Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
státchóras ag infheistiú investing
" Níl aon easpa acmhainní ag pobal Gaeltachta an lae inniu; tá an státchóras ag infheistiú go trom i seirbhísí éagsúla: leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Lá, www.
infheistithe invested
" Thosaigh seisean a ghnó comhairleoireachta féin trí bliana ó shin, tá a chuid airgid infheistithe aige sa chomhlacht agus tá ag éirí leis faoi láthair.
a d'fhéadfaí a infheistiú that could be invested
" Cén fáth nach mbeadh sé ar chumas an stáisiúin leathmhillún punt a shaothrú gach bliain ar an fhógraíocht? Is cinnte go mbeadh costas breise foirne i gceist ach bheadh brabach réasúnta ar fáil a d'fhéadfaí a infheistiú sa tseirbhís ansin - go háirithe ar mhargaíocht chun tuilleadh éisteoirí a mhealladh.
infheistithe invested
" Tá roinnt mhaith airgid saothraithe aige mar sin féin agus é infheistithe aige i dtithe agus i dtalamh in Éirinn agus i Londain, a cheannaigh sé roinnt blianta sular ardaigh na praghsanna go mór.
ag infheistiú investing
" Thaispeáin a dtuairisc i 1996 go raibh comhlachtaí Éireannacha ag infheistiú i bhfad níos lú i dtaighde agus forbairt ná a gcomhghleacaithe thar lear.
infheistiú to invest
" Nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime agus foireann sacair na hÉireann ag déanamh thar cinn, bhí an deis ar fáil infheistiú sna háiseanna atá de dhíth ar lucht sacair agus rugbaí.
chun infheistiú to invest
" Is taispeántas ardaidhmeanach é seo a mheallann go leor daoine isteach chun amharc air nó chun infheistiú i gcuid den saothar.
a infheistiú to invest
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
a infheistíonn siad that they invest
" Is é sin, ba mhaith leo an t-airgead a infheistíonn siad a fháil ar ais.
a ath-infheistiú to re-invest
" Níl ann ach fainic bheag bhaoideach amháin - is dócha ná a mhalairt go ndéanfaidh sí féin an sterling a ath-infheistiú in áras pobail Protastúnach inteacht in Oirthear Bhéal Feirste.
a infheistiú to invest
" Is cosúil go bhfuil lucht leanta “na nDiabhal Dearg” réidh le Malcolm Glazer, an t-uinéir nua, a thachtadh ar an ábhar go raibh sé de dhánaíocht ann deis mhaith gnó a thapú agus a chuid airgid a infheistiú sa chlub sacair is fearr (?) agus is cáiliúla (b’fhéidir) ar domhan.
a infheistiú to invest
" ” I rannóg na n-iontaobhas, bhíodh siad ag tabhairt aire do dhaoine a bhí an-saibhir ar fad nach raibh barúil acu cén chaoi lena gcuid airgid a infheistiú i gceart.
infheistithe invested
" 7bn infheistithe ag ollchomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn – dhá oiread níos mó ná mar atá infheistithe ag Meiriceánaigh sa tSín.
an t-airgead atá sí tar éis a infheistiú san albam the money she has invested in the album
" ” Tuigeann Muireann go dtógfaidh sé tamall fada uirthi an t-airgead atá sí tar éis a infheistiú san albam a fháil ar ais ach níl sí róbhuartha faoi sin.
airgead a infheistiú to invest money
" Sna seachtóidí, rinne an rialtas airgead a infheistiú sa tionscal agus anois tagann timpeall 20% de leictreachas na tíre sin ón ngaoth, agus tá fostaíocht ag 20,000 duine sa réimse seo.
a d'iarr orm airgead a infheistiú who asked me to invest money
" Samplaí dá leithéid is iad an scairt a fuair mé ó “Mary” ó International Equities, a d'iarr orm airgead a infheistiú sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an scairt ó “Andy Walker” ó International Equities Research, a bhí go maith ag caint.
infheistithe invested
" Cé go bhfuil airgead infheistithe ag Shell in ospidéal i ndúiche Gokana, mar shampla, níl teacht ag an ospidéal sin ach ar uisce truaillithe.
infheistiú investment
" Chomh maith leis sin, bheadh i gceist go mbeadh infheistiú airgid, urraíocht agus deiseanna fostaíochta ar fáil ag an chathair de bharr an ghradaim seo.
infheistíonn invest
" Agus infheistíonn siad go díreach i gcomhlachtaí nua Síneacha.
infheistiú láithreach invest immediately
" Tá an Rialtas chun €10bn de chuid an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean a infheistiú láithreach ’sna bainc chun muinín an mhargaidh a chothú.
ní bhíonn ar a gcumas infheistiú a dhéanamh they’re not able to invest
" Luach na Scaireanna ========== Bíonn brú millteanach ar chostais fosta, rud a fhágann nach mbíonn ach brabús beag ar fáil do na monarcha réigiúnacha, agus mar sin ní bhíonn ar a gcumas infheistiú a dhéanamh ar shábháilteacht nó ar oiliúint.
a d’infheistigh tú ar dtús which you invested initially
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
airgead daoine eile a infheistíodh other peoples’ money was invested
" Gur airgead daoine eile a infheistíodh i bhfiontair.
Infheistíodh uimhir ar pháipéar a number on a piece of paper was invested
" Infheistíodh uimhir ar pháipéar .
a infheistiú to invest
" Caithfidh contaetha ar mian leo Craobh na hÉireann a bhuachan sa pheil nó san iománaíocht plean fadtéarmach a bheith leagtha amach acu agus a bheith sásta airgead a infheistiú i ndaoine óga, dar le Colm Mac Séalaigh.
a infheistiú to invest
" Tá Pádraig Mac Éamoinn dóchasach go ndéanfaí Rialtas na hÉireann tuilleadh airgid a infheistiú sna hiarnróid go luath agus go dtiocfaidh forbairt mhór orthu dá bharr sin.