Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na suíocháin imeallacha the marginal seats
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
imeallacha peripheral
" Ní bheadh sé iomarcach dá mbeadh breis agus £2m eile curtha ar fáil ó chiste RTÉ do RnaG chun go mbeadh sé ar a gcumas breis craoltóireachta a dhéanamh ó Ghaeltachtaí imeallacha agus ó phobail mhóra ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
dreamanna imeallacha marginal groups
" dreamanna imeallacha ======= Ach fós féin bheadh dreamanna imeallacha nach n-éireodh leo ionadaíocht a bhaint amach faoin gcóras seo.
imeallacha marginal
" " Cuireann an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann.
is imeallaí most marginal
" An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair? Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír.
ag an bhFéile Imeallach i nDún Éideann at the Fringe Festival in Edinburgh
" Dheineamar deich lá ag an bhFéile Imeallach i nDún Éideann.
an-imeallach very peripheral
" Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá.
imeallach marginal
" Thuig mé go mb'fhéidir gur rogha aici ag leibhéal amháin é agus gur rogha ag gach duine é a bhíonn imeallach, nach bhfuil sásta cur suas leis an tseafóid atá ag baint leis an saol socair, agus tá meas agam i gcónaí ar na daoine a bhíonn imeallach.
i bhformhór na suíochán imeallach in most of the marginal seats
" Ní mar sin a tharla agus anois beidh farasbarr 4% nó níos mó ag an rialtas i bhformhór na suíochán imeallach sa gcéad toghchán eile.
imeallach peripheral
" Murach riachtanas Gaeilge Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, riachtanas ba bheag nach bhfuair a pháirtí féin réidh leis, tá gach seans ann go mbeadh an Ghaeilge sa churaclam scoile faoin am seo ar nós na Laidine, í ann, ach imeallach.
imeallach peripheral
" Murach riachtanas Gaeilge Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, riachtanas ba bheag nach bhfuair a pháirtí féin réidh leis, tá gach seans ann go mbeadh an Ghaeilge sa churaclam scoile faoin am seo ar nós na Laidine, í ann, ach imeallach.
imeallach marginal
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
grúpaí imeallacha peripheral groups
" Ach ba léir go raibh mórshiúl *Love Ulster* ina leithscéal ag daoine – poblachtánaigh easaontacha agus grúpaí imeallacha eile – an lasóg a chur sa bharrach agus tá gach duine thíos leis.
ach nár imeallaigh an mionlach amach is amach but which didn't totally marginalise the minority
" Doiciméad cliste, aclaí, a raibh dóthain le léamh as chun móramh an phobail a shásamh, ach nár imeallaigh an mionlach amach is amach ach oiread.
na dáilcheantair imeallacha the marginal constituencies
" Gnóthaigh siad na dáilcheantair imeallacha le dornán beag vótaí.
i go leor dáilcheantar imeallach in many marginal constituencies
" Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26.
níos imeallaí more peripheral
" Is é an comhthoradh is mó a bhaineann leis an bhorradh atá tagtha ar na meáin Ghaeilge ná go bhfuil ról níos imeallaí ag an teanga sna meáin Bhéarla.
tuairim imeallach marginal opinion
"tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith.
i bpobail imeallacha mhionlaigh fringe minority communities
" “Dealraíonn sé go raibh suim agam i gcónaí i bpobail imeallacha mhionlaigh inar labhraíodh teangacha a bhí faoi mhíbhuntáiste agus tá mé cinnte gur sin an rud a mheall mé i dtreo na Gaeilge.
cosaint na suíochán imeallach. protection of the seats on the outskirts.
" Tá buntáiste an-mhór freisin ag an rialtas maidir le cosaint na suíochán imeallach.
iarrthóir imeallach outsider candidate
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
imeallach peripheral
" Chímid fosta cén áit imeallach a bhí ag na banfhilí sa traidisiún.
