Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'inchinn your brain
" Dúshlán mór ======= Ní beag an rud é tabhairt faoi thionscadal mar sin nuair atá tú tagtha in inmhe agus d'inchinn chomh crua le cloch! Ach d'airigh mé gurbh é sin an rud ba thabháchtaí ar an saol an uair sin, cé gur mhór an dúshlán é.
taomanna inchinne brain seizures
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
inchinní brains
" "Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.
inchinn brain
" Rinneadh staidéar ar sheisear a bhfuil ceithre theanga ar eolas acu agus fritheadh amach go n-úsáidtear an chuid chéanna den inchinn, is cuma cé acu teanga atá á húsáid.
sceachaillí inchinne brain tumours
" Chomh maith le ceisteanna teanga, déantar staidéar san institiúid ar neamhoird intinne, titimeas ina measc, ar neamhoird chodlata, sceachaillí inchinne agus galair Alzheimer agus Parkinson.
i bhfastó go dlúth ina inchinn firmly lodged in his brain
" Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn.
dá hinchinn to her brain
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
a n-inchinn their brain
" De bhrí go bhfuil an blaosc i gcloigne páistí óga níos tanaí agus nach bhfuil a n-inchinn forbartha i gceart go fóill, d’fhéadfadh an radaíocht leictreamaighnéadach a thagann as gutháin phóca dochar a dhéanamh dóibh, a dúirt an tOllamh Sir William Stewart, cathaoirleach an NRPB.
an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne this disturbed brain activity
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
inchinn brain
" Caithfidh gach imreoir an tréimhse sin a fhulaingt nuair atá sé ag teacht go deireadh a ré imeartha agus nuair a thuigeann sé nach bhfuil an corp ábalta na treoracha a chuireann an inchinn chuige a leanacht níos mó agus go bhfuil lads óga níos sciobtha agus níos lúfaire ná iad.
spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí his brain was spattered on Padaí's coat
" Bhí Padaí in aice leis nuair a mharaigh snípéir é le piléar trína chloigeann ag Cath Jarama i mí Feabhra 1937 agus spreachallaíodh a inchinn ar chóta Phadaí.
dá inchinn of his brain
" “Sea, Guns 'n' Roses ainm an chomhrialtais!” De bhrí go bhfuil baint tar éis a bheith Gearóid leis an oiread sin fiontar i rith a shaoil, is beag agallóir nach mbeadh drogall air díriú isteach ar an stróc agus a shaol ar fad a laghdú go dtí an eachtra sin ina ndearnadh damáiste tromchúiseach don taobh deas dá inchinn agus don taobh clé dá chorp.
sceachaill inchinne brain tumour
" Síltear anois go raibh sceachaill inchinne aige.
a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, to focus mentally on the game,
" Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
ag troid in aghaidh na hailse inchinne fighting against brain cancer
" Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne.
inchinn brain
" De réir Tomatis, is í an chluas an ball colainne is mó a thugann eolas don inchinn.
faoi stró inchinne in mental anguish, stressed
" An Fuaimlios Agus na smaointe seo uilig ag sruthlú tríd mo cheann cheapas go mbeadh sé go hálainn gléas éigin a bheith ann ina mbeadh muid in ann luí nó suí go compórdach agus go dtabharfaí suthaireacht fuaime dúinn! Nó cad faoi cúpla abairt ciúin calma ó mháthair nó ó dheirfiúr a thaifeadadh agus a mheascadh leis an bhfuaim – cén saghas leighis a bheadh ansin don duine faoi stró inchinne? Smaointe fánacha iad seo agus gach seans go bhfuil díomhaointeoir diamhair éigin ag obair ar seo cheana féín – ba bhreá liom é a fhéachaint, má tá sé ann.
