Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chóras comhartaíochta ar na hiarnróid rail signalling system
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
iarnród railways
" De bharr easpa bonneagair chuí i bhfoirm bóithre agus iarnród, ní raibh an Ghaeltacht sách cóngarach don mhargadh.
iarnróid rail
" " Cás cúirte ======= Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe.
iarnród railway
" "Gránna," a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.
i gcás na n-iarnród in the case of the railways
" Faoi mar a tharla i gcás na n-iarnród sa mBreatain, tá drochthionchar Thatcher ar an bpolaitíocht fós linn.
iarnróid railways
" Caithfear an t-airgead go príomha ar bhóithre agus ar iarnróid sna tíortha Baltacha, san Ungáir, sa bPolainn agus sa tSlóvéin.
iarnród railway
" Tá mo theach féin díreach in aice leis an iarnród go dtí na dugaí, sprioc mhór de chuid an *Luftwaffe* sa *blitz *i 1940.
iarnród faoi thalamh underground railroad
" Bhí an paisean seo don iarnród faoi thalamh i gcúl a intinne i gcónaí ag Cudahy, ar tháinig tuismitheoirí a athar as Luimneach agus tuismitheoirí a mháthar as Tiobraid Árann.
iarnróid railroads
" Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “iarnróid” go géar.
Chonair Iarnróid an Iarthair the Western Rail Corridor
" Ach, cé go ndúirt an Taoiseach sa Dáil go bhfuil “airgead sa bhuiséad do Chonair Iarnróid an Iarthair” dúirt sé freisin - agus go cúramach - nach dtabharfar faoin tionscadal iomlán ar dtús, ach go ndéanfar an fhorbairt céim ar chéim, ag brath ar chúinsí geilleagracha.
an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid Rail Projects Agency
" Tá an praghas íslithe anois ag an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid, ach chun costais a spáráil chaith siad uathu na staighrí beo agus roinnt mhaith geataí ticéad sna stáisiúin agus chuir siad cosc ar thraenacha níos mó ná trí charráiste (i gcomparáid le teorainn 8 gcarráiste i gcás an DART), rud a chuirfidh srian chomh maith ar chumas iompair na líne.
inbhuaine an iarnróid the sustainability of the railway
" Ach má fhaigheann Ryanair an duais seo, an conradh do Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, ná déantar dearmad ar na torthaí fadtéarmacha a bheas i gceist maidir le truailliú agus maidir le hinbhuaine an iarnróid.
córais iarnróid faoi thalamh underground systems
" Dúradh an méid seo in alt san *Irish Post *in 2004: “Rinne an Gael-Mheiriceánach Bob Kiley na córais iarnróid faoi thalamh a fheabhsú go mór i mBostún agus i Nua-Eabhrac, agus anois tá jab níos mó fós le déanamh aige i Londain.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
Iarnróid nua new railways
" B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015: “Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “Tá dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann” Ach cad a tharlóidh má tá an ceart ag na geolaithe, agus má tá buaic na hola ann cheana féin nó i ngar dúinn, agus má tá am an phlé thart? Seo mar a bheidh cúrsaí má tharlaíonn an bhuaic in 2007: “Logánú gan Rogha” ======= Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh.
Chonair Iarnróid an Iarthair Western Rail Corridor
" Tá rath ar Chonair Iarnróid an Iarthair, ó Chorcaigh go Clár Chlainne Mhuiris, agus tá nasc maith bus freisin idir Clár Chlainne Mhuiris, Sligeach agus cathair Dhún na nGall, ar ceangal maith é leis na traenacha.
nasc iarnróid rail link
" Bhí sé seo i bhfad ní ba shaoire ná an Meitreo agus, mar sin, ón mbliain 2010 amach ní raibh Baile Átha Cliath mar an t-aon mhórchathair Eorpach níos mó gan nasc iarnróid go dtí a aerfort.
iarnród railroad
" Agus, ar ndóigh, má bhíonn ceart le fáil, tógfar iarnród ansin an bealach ar fad ó Shligeach go Doire agus ag an am céanna féachfar arís ar an líne go hInis Ceithleann, b’fhéidir, a oscailt.