Imeallach sidelined, cut off
" Imeallach? SMM: Braithim ort go mb’fhéidir gur bhraith tú Imeallach mar gheall ar an nGaeilge? CNC: Bhraith mé Imeallach, tá sé an-ait.
imeallach on the edge
" Beirt imeallach in éadan an domhain.
imeallacha marginal
" Is feirmeoirí imeallacha nó saothraithe gan talamh a bhformhór.
imeallacha borderline
" Léiríonn an dianiarracht atá Gillard agus Abbott a dhíriú ar chúrsaí an daonra go dtuigeann siad dís gur cúis imní é sna toghcheantair imeallacha i mbruachbhailte na gcathracha móra, na ceantair chéanna inar bhuaigh an rialtas an t-olltoghchán sa bhliain 2007.
imeallach sideline, epipheral
" Ról imeallach a bhí aici i síniú an Chomhaontaithe de réir chuntais Bhlair.
imeallach peripheral
" Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.
carachtair imeallacha sideline characters
" Is carachtair imeallacha iad, daoine a thagann is a imíonn ón ollinsint nó ón ‘master-narrative’ mar a thugtar air sa Bhéarla.
dream imeallach marginal group
" De réir na foirmle seo, is dream imeallach sa scéal iad an Lucht Siúil, dream nach ndéantar mórán forbartha pearsanta orthu ó thaobh carachtair de.
imeallacha marginalized
" Tá an clár LEADER ann, atá á mhaoiniú ag an AE, agus a bhfuil sé mar chuspóir aige dreamanna aicsin áitiúla um fhorbairt tuaithe a bhunú; tá na ranna rialtais a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, Tuaithe, Iascaireachta, Fuinnimh, agus Talmhaíochta ann; tá Gréasán Náisiúnta na Tuaithe ann fosta; tá roinnt mhaith eagraíochta eile ann nach iad, ach ní fiú tada iad seo do na pobail bheaga imeallacha nach bhfuil aon ghuth acu.
imeallach peripheral
" Go deimhin, bhí tú féin i mbun agallaimh dod’ phost úr an lá inar fógraíodh go mbeadh 220 post breise á gcur ar fáil ag an chomhlacht chógaisíochta Bioniche ina monarchan in Indreabhán i gConamara! Cinnte, bhí ról imeallach ag an Údarás i gcruthú na bpostanna seo ach is é an IDA a bheas á maoiniú.
dreamanna imeallacha marginal groups
" Scéalta faoi dhíbeartaigh, smuigléirí agus dreamanna imeallacha ar nós na chéad Chríostaithe ag lorg tearmainn is ea a bhformhór; is féidir iad a áireamh i measc na scéalta laochais chomh maith.
ach mír imeallach just a marginal part to play
" Mhaigh an nuachtán ‘Lá’ go raibh an dialann “ag croílár an chás cúirte” ina eagrán ar 6 Iúil 2000, ach b’fhacthas dom nach raibh i gceist léi ach mír imeallach.
toghcheantair imeallacha go leor plenty of peripheral electoral divisions
" Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil toghcheantair imeallacha go leor.
ghníomhaíocht imeallach i saol an domhain peripheral activity in the world
" Scrúdaíonn sé teacht an idirlín agus a chlaochlú ó ghníomhaíocht imeallach i saol an domhain go dtí lár an aonaigh trí scéalta phríomhphearsana, leithéidí Alan Turing, athair na ríomheolaíochta agus na hintleachta saorga, agus Tim Berners-Lee, a chéadcheap an Gréasán Domhanda.
an t-imeallaí ciardhubh the jet black
" ’Sé sin, munar ‘slánaitheoir’ de shaghas éigin é an t-imeallaí ciardhubh iar-Kirkegaardiach a chuir David Dawaele, aisteoir, feoil air.
páirtithe imeallacha parties on the periphery
" Amach ó na páirtithe imeallacha níl dream ar bith ag moladh gur chóir an córas a athchruthú ó bhun go barr.
taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann the boundaries of Irish Traditional Music Performance
" (Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!) Ag Taibhléiriú an Imill =========== Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics).
aicmí “imeallacha” eile other marginal groups
" D’fhéach na Naitsithe ar na Giofóga – agus ar aicmí “imeallacha” eile – mar chiní “truaillithe” nó “azocialen, neacha fodhaonna nach raibh an bheatha dhaonna “tuillte” acu, is cuma iad a bheith fós sa bhroinn nó iad a bheith tagtha ar an saol.
níos imeallaí ná riamh more marginalized than ever
" " Bhí an port céanna ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in alt don iris *Comhar*: “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”.
an-imeallach very peripheral
" Tá an-úsáid á baint as an teicneolaíocht anois chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach is cúis díomá é do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an Ghaeilge fós an-imeallach – ar na suímh ghréasáin, mar shampla.