stoc na hinchinne brainstem
" Seoltar na splancanna ar aghaidh ó na cealla ar an liog éisteachta chuig stoc na hinchinne ar dtús agus ansin chuig an dá mhaothán tosaigh go réimse na haigneolaíochta agus na mothúchán, mar a ndéantar, idirdhealú idir ding agus dong, idir um agus am, idir glisiam agus fothram, idir sioscadh síoda taobh leat agus tuairt bhodhar agus ar ndóigh, idir drochcheol agus dea-cheol! In intinn an linbh óig, is nua gach fuaim agus mar sin bíonn stoc na hinchinne ag obair an-chrua leis na fuaimeanna nua uilig a rangú, a stóráil agus ord agus eagar slachtmhar a chur orthu le go n-aithneofaí na fuaimeanna chéanna nó fuaimeanna atá cosúil leo níos déanaí.
cealla inchinne brain cells
" Is saothar idirghníomhach é Silent Barrage a úsáideann lear mór slata róbataice, ríomhaire agus cealla inchinne le gluaiseacht a spreagadh sna slata, nuair a ghluaiseann daoine thart timpeall orthu.
oibriú na hinchinne the workings of the brain
" Is ag cur lenár dtuiscint ar oibriú na hinchinne atá saol na heolaíochta.
liog-rianta inchinne cerebral nerve tracks
" Ní bheidh fanta faoi réim fhoghlaim teanga do liog-rianta inchinne an duine atá os cionn 14 bl.
torann na mílte inchinní beaga the noise of thousands of little brains
" Mar a dúirt cara liom i Wisconsin "An gcloiseann tú sin? Sin torann na mílte inchinní beaga ag pléascadh timpeall na tíre!" B'fhéidir go raibh sé seo réamhbheartaithe ag an uachtarán an t-am ar fad.
thonn inchinne cerebral wave
" com/2011/09/16/repro3d-is-a-touchable-3d-interface-that-lets-you-poke-pixies/> Níl aon amhras go bhfuil feidhmeanna don teicneolaíocht seo: fan go gcloisfidh na porn kings faoi! In Ollscoil Berkeley, san idirlinn, d’éirigh leo fís a athchruthú ó thonn inchinne a bhí cosúil go leor leis an bhfís a bhí feicthe ag an duine a chruthaigh an tonn inchinne! Fágfaidh mé fút féin a dhéanamh amach arbh ionann iad <http://www.
An inchinn féin the brain itself
" An inchinn féin déantar í a shailleadh agus caitear mar an gcéanna í.
An Inchinn Dearmaid the forgetful mind
" An Inchinn Dearmaid ======== **CMS Rinne tú dearmad glaoch ar ais orm tar éis dom teagmháil a dhéanamh leat.
san inchinn é trína leathshúil in the brain through his eye
" Sháigh fear na hÉireann san inchinn é trína leathshúil leis an pheann, rud a d’fhág idir bás is beatha é.
an chuid sin den inchinn ina gcruthaítear caoinfhulaingt that part of the brain which creates tolerance
" Shílfeá go raibh an chuid sin den inchinn ina gcruthaítear caoinfhulaingt ar iarraidh i bpolaiteoirí aontachtacha agus gur fearr leo an schadenfreude – áthas an dochair - ná an comhoibriú.
choda difriúla d’inchinn duine amháin different parts of one human brain
" Shuigh na haisteoirí Tadhg Hickey, George Hanover agus Daniel Reardon ar chathaoireacha sa dorchadas, agus sula bhfad, ba léir gur choda difriúla d’inchinn duine amháin ab ea iad, inchinn a bhí lán le cuimhní cinn truamhéileacha agus lúcháireacha.
ag cabhrú lenár n-inchinn helping our brain
" Ar ndóigh beidh na ríomhairí seo ag cabhrú lenár n-inchinn freisin agus is i réimse na liogeolaíochta a bheidh na ceisteanna is mó.
inchinn brain
" Tá taighde suimiúil ar siúl i Melbourne na hAstráile a thugann léargas ar an tionchar a bhíonn ag foghlaim teangacha ar an inchinn.