Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in uachtar intinn an scrúdaitheora uppermost in the mind of the examiner
" Bhí eagla air go mbeadh sin in uachtar intinn an scrúdaitheora agus é ag cur scrúdú airsean.
póilíní intinne thought police
" Seans go bhfuil na póilíní intinne ar a mbealach chugam anois.
oiliúint intinne training for the mind
" Ní forbairt phearsanta a bhíonn i gceist ach oiliúint intinne.
an tsaoirse intinne the freedom of mind
" Chuaigh mé abhaile i mí an Mheithimh le cuimhní dodhearmadta agus an tsaoirse intinne a bhí á lorg agam faighte agam.
éalú intinne mental escape
" " Ach tá sise cleachtaithe leis an éalú intinne sin, agus níl mise.
ar aon intinn of the same opinion
" Faoi mhí na Nollag, dhealraigh sé go raibh beagnach gach duine ar aon intinn leo faoi seo.
intinn neamhspleách independent mind
" Is bean an-deas agus suimiúil í Ruth Hume, agus duine a bhfuil intinn neamhspleách aici.
ar aon intinn fá achan rud in agreement on everything
" Ar an teilifís an mhí seo caite, dúirt Gregory Campbell go raibh gach uile bhall den pháirtí ar aon intinn fá achan rud, íomhá scanrúil dá mbeadh sé fíor, ach níorbh fhíor do Ghregory.
nach bhfuil siad ar aon intinn leis that they don't agree with him
" Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis.
ar aon intinn of the same opinion
" Tá a lán daoine eile ar aon intinn le "Jim Óg".
bhí sé ar intinn againn i gcónaí it was always our intention
" D'fhásamar suas lena chéile ó thaobh an cheoil de agus bhí sé ar intinn againn i gcónaí (ó bhíos sé bliana déag d'aois) albam a dhéanamh.
ar aon intinn of the same opinion
" Deir sí gur thuig siad go luath go raibh siad ar aon intinn den chuid is mó faoi rudaí, agus gur mar sin atá fós.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
ar aon intinn of the same opinion
" Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi.
i bhfastó go daingean in intinn Buckley etched in Buckley's mind
" Tá íomhá óna óige, a mheascann an dá rud sin le chéile, i bhfastó go daingean in intinn Buckley.
neamhoird intinne disorders of the mind
" Chomh maith le ceisteanna teanga, déantar staidéar san institiúid ar neamhoird intinne, titimeas ina measc, ar neamhoird chodlata, sceachaillí inchinne agus galair Alzheimer agus Parkinson.
ag léimnigh fríd a intinn jumping through his mind
" Deir John go mbíonn an ceol ag léimnigh fríd a intinn i gcónaí, go mbíonn sé go síoraí ag smaointiú ar phort amháin nó ar phort eile.
Coimisinéir Sláinte agus Sláinteachais Intinne Commissioner of Health and Mental Hygiene
" Bhí Ard-Mhéara Learphoill, Ron Gould, an Dr Paula Grey agus baill eile de SFL i Nua-Eabhrac idir 17-21 Aibreán le bualadh le Tom Frieden, an Coimisinéir Sláinte agus Sláinteachais Intinne sa chathair, agus Mike O'Neall, úinéir bialainne sa chathair agus ball de Smoke Free Coalition NY.
ar aon intinn in agreement
" Tá poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.
ar aon intinn of the same opinion
" Anois, tá sé ina réamhéileamh do *rapprochement *idir iad agus Sinn Féin ach tá Sinn Féin agus an DUP ar aon intinn - abairt nár baineadh mórán úsáide aisti le 30 bliain - fá na hinstitiúidí polaitiúla.
ar aon intinn of the same mind
" " Gan amhras ar bith, tá Oideas Gael ar aon intinn leis an Roinn faoi sin.
ar aon intinn le of the same opinion as
" Ba léir nach raibh toghlaigh Fhear Manach/Deisceart Thír Eoghain, Cabhán/Muineacháin nó Contae Lú ar aon intinn le tuairim Thatcher gur ghnáthchoirpigh a bhí sna príosúnaigh phoblachtánacha nuair a thogh siad Bobby Sands, Kieran Doherty agus Paddy Agnew fá seach.
dhuibheagán na hintinne the depths of her mind
" Bhí sí ag casadh os íseal in éindí liom, na focail ag teacht ar ais chun cuimhne di de réir a chéile, a cuid beola á dtarraingt aníos ó dhuibheagán na hintinne.
ar aon intinn leis of the same opinion as he is
" ” Is léir go bhfuil daoine sa tír nach bhfuil ar aon intinn leis agus is mór an trua é sin.
ar aon intinn of the same opinion
" Agus mé ar a thóir sin, d'fhoghlaim mé nach bhfuil sé éasca nó simplí an dúlra dúchasach a chosaint, agus nach bhfuil gach éinne ar aon intinn faoi céard is cothú ann.
