ngleic le tackling
" Tagann deireadh le gach ré, áfach, agus is cinnte gur ré nua í seo d'Fhoras na Gaeilge agus an eagraíocht ag dul i ngleic le forbairt na Gaeilge ar an oileán uilig.
gcur i láthair presentation
" Tá a fhios agam go bhfuil ábhar maith sa "taispeántas" atá in Ceol mar go raibh mé féin, in éineacht le roinnt eile, páirteach i roghnú, i leagan amach, agus i gcur i láthair an eolais atá ann.
cuir i gcás for example
" Chomh maith leis sin tá cearnóg suite ina lár, a bheas in úsáid mar ionad neamhfhoirmiúil d'imeachtaí ceoil, filíochta agus *performance* agus tá áiteanna beaga thart ar an chearnóg d'imeachtaí níos ciúine, an scéalaíocht cuir i gcás.
thitfinn thart I'd faint
" Dá gcuirfeadh sé a lámh ina phóca, thitfinn thart.
ní bheinn gaibhte I couldn't be bothered
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
i léig in decline
" Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
téann sí i bhfeidhm chomh mór sin she makes such an impression
" Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine.
bhraitheas I felt
" Is oscailt súl an méid atá le rá aici agus bhraitheas go raibh mo shúile féin oscailte i bhfad níos leithne tar éis bualadh léi.
thitfinn thart I'd faint
" Dá gcuirfeadh sé a lámh ina phóca, thitfinn thart.
ní bheinn gaibhte I couldn't be bothered
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann you were sunken-eyed
" Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
cur i láthair ó bhéal oral presentation
" Scileanna ar nós cur i láthair ó bhéal, cruinniú a eagrú nó idirbheartaíocht a dhéanamh.
cur i bhfeidhm application
" Tá claontacht láidir sheanbhunaithe i gceist i sochaí Mheiriceá maidir le cur i bhfeidhm an phionóis bháis.
a bheatha a thabhairt i dtír to earn his living
" Nuair a tháinig Tomás Mac Gearailt air ais go hÉirinn i lár na nóchaidí tar éis blianta fada a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé ar intinn aige a bheatha a thabhairt i dtír ag díol leabhar.
a chur i bhfeidhm implement
" Tá pleananna ag na húdaráis áitiúla chun láithreáin staid oifigiúla a sholáthar ach tá ag teip orthu na pleananna sin a chur i bhfeidhm i gceart.
imithe i léig gone into decline
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
i réim strong, flourishing
" Bíodh is go bhfuil an Ghaolainn imithe i léig le blianta beaga anuas, is iontach an ní é go bhfuil aon phioc den teanga beo san oileán má smaoinítear go bhfuil an Béarla i réim sna hoileáin eile agus sa dúthaigh ar fud an cheantair le fada an lá.
i gcaitheamh an tsamhraidh during the summer
" Bíonn trí bhád farantóireachta ag gabháil isteach go Cléire i gcaitheamh an tsamhraidh, ó Dhún na Séad agus ó Scoil Mhuire, agus bád an phoist, Naomh Ciarán II, i gcaitheamh an gheimhridh.
baineadh geit asam I was taken aback
" Caithfidh mé a admháil gur baineadh geit asam an chéad uair a chonaic mé m'ainm Gaelach féin i measc na n-ainmneacha Indiacha go léir (agus é litrithe i gceart, ar ndóigh).
i bpolaitíocht na heite clé left-wing politics
" Is cuimhin liom agallamh raidió a chur tráth ar dhuine a bhí an-ghafa i bpolaitíocht na heite clé.
i slite in ways
" "Thaitin sé go mór liom i slite ach bhí sé ana-dhian.
ag dul i dtreise getting stronger
" Na hagóidí móra seo i gcoinne an Aontais, i gcoinne *globalisation*, atá ag dul i dtreise i gcónaí, tugann siad sin le fios cad atá síos an bóthar don tír seo.
tá mé ar an dé deiridh agat I'm at the end of my wits with you
" "Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat.
