Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in easnamh missing
" Agus sin gné amháin nach mbíonn riamh in easnamh ag an nGóilín! Tugtar, mar a dúirt mé, tus áite don amhrán agus don amhránaí agus tugtar cluas éisteachta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith.
in easnamh uathu missing from them
" Dar leis go mbeadh an gairmiúlachas an-chontúirteach do na clubanna toisc go mbeadh na himreoirí is fearr in easnamh uathu, rud atá tar éis tarlú i gcás an rugbaí i gCúige Mumhan.
in easnamh lacking
" Rinne sé gearán go raibh "fuil agus anam" in easnamh ar an ealaín nua-aimseartha, agus go raibh an ealaín a bhí sa taispeántas fuar agus róthomhaiste.
in easnamh missing
" asp)Cuid 1 den alt ar fáil anseo Le cur leis an uafás, nuair a rinne an Teachta John Bruton (Fine Gael) fiosrú fuair sé amach go bhfuil 1,516 tuairisc seandálaíochta in easnamh (is gá tuairisc a chur ar fáil faoi gach láthair).
in easnamh missing
" Ach bhí rud tábhachtach in easnamh: bhí ainm in easnamh ar an gcathair agus bhí an t-easnamh seo ag déanamh buartha do dhaoine.
in easnamh missing
" Bhí rud éigin in easnamh.
in easnamh missing
" “Ba cheart go mbeadh Kennedy agus McCarthy ar an leibhéal céanna sna caogaidí, ach nocht an teilifís do Mheiriceá na tréithe a bhain le Kennedy a bhí in easnamh i gcás McCarthy.
in easnamh missing
" Sílim féin go raibh cuid mhaith den mhí-ádh air sa mhéid is go raibh imreoirí tábhachtacha in easnamh de bharr iad bheith gortaithe nuair a bhí géarghá leo agus ní raibh mórán imreoirí den mhianach ceart ar fáil ar aon nós.
in easnamh missing
" Bhí leath dá chloigeann in easnamh, agus bhí a pheilbheas go hiomlán scoilte.
in easnamh missing
" Bhí muid réasúnta sásta leis ach bhí ní éigin in easnamh agus chinneamar ar chuireadh a thabhairt do Liam Ó Maonlaí an pianó a sheinnt air.
in easnamh missing
" Is scil ann féin é bheith in ann plé le láithreoirí agus iad a láimhseáil – sin rud atá in easnamh, go mór mór i gcás léiritheoirí.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
in easnamh missing
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
in easnamh missing
" Bhíodar in easnamh i gcoinne na Fraince agus bhí sin le brath ar fhoireann na hÉireann.
gach spréach fuinnimh in easnamh. every spark of energy missing.
" Bhreathnaigh na príosúnaigh a chonaiceamar mar dhaoine a bhí leath ina gcodladh, a súile leathdhúnta, gach spréach fuinnimh in easnamh.
in easnamh. missing.
" Cé go bhfuil “gach rud” acu, tá rud éigin in easnamh.
in easnamh missing
" D’aimsigh sé triúr nua agus chuir fáilte ar ais roimh imreoir a bhí in easnamh le cúpla bliain roimhe de dheasca tinnis.
in easnamh missing
" Measaim gurb é is cúis le dearcadh an phobail ina leith ná go mbíonn an tuin chainte in easnamh ina chuid scríbhneoireachta.
in easnamh missing
" Is iad na nithe atá in easnamh ná cumarsáid, meas, oscailteacht, freagracht agus muinín.
in easnamh missing
" Tuismitheoirí nach dtugann faoi deara go bhfuil duine de na páistí in easnamh go dtí go bhfuil an stáisiún seirbhíse fágtha acu.
in easnamh wanting
" Is cosúil go bhfuil na bunbhuanna in easnamh air: cumas cumarsáide, tuiscint ar an phobal, fís don tír, intinn ghéar, agus misneach.
in easnamh wanting
" Tá an dualgas poiblí, an fhreagracht, agus an t-ionracas lom in easnamh inár gcultúr polaitiúil.
in easnamh in need of
" Tá an bonneagar is bunúsaí fós in easnamh ar phobal Ogoniland.
in easnamh missing
" Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh.
in easnamh missing, missed
" Is ansin a bhíonn loinnir an lae in easnamh.
in easnamh absent
" Sé sin, níl san aontú nua seo ach mianta, tá mionsonraí agus plean cuimsitheach in easnamh.
in easnamh absent
" Cé gur turas in aisce a bhí ann ó thaobh dreapadóireacht de, bhí sé go hálainn thuas agus mhothaigh muid go raibh muid i dteagmháil leis an dúlra, rud a bhionn in easnamh i Learpholl, muna mbíonn sneachta trom ann!
in easnamh wanting
" Tá rud éigin in easnamh ann.
in easnamh needed, lacking
" An rud is mó atá in easnamh ná a laghad daoine óga atá ag scríobh – faoi 30 nó 35 bliain d’aois fiú.
in easnamh needed
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
fhís in easnamh vision missing
" Bhí an fhís in easnamh chomh maith leis an tuiscint.
in easnamh lacking
" Tá an bonneagar sóisialta seo in easnamh in Éirinn.
in easnamh not present
" Is céim síos é don fhoireann idirnáisiúnta go bhfuil cuid de na himreoirí is fearr, dar le cách, in easnamh.
in easnamh missing
" Sna spéartha lasmuigh tá Antares anois in easnamh, alpaithe ag Melancholia.
ach brí a bheith in easnamh air other than having no meaning specified
" Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc 'Ceilteach' uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair.
in easnamh ag barr na leice missing at the top of the stone
" Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
rud éigin in easnamh ionam I was missing something
" Thosaigh mé ag leanúint GAA i Meiriceá, ach is dóigh, agus mé thar lear, gur mhothaigh mé go raibh rud éigin in easnamh ionam, mo theanga dhúchais, b’fhéidir.
Tá rud amháin in easnamh ort fós you still need one thing
" ” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.
roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh a fair amount of famous players absent
" Deirim gur deireadh ré atá ann in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh Cill Chainnigh craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn ach go fiú is go dtarlaíonn sé sin, is dóigh liom go mbeidh roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh agus aghaidheanna nua ina n-áit.
ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu not a grain was missing
" Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu! Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b'iondúil ag an am do Chríostaíthe.
bhí in easnamh b’fhéidir which was needed
" Tá ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht sa cheol a sheinntear inniu a bhí in easnamh b’fhéidir san am atá thart.