ar aon intinn leis in agreement with him
" ” Níl gach duine ar aon intinn leis, áfach.
atá ar aon intinn leo who share their opinion
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
ar aon intinn liom in agreement with me
" B’fhéidir nach mbeadh chuile dhalta scoile in Éirinn ar aon intinn liom ar an ábhar sin, áfach, agus staidéar á dhéanamh ar a beathaisnéis acu.
galar intinne mental illness
" Cé go raibh saol an-ghairid ag Vincent Van Gogh – chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc in 1890 i ndiaidh dó galar intinne bheith air le fada – chaith sé saol torthúil.
ina intinn míoltóige in his midge mind
" leathnaíonn siadthey spread is tú ag dul tharstuas you pass them duine éicint dá shliochtone of his offspring éachtfeat ag maíomh asboasting about it brogús camphusacha sour-faced humourless person ina intinn míoltóigein his midge mind a mhalairtthe opposite próistethin, spindly person ag cur chuige ná uaidhbothering him a mhímhúineadhhis unmannerliness an ghráin shíoraídeep hatred faoi tharcaisneheld in contempt dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done seaftaíshafts corrdhuinethe odd person deargscabhaitéaraa total blackguard airdheed nuair a thitidíswhen they used to fall ag tochas a mhullaighscratching the top of his head rúnintention é a dhíbirtto drive him out go raibh diomar airthat there was something wrong with him plódaícrowds Ag tairiscint breabanna.
ag saibhriú m’intinne enriching my mind
" Cuireann an teanga iontas orm gach lá agus tá sí ag saibhriú m’intinne go mór.
ar aon intinn leis in agreement with him
" Bhí PC Craig ar aon intinn leis sa chlár a craoladh ar an BBC.
ar aon intinn in agreement
" Deirtear chomh maith gur cuireadh Naomh Moluag anseo, ach níl daoine ar aon intinn faoi sin.
ceangailte in intinn daoine associated in people's minds
" ” Ba é Cilian a léirigh an clár mór-ráchairte sin a bhí ar RTÉ an bhliain seo caite, “Rip-off Republic”, agus is cinnte gur buntáiste mór a bhí ann do Stillwater bheith ceangailte in intinn daoine leis an chlár áirithe sin.
a shláinte fhisiceach agus intinne his physical and mental health
" Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas.
ar aon intinn leis an ghrúpa sin having the same opinions as that group
" “Tá daoine áirithe sa Tuaisceart den tuairim nach féidir leat baint a bheith agat le duine nó grúpa gan a bheith ar aon intinn leis an ghrúpa sin maidir le gach rud.
léarscáileanna intinne. mind maps.
" Leagtar na focail amach ar léaráidí ildaite atá cosúil le léarscáileanna intinne.
a raibh sé ar intinn acu who intended to
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
ch dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne that she won't change her mind
" Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach, ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh.
go bhfuil sé ar intinn that they intend
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
intinn gafa leis an phaisean the mind concentrated on the passion
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
ar aon intinn in agreement
" Bhí an lucht leanúna agus na saineolaithe ar aon intinn agus iad araon ag tuar go raibh seans maith ann go mbuafadh foireann na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain.
Ní raibh sé ar intinn agam I hadn't intended
" Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.
staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar a scientific study of thought processes and of behaviour
" Sampla amháin ná, “is éard atá i gceist le ‘síceolaíocht spóirt’ ná staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar i gcomhthéacs an spóirt.
na próisis intinne the thought processes
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
atá ar aon intinn leisean who agree with him
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
ar aon intinn agree, of one mind
" Tá muintir na tíre i gcoitinne ar aon intinn leis na rialtais i dtaca leis an gcur chuige seo, de réir dealraimh.
ar aon intinn unanimously
" Bheinn ag déanamh áibhéile dá maífinn gurbh fhiú an €175 a íoc as an gcúrsa ar son na mbrioscaí amháin ach bhí gach duine ar aon intinn gur bhrioscaí eisceachtúla iad.
ar aon intinn léi in agreement with her
" ’ Nuair nár tháinig aon scéal ar ais ón phápa ag cur dogma na heaglaise i gcuimhne di, dúirt sí gur ghlac sí leis go raibh an pápa ar aon intinn léi maidir lena raibh ar siúl aici.
a hintinn féin her own mind
" Bíonn a hintinn féin aici faoi cheisteanna móra an tsaoil agus ní bhíonn scáth ná faitíos uirthi labhairt amach.
ar intinn ag intended
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
ar aon intinn of one mind
" Ní bhfuair siad réiteach na faidhbe fós, ach tá siad ag teacht ar aon intinn maidir leis na srianta nua ar chóir dóibh a chur ar an mhargadh airgeadais.
