Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sách feistithe dressed enough
" ' 'Tá tú sách feistithe ar scáth a dhul soir chomh fada leis an Lodge.
feistithe i nglas decked-out in green
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
ar feistiú moored
" Mar sin, ócáid mhór is ea “ILALA Day” – is é sin, nuair a bhíonn an bád ar feistiú – mar go mbíonn deiseanna díolacháin ag daoine agus deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus sos a ghlacadh ó obair an lae.
feistithe accompanied
" Tá an tuairisc chéanna feistithe amach le léarscáileanna maiseacha, léirmhínitheacha ag tabhairt cuntais ar chúlú na teanga ar fud Chúige Uladh agus an oileáin ar fad (athfhoilsiú an taighde a chuir Garrett Fitzgerald i gcló in imeachtaí Acadaimh Ríoga na hÉireann i 2003-04), agus tá comhleagan den tráchtaireacht curtha ar fáil fosta i dteanga Bhéarla atá tarraingteach, soléite.
feistithe fitted
" Chuireadh sí glaoch orainn go rialta i rith na tréimhse sin chun a rá go raibh cuid den troscán tagtha nó go raibh an t-inneall níocháin feistithe isteach ag an bpluiméir.
feistithe dressed
" Ansin, bhí fear an bhríste duibh leathair, fear na casóige oifigigh i marcshlua Arm an Tuaiscirt, fear feistithe faoi hata dubh na ‘Long Riders’, fear féasóige agus chroiméal an Grandee Spáinnigh – sea go deimhin, bhí Bob Dylan tagtha inár measc.
feistithe dressed
" An lá ar thug mé féin cuairt ar Sibiu, bhí Gearmáinis á labhairt ann ag na turasóirí, agus beirt nó triúr de sheanfhondúirí an bhaile feistithe go bródúil in éide thraidisiúnta na Sacsan.
san fheistiú agus an ghné fánach sin in the dressage and that unimportant aspect
" Níl san fheistiú agus an ghné fánach sin ach cuid bheag de na rudaí a bhfuil suim agam iontu,” ar sí.
feistithe i gcló coincréideach an earra clothed in a concrete form
" Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.
feistithe amach togged out
" Ní raibh mórán lucht féachana i láthair ach bhí daoine feistithe amach agus ag imirt.
feistithe mar leipreacháin dressed as leprechauns
" (Nach ait an rud é go mbeadh orainn leithscéal a ghabháil le baicle saighdiúirí gairmiúla a bhí ag feidhmiú de réir an phrionsabail gur fearr rith maith ná drochsheasamh?) Ag an am chéanna beidh daoine óga as achan chearn den tír ag amharc ar chluichí ceannais na gclub ar Lá 'le Pádraig i mbliana i dