Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dteannta a chéile together
" Tá cultúr an Bhéarla agus an Meiriceánachas róláidir agus bíonn náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt ach amháin nuair a bhíonn siad i dteannta a chéile.
i dteannta along with
" Tá "Clár na Gaeilge" ar Raidió SBS chomh maith agus bím ag obair ar an gclár sin i Melbourne i dteannta le Colin Ryan.
i dteannta leis along with
" " Seo cuid de na nithe is tábhachtaí a bheas i gceist sa bhille: Beidh an Ghàidhlig ina teanga oifigiúil fud fad na hAlban, i dteannta leis an Bhéarla.
i dteannta in the company of
" ”* Ní léir go bhfuil ceannasaíocht an Gharda Síochána ná an tAire Dlí agus Cirt buartha faoi ainm an gharda shinsearaigh a aimsiú a chas leis an bhfinné i dteannta Ard-Cheannfort an RUC – agus, más fíor, nár inis an méid seo dá cheannasaíocht.
i dteannta le along with
" B’fhoinse den scoth é ó thaobh an cheoil de agus ba é a chuir le chéile an dá leabhair ceoil atá foilsithe ag Craobh Naithí, i dteannta le Méabh Ní Lochlainn.
i dteannta mo chairde in the company of my friends
" Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche.
i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris. along with the musician Ross Harris.
" Nach bhfásann na carachtair as a stuaim féin?”Ach pé scéal é, d’fhill Ihimaera blianta níos deireanaí ar Waituhi chun *libretto* a scríobh i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris.
i dteannta diminsin Éireannaigh along with an Irish dimension
" *B’ann a bhí moltaí, den chéad uair, go mbeadh roinnt na cumhachta i dteannta diminsin Éireannaigh mar eochair a d’fhuasclódh fadhb an tuaiscirt go deo.
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí I haven't spent a summer with my parents
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
i dteannta a mhná áille, along with his lovely wife,
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
I dteannta na dTibéadach, in addition to the Tibetians
" I dteannta na dTibéadach, tá daoine eile ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne faoi láthair.
i dteannta le along with
" Ba é King a bhunaigh é, i dteannta lena bhean chéile, Nuala O’Connor, ar léiritheoir í chomh maith.
i dteannta na mac léinn, alongside the students
" Tá sainchomharthaí na sean-Pholainne le feiceáil i dteannta na mac léinn, na dturasóirí agus na bPolannach iad féin – idir óg agus aosta – agus iad ag baint suilt as an gcathair ghalánta seo.
i dteannta le along with
" Sílim go raibh deichniúr sa ghrúpa – leath díobh ó scoil na gcailíní, Coláiste Íosagáin – agus a leithéid de cheol a sheinn siad! A leithéid de bhua a bhí acu! Ní ba dhéanaí sa mhí, sheinneamar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath don Lá Afracach, i dteannta le Republic of Loose, Sinéad O'Connor, Mundy agus flúirse ceoltóirí eile.
I dteannta along with
" I dteannta an stiúrthóra nua, ainmníodh painéal láidir ina bhfuil daichead imreoir páirteach ann i Mí na Samhna seo caite.
I dteannta le along with
" Agus sin mar a thagaimse isteach san scéal!I dteannta le Mick agus bean suaithinseach, an tOllamh Lizbeth Goodman ó SmartLab, táimse tar éis a bheith bainteach le hiarrachtaí an deis seo a chur ar fáil dóibh trí obair leis an My Tobii.
i dteannta a chéile all together
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
i dteannta along with
" D’fhear Sarah Schedl, dalta óg Artificial Eye, fáilte chroíúil roimh ‘Kino’ agus níorbh fhada go rabhas socraithe isteach go cáiréiseach i dteannta haiceannaí cruabhruite na ceannchathrach - gloine fíona réasúnta sibhialta sa láimh amháin agam agus peann le pár sa láimh eile.
i dteannta na fírinne the truth be told
" Gháir mise os ard níos minicí ná mar is dúil dom in Amharclann an Stáit ar Shráid an Mhargaidh i Sydney mífháiltiúil na hAstráile, nó in aon cineama eile, i dteannta na fírinne.