ar intinn in mind
" Ach, mar a dúirt an Coimisinéir Tom Calma, atá ina chomhghleacaí le Dodson ar an Australian Human Rights Commission, gur dócha go bhfuil díospóireacht níos leithne ar intinn an ollaimh.
intinn na Meiriceánach American opinion
" ” Ar ndóigh, b’éigean do lucht tacaíochta Iosrael intinn na Meiriceánach a ullmhú i bhfad roimh 9/11.
in intinn dream áirithe in the mind of a particular group
" Má bhí amhras in intinn dream áirithe faoina ndearnadh leis na cimí, ní raibh tar éis na heachtra seo.
ar aon intinn of one mind
" Beirlín** Scríobh Ciarán Mac Aonghusa ar BEO i mí Eanáir na bliana seo, gur spéis le lucht eacnamaíochta an dóigh gur féidir le dream pobail a chur le chéile agus éacht a dhéanamh ach iad a thabhairt ar aon intinn.
ar aon intinn of like mind
" Ach, de réir Gates, tagann Greenspan as líonra domhanda de chomhairleoirí beartais atá ar aon intinn.
suaimhneas intinne peace of mind
" Nuair a chuirtear aidhm amháin roimh an uile ní, is deacair caidreamh fiúntach, cneastacht idir dhaoine ná suaimhneas intinne a chothú.
ar intinn intend(ed)
" Bhí sé ar intinn agam roinnt rothaíochta a dhéanamh agus mé thiar.
ar intinn intended
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.
ar aon intinn leo agreed with them
" Fágadh ar lár sna tuairiscí chomh maith go bhfuil go leor nach Libiaigh iad, atá eolasach faoina chás, ar aon intinn leo.
m'intinn my mind
" "An bhfuilir as do mheabhair?" Mhínigh mé dó go raibh m'intinn athraithe, ach ní ar na sruthanna a bhí seisean ag smaoineamh, ach ar an bhfuacht.
ar intinn acu thinking of
" D'éirigh sé chomh dona sin gur cuireadh guthán práinne gach leathmhíle ar an droichead dóibh siúd a raibh féinmharú ar intinn acu.
intinn an duine the human mind
" As ceithre ráithe na bliana is é an geimhreadh is mó a fhágann a lorg ar intinn an duine.
n-intinn mind, attention
" Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d'imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn.
ar intinn in mind
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
ghalar intinne mental disorder
" Bhí mé ag cuimhneamh chomh maith ar altracht do ghalar intinne a dhéanamh.
Intinn Dearmaid ability to forget
" Níor Chaill a Intinn Dearmaid ar Fad Is cúis mhór bhuartha é do Bhalor go bhfuil Teachta Dála chomh léannta sin, chomh cliste sin, chomh huasal sin, chomh híseal sin, agus chomh humhal sin, caite anois i dtraipisí cionn is gur chaith sé anuas ar a chéile iomaíochta i mbealach a bhí chomh dearmadach sin.
míchumas intinne mental incapacity
" Scríobh sé an breithiúnas sa chás Atkins v Virginia sa bhliain 2002 a rialaigh go bhfuil sé in aghaidh an bhunreachta daoine a bhfuil míchumas intinne orthu a dhaoradh chun báis.
fuadach intinne mental kidnap
" Mhothaigh an scríbhneoir Virginia Woolf mar sin fosta, agus dúirt sí go raibh an síciteiripe mar a bheadh fuadach intinne ann, ainneoin go raibh scríbhneorí eile ag an am céanna den tuairim gur thug an teiripe níos mó saoirse dóibh le bheith cruthaitheach.
tsláinte intinne mental health
" , i ndiaidh a rá libh sa Teach anseo an lá cheana, go dtuigeann an Roinn s’aige an tábhacht a bhaineann le hobair an phortaigh don tsláinte intinne go forleathan faoin tuaith chomh maith leis an tsláinte cholainne.
ar intinn intended
" ”* Níos déanaí an oíche sin, thug Sharon le fios go raibh sé ar intinn ag Tel Aviv feidhm a bhaint as an gcomhbhá sin, nuair a labhair sé ar theilifís Iosraelach.
intinn mind
" Áit éigin im’ intinn tá fhios agam nach bhfuil sé rómhoch, déarfainn thart fán seacht a chlog.
ar a intinn in mind
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
idir chorp agus intinn both mind and body
" Imreoir sciliúil a bhí ann, é cróga, diongabháilte, agus láidir, idir chorp agus intinn.
suaitheadh intinne mental maelstrom
" Thig linn an suaitheadh intinne a fhágáil faoi na glúine atá fós le teacht ar an saol.
cumhacht na hintinne strength of mind
" Níor chuir aon rud eagla uirthi, agus bhí cumhacht na hintinne chomh mór go bhfaca an lucht féachana a cuid drámaí mar a shamhlaigh sí iad, agus ba í an léiritheoir drámaí ba rathúla ag an am í, sular thosaigh Amharclann na Mainistreach amach ar a bealach caithréimeach.
intinn acu solúbtha their minds (...) flexible
" Ciallaíonn sé sin teaghlaigh ilteangacha sa todhchaí, agus beidh muinín acu dul amach sa saol agus tuilleadh teangacha a fhoghlaim, mar beidh siad solúbtha ar an gcaoi sin -- beidh an intinn acu solúbtha.
ar aon intinn le agreed with
" Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
ar intinn in mind
" ” An Taoscach ‘ag Taoscadh an Scartaire’ =========== **Balor: “Áááá, bhuel, ceist a haon, a Thaoisigh thaoscaigh: caidé an chéad rud atá ar intinn agat a dhéanamh mar Thaoiseach?** Enda: “Taobh istigh de chéad lá cuirfear críoch agus clabhsúr agus conclúid le …” **Balor: “Leis an Seanad, a Thaoisigh?”** Enda: “Ní hea! Raiméis! Seafóid! Tá tú chomh holc leis an bheirt a bhí ag cur isteach orm gan stad ar TG4.
ar aon intinn of similar mind
" Tá sé ráite ag cara le Lantos go raibh an tUngárach ar aon intinn lena chomhthíreach agus dlúthchara Soros maidir le daonlathas agus cearta daonna a chur chun cinn.
intinn aibí agus beoga an able and lively mind
" Tá an cluiche chomh tapaidh faoi láthair agus na himreoirí chomh haclaí go bhfuil gá le corp agus intinn aibí agus beoga ag an réiteoir.
intinn na ndaoine peoples’ minds
" An Drogall roimh Athrú ============ Is tír choimeádach í Éire – go polaitiúil ach go háirithe – agus tuigimid an chaoi ar fhág cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad rian soiléir ar an chóras pholaitiúil agus is dócha in intinn na ndaoine.
suaimhneas intinne peace of mind
" Mar a deir Eoghan Ó Colm ina leabhar Toraigh na dTonn: “Fuair sé faoiseamh agus suaimhneas intinne nach raibh sé ag dréim leis ar an charraig lom diamhrach seo.
ar aon intinn le in agreement with
" Duine eile nach bhfuil ar aon intinn le Criostóir Ó Cuana ach oiread, más fíor, ná Barry O Brien, Cathaoirleach Choiste Thiobraid Árann.
bhí sé ar intinn againn we intended
" “Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach.
ar M’intinn on my mind
" Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
tá sé ar intinn againn we intend
" Fuaireamar comhairle ón tréidlia faoi agus tá sé ar intinn againn é a sheoladh ar ais chun na farraige anois.
faoi bhrú intinne under mental pressure
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
shocraigh mé im’ intinn I decided
" Le linn dom a bheith i Hama, shocraigh mé im’ intinn go gcaithfinn na clódóirí éadaigh seo a aimsiú.
i ndoimhneacht a intinne in his mind’s eye
" Ní lughar leis an diabhal ná an dá dhream sin; ach cén ceangal atá eatarthu, seachas i ndoimhneacht a intinne nó a chuimhne féin? Níl a fhios ag Balor.
den intinn seo this mindset
" Arís ar ais, is cuid den intinn seo atá aghainn.
Pleascfaidh d’intinn (it) shall blow your mind
ar aon intinn leis agree with him
" Tá cuma lúitéiseach an phlámásaí ar thuairimí Menzies anois, ach is dócha go raibh formhór a chomhshaoránach ar aon intinn leis, de réir cosúlachta.
fríd m'intinn through my mind
" "* Rith abairt Henry Ford fríd m'intinn agus mé ag éisteacht le Peter Robinson agus é ag caint ag ardfheis a ocsamóróin, an Democratic Unionist Party.
ba mhinic a intinn ag scinneadh his mind often shot
" Foirfeoir a bhí i da Vinci ach ba mhinic a intinn ag scinneadh ó ábhar go hábhar gan go leor acu a thabhairt chun críche agus ar an dóigh sin, ní raibh a ráta táirgiúlachta i gcaitheamh a shaoil riamh ard.
san intinn in mind
" Higgins go mór leis an gcomóradh oifigiúil, de bharr a chomhbhá leis an bhfealsúnacht polaitíochta a bhí san intinn ag bunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre 100 bliain ó shin.
níl sé ar intinn agam I don’t intend to
" Bhí sé chomh fiúntach sin gur lean mé ar aghaidh ag obair ann ó dheireadh na tréimhse sin go dtí anois agus níl sé ar intinn agam imeacht go luath.
gné na hintinne the psychological aspect
" Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.