Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san ionad buail isteach in the drop-in centre
" Bíonn siad ag cuidiú san ionad buail isteach atá i gceanncheathrú ICCM i Duke Street, Learpholl agus ag grúpaí sóisialta a eagraítear do na seandaoine sa chathair.
san ionad in the centre
" Tá músaem amháin san ionad, ina bhfuil cur síos ar stair an cheantair agus ar an tochailt a rinneadh ar an suíomh sna 1980í.
san Ionad do Lucht Dífhostaíochta in the Centre for the Unemployed
" Nocht sé an leacht 21 bliain ó shin san Ionad do Lucht Dífhostaíochta ar Shráid Hardman, ach bogadh é i mbliana go dtí an People’s Centre ar Mount Pleasant.
i lárionad glaonna. in a call centre.
" Ní poist tharraingteacha iad sin toisc gurb ionann an saghas sin oibre go minic agus obair i lárionad glaonna.
sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta in the Innovation and Technology Transfer Centre
" lonnaithe sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta sa choláiste (féach www.
i lár an aonaigh in the thick of things, in the centre of things
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
baill den Ionad Buail Isteach members of the Call-In Centre
" Cé a bhí ann ach baill den Ionad Buail Isteach ag béiceadh in ard a gcinn: “An Tibéid abú! Saoraigí an Tibéid!” “Maith go leor, saorfaimid an Tibéid.
san ionad céanna in the same centre
" Bíonn na cluichí seo ar siúl gach bliain san ionad céanna: áit ar a dtugtar The Lump i mBéarla agus atá suite i bPort an Righe, príomhbhaile an oileáin.
i lár an aonaigh. in the thick of thing, at the centre of things
" Mar is gnáth ag ócáidí móra spóirt mar seo, bhí na polaiteoirí i lár an aonaigh.
i gcroílár an gheilleagair in the centre of the economy
" Ansin sheol rialtas Roosevelt an New Deal, beartas nua a chuirfeadh an rialtas ar ais i gcroílár an gheilleagair.
i lár na cathrach in the city centre
ag lorg fuaráin ina lár looking for an oasis in its centre
" Tá an fásach bréagach seo beagnach chomh mór le Contae Pórt Lairge agus táimse i m’aonar ag siúl tríd ag lorg fuaráin ina lár agus na ndaoine a chónaíonn ann.
ag siúl i lár na cathrach walking in the city centre
" Bhí mé ag siúl i lár na cathrach i mBéal Feirste cúpla Satharn ó shin, sa tsráid is mó siopaí sa chathair le linn do chorradh le 150 dílseoir siúl i lár an bhealaigh mhóir, ag ceol an amhráin Billy Boys ina bhfuil an líne: *"We're up to our necks in Fenian blood, Surrender or you'll die"* i seanard a gcinn.
i lár na cathrach in the city centre
" Fuair sé post mar oifigeach custaim tar éis an RAF agus lean sé ar aghaidh ag seinm i Learpholl, go mór mór ag Club Chonradh na Gaeilge ar Wood Street, i lár na cathrach.
ní i lár na cathrach not in the city centre
" Sea, ní i lár na cathrach ná le taobh an bhaile mhóir, ach amuigh faoin tír ar an bhealach mhór idir Gaillimh agus Tír Chonaill, bíonn deis ag duine a charr a lochtú le hartola agus labhairt le duine i bPolannais.
ar ais i mbéal na ndaoine back centre stage, in discussion
" Chuir tubaiste Fukushima scéal na cumhachta eithnigh ar ais i mbéal na ndaoine, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile tháinig an t-arm eithneach slán ó cháineadh na ndaoine.
san ionad aoibhinn in the beautiful centre
" Ba shin teideal tromchúiseach comhdhála a reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo - Comhairle Contae Mhaigh Eo san ionad aoibhinn i bPáirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh lá deiridh na Samhna.
san ionad sin in that centre
" Agus ón 23ú-27ú Deireadh Fómhair seo caite, bhí slua idirnáisiúnta san ionad sin nár facthas a leithéid riamh cheana ann.
i gcorplár in the very centre
" Tógadh Iarsmalann Astrálach na gCogaí i gcorplár Canberra, an phríomhchathair, le hurraim a thabhairt dóibh siúd a bhí ar fiannas ar son na tíre i gcogaí éagsúla thar lear, ach go háirithe don 102,000 Astrálach a thit sa ghleo iontu.
i gcroílár na hEorpa in the centre of E.
" Ba i gcroílár na hEorpa a rinneadh an iarracht mhór seo - an tUileloscadh - ar chinedhíothú a dhéanamh.
in ionad saoire sómasach in a luxurious holiday centre
" Bhain sí cúlráid amach in ionad saoire sómasach agus fágadh cloigis na meán lasmuigh ar nós conairt ag sceamhaíl.
in ionad siopadóireachta in a shopping centre
" Tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí ar bhean a bhí ag caitheamh an hijab in ionad siopadóireachta i mBaile Québec go gairid tar éis don rialtas an chairt a chur os comhair an phobail.
suite i gceartlár set slap-bang in the centre
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.