Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in achrann le quarrelling with
" Níos túisce i mbliana bhí bainisteoir iomána Chontae na Mí in achrann le Coiste an Chontae toisc gur socraíodh cluichí craoibhe iomána do na clubanna lá nó dhó roimh cluiche tábhachtach ag foireann na Mí.
in achrann leis na gardaí fighting with the gardaí
" Mar dhuine fásta bhíodh sé in achrann leis na gardaí go minic.
in achrann leis quarrelling with
" Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí don triúr acu seo, ach i measc an chúigir a thogh siad bhí triúr a bhfuil clú orthu as a bheith in achrann leis an Taoiseach: an Seanadóir Mary White a chuaigh glan i gcoinne sheasamh an Taoisigh i leith an triúir Éireannach a bhí i bpríosún sa Cholóim; John Cregan TD a labhair amach i gcoinne an rialtais nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an deontas do dhaoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair; agus an Seanadóir Michael Kitt a lochtaigh an Taoiseach go poiblí nuair a chaill sé féin a shuíochán Dála sa toghchán deireanach.
iad féin a chur in achrann getting themselves into a dispute
" Tá an t-aisteoir Meiriceánach George Clooney, mar aon lena chomhaisteoirí Bill Murray agus Matt Damon, i ndiaidh iad féin a chur in achrann le bunaíocht Shasana mar gheall ar thuairimí a nocht siad ar na mallaibh faoi úinéireacht an tsaothair chlasaicigh – na fríosanna a tháinig ón Phartanón sa Ghréig.