Conair Iarnróid an Iarthair Western Rail Corridor
" ” Tá baint lárnach ag Colmán le West on Track, an feachtas atá ar bun in iarthar tíre chun an t-iarnród ar a dtugtar an Conair Iarnróid an Iarthair a athoscailt.
na hiarnróid chábla the cable railroads
" Tógadh na hiarnróid chábla, atá in úsáid le haghaidh sciála anois, i rith an chogaidh fosta agus is fiú dul isteach sa Museo Della Grande Guerra 1914-18 ag Passo Fedaia ((www.
iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid. railways, electricity and telecommunications.
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
iarnróid railways
" Cúpla bliain ó shin scríobh mé píosa faoi cad atá i ndán d’iarnróid na hÉireann, agus b’fhéidir gur cheart teacht ar ais chuig an ábhar seo agus féachaint conas atá ag éirí le cúrsaí.
tollán iarnróid railway tunnel
" Gealltar i bplean an rialtais, “Transport21”, go mbeidh tollán iarnróid nua idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston faoi 2015, agus go mbeidh stáisiún nua Cheantar na nDugaí ar an líne nua seo.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, to convince Iarnród Éireann and the government of this,
" Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency
" Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád.
comhlachtaí iarnróid rail companies
" Deir Parlaimint na hEorpa go mbeidh cead ag comhlachtaí iarnróid eile seirbhísí idirnáisiúnta a chur ar fáil ó 2010 (mearsheirbhís ó Dhoire Cholm Cille go Baile Átha Cliath, b’fhéidir?).
iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa to allow competition on the internal railways of Europe
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid acting for big rail companies
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
iarnród railroad
" Ansin tháinig rath ar an sráidbhaile agus d’éirigh sé rachmasach, go háirithe i ndiaidh don iarnród dul ansin in 1885.
an t-iarnród the railway
" Ag tús na haoise, ba phort tábhachtach eisimirce é Cromba, ach nuair a tháinig an t-iarnród go hInbhir Nis, b’fhearr leis na Híleantóirí traein a fháil ón áit sin go Glaschú nó Learpholl, áit a bhfaigheadh siad bád go Meiriceá nó Ceanada.
teacht an iarnróid the coming of the railroad
" **Tuilleadh turasóireachta**Le teacht an iarnróid sa bhliain 1894, tháinig méadú mór ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar an gceantar, as cathracha móra an deiscirt go háirithe.
Iarnród railroad
" Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' Iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród as well as hundreds of thousands of additional miles of railway
" Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
ar thuras bóthair nó iarnróid on a road or rail journey
" Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha iarthar na hAlban.
dhroichead iarnróid a railway bridge
" Faoi dhroichead iarnróid a bhí siad.
ghréasán nua iarnróid new rail road network
" Saitilít ó na spéartha anuas? Ní hea, ach cuid den ghréasán nua iarnróid idir Sasana, an Fhrainc agus an Ghearmáin.
iarnród nua-aimseartha a modern railway
" Ach in ionad na milliuin a úsáid chun iarnród nua-aimseartha (cosúil leis an cheann sa Fhrainc) a thógáil, mar shampla, chuir siad an t-airgead amú chun ceithre mhilliún a choinneáil ar an dól.
chomh maith le hiarnróid along with railways
" Bhí 600,000 acra ag an gcomhlacht chomh maith le hiarnróid is cuideachta loingseoireachta dá chuid féin.
scaipeadh na n-iarnród the spread of the railways
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency (RPA)
" Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath.
iarnróid railways
" Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.
iarnróid railways
" Tá go leor airgid á chaitheamh ar iarnróid na hÉireann faoi láthair.