Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éadaí nua an impire the emperor's new clothes
" Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin "chur amú scannalach seo airgid phoiblí" agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.
cumhacht impire Rómhánach na linne the power of the Roman emperor of the time
" Scríobhadh iad sa cheathrú haois le cumhacht impire Rómhánach na linne, Constantine, a threisiú.
impire emperor
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
himpire nualiobrálach neo-liberal empire
" Eagraíocht is ea an institiúid seo a thugann comhairle do ghrúpaí ar fud an domhain atá ag cur i gcoinne cibé dreama atá i réim ina dtír féin – go príomha, is cosúil, do ghrúpaí ar mian leo fáil réidh le rialtais nach bhfuil mór le himpire nualiobrálach na Stát Aontaithe.
impire dochloíte the invincible emperor
" Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
i rith ré an Impire during the emperor’s D. era
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
seanchroí na himpire the old heart of the empire
" Cén cineál aontais é go bhfuil daoine ag iarraidh é a fhágáil? Nárbh aisteach an rud é mura mbeadh ceangail le hAlbain le seanchroí na himpire i Londain fad is a bheadh sleachta na nAlbanach a tháinig go hÉirinn ag coinneáil dlúthcheangail leis an tseantír? Tabharfaidh muintir na hAlban a bhfreagra gan mhoill.