Ní raibh brí míoltóige i Rita Rita was as weak as water
" Ní raibh brí míoltóige i Rita anois i ndiaidh na casachtaí sin uilig agus cé go raibh a fhios aici go raibh Caitríona ar á dícheall í a chur ar a suaimhneas, bhí beaguchtach uirthi i ndiaidh comhrá na beirte eile a chluinstin.
Tá mé bodhar ag éisteacht leis I'm sick listening to him
" ' Tá mé bodhar ag éisteacht leis," arsa Caitríona.
i mbaol báite in danger of sinking
" D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.
i réim in power
" Ar ndóigh bhí neart daoine ag rá go raibh an rialtas atá anois i réim san Astráil síolraithe ó chóilíneacht a bhunaigh daoine a tháinig i dtír go mídhleathach gan buíochas do na daoine a bhí anseo rompu.
Go n-athróinn mo chraiceann that I would change my skin
" Dúirt sí liom, 'Cad é atá siad ag iarraidh? Go n-athróinn mo chraiceann?'" Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici.
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Ní raibh an tacaíocht chomh láidir céanna nuair a thug sé le fios ar an 21 Meán Fómhair go raibh cead á thabhairt ag an Rialtas d'fhórsaí Mheiriceá ár gcuid aerfort a úsáid agus iad i mbun troda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
i ngéibheann in captivity
" Bhain na péas úsáid as an PTA chun daoine neamhchiontacha, leithéidí Cheathrar Guildford, Seisear Birmingham, Ann agus Paddy Maguire, a chur i ngéibheann ar feadh cúig bliana déag ná níos mó.
ba shaothar in aisce dom é I was wasting my time
" Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
i gcodarsnacht in contrast
" Mhothaigh mé an chailliúint agus, i gcodarsnacht leis sin, bhí láithreacht ann ag an am céanna.
i ngeall ar because of
" Ach i ngeall ar na cluichí móra go léir i rith an tsamhraidh is beag trácht atá ann le tamall anuas ar an ábhar seo.
cé nach n-aontaím although I don't agree
" Dar liom féin caitear an t-airgead den chuid is mó ar nithe praiticiúla agus ar chur chun cinn na gcluichí, cé nach n-aontaím le gach bealach ina ndéantar é sin.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
dheamhan a miste liom I don't care
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
gheallfainn I would promise
" " Gheall mé go dtabharfainn an teachtaireacht do Neain; gheallfainn rud ar bith di ag an nóiméad úd le go bhféadfainn imeacht uaithi.
Meastú I wonder
" Meastú céard a cheapfadh Miss Gulliver faoina troscán a bheith ag fágáil an tí i gcarr Elvet.
i bhfolach hidden
" "Le mo linnse,' arsa mo Neain, "d'fhanadh cailín óg mar ise i bhfolach le náire, agus ní bheadh sí á taispeáint féin don saol mór.
i do lása in your day
" Ní bhfuair aon duine torrach riamh i do lása, an bhfuair?" Caithfidh sé go raibh an comhrá seo againn milliún uair cheana.
i gcoitinne in general
" Tá ceann de na príomhchláracha náisiúnta raidió, clár Pat Kenny, á chraoladh ón Daingean ar an Aoine seo, rud a tharraingeoidh aird an phobail i gcoitinne ar an mbaile agus ar an bhféile.
dul i ngleic tackle
" Caitheann sé féin agus polaiteoirí eile na tíre a saol ag bualadh le daoine agus ag iarraidh dul i ngleic lena gcuid fadhbanna agus is cinnte go gcaithfidh siad a bheith fuar go leor ina n-iompar uaireanta.
i mbaol in danger
" Braitheann tú gur duine é Ó Cuív a thuigeann an dóigh le maireachtáil taobh istigh den chóras polaitiúil agus nach mbeidh a shuíochán Dála i mbaol go deo.