i dteannta le along with
" Dhá dhiosca, cúig rian fichead le leagan nua den amhrán ‘Cathain’ i dteannta le Liam Ó Maonlaí.
i dteannta along with
" I 1998 rinne an *Centre for Minority Rights Development*, i dteannta cúpla eagraíocht eile cosúil leis an *Minority Rights Group*, cás a thógáil i gcoinne a ndíshealbhaithe.
i dteannta along with
" Bhíos féin is mo dheartháir i lóistín i dteannta a chéile.
i dteannta leis along with
" "Thug mé mo chuid páipéirí uilig don Leabharlann Náisiúnta, mar sin b'éigean 50 bosca a bhogadh amach as m'oifig - i dteannta leis an 55 bosca as m'oifig i nGaillimh - agus níl ansin ach an chéad tráthchuid!" ar sé.
i dteannta a chéile together
" Mhaígh sé go “dtiocfaidh bláthanna galánta as stumpa mo láimh ghonta nuair a chuirfear sochaí neamhdhíoltasach i dteannta a chéile.
I dteannta as well as
" I dteannta na gaisciúlachta agus na crógachta, na díomá agus an áthais, tugtar léargas dúinn ar iompar eile, idir theanga agus ghníomh, nach bhfuil inmholta ach a mhalairt ar fad.
I dteannta leis as well as
" Domhnach Broc ======= **CF: I dteannta leis na leabhar thuasluaite, tá taighde déanta agat ar an chuid eile - na hamhráin a tháinig as Oileáin an Bhlascaoid, tá Mám as Mála na mBailitheoirí agus tá taighde déanta agat ar Amhráin Mholta Bád ó Chonamara agus tá staidéar déanta agat ar Thomás Rua i Seanchas Béil Uíbh Ráthach.
i dteannta le as well as
" Caitheadh leo mar chimí Catagóir A, rud a chiallaigh go raibh siad á gcoinneáil sa sciathán leis an uasmhéid slándála i dteannta le mangairí drugaí, lucht ginmhilleadh, dúnmharfóirí srl.
i dteannta a chéile together
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
leigheas i dteannta a chéile to cure together
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
i dteannta along with
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
i dteannta alongside
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
i dteannta a chéile fé dheireadh together at last
" Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg to partake in this project with a young person
" Acmhainní ==== Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh ar chruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos.
i dteannta le along with
" Is mór liom a blagmhír go háirithe faoi *“The 10 most bizarre space experiments”* Tá obair an bhlagadóra seo ina measca i dteannta le Lego ar an ISS <http://pillownaut.
cuireadh i dteannta a chéile gathered together
" an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003.
i dteannta sárthaispeántas along with the magnificent performance
" Is bónas breise é lúbra na polaitíochta i dteannta sárthaispeántas an triúir réaltaí.
i dteannta along with
" Ag an ócáid a luaigh mé ag tús an ailt, i dteannta Peter Robinson, bhí Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Gavin Robinson, gaol ar bith fola, ach tá an bheirt acu sa DUP.
oibríonn siad i dteannta a chéile they work together
" Tagann daoine le chéile agus oibríonn siad i dteannta a chéile d’fhonn fadhbanna comhchoitianta na sochaí a réiteach.
I dteannta na mbuanna sin uile along with all those wins
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
I dteannta as well as
" I dteannta Sala Grande i bPálás an Chineama tá Sala Pasinetti thíos staighre in íoslach beag.
I dteannta in the company
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
i dteannta a dtaisí siúd beside their remains
" Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ón ‘Invalid Establishment’.
i dteannta le suíomhanna idirlín eile along with other internet sites
" Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile.
i dteannta a chéile together
" Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile? Buaiteoirí ===== Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil.
I dteannta along with
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
i dteannta le (done) along with
" Roimh a dtairiscint phoiblí tosaigh anuraidh, d’fhoilsigh Twitter mír faoi thaighde i dteannta le Datalogix (sna naisc) a thaispeáin gur cheannaigh siopadóirí 29% níos mó sa siopa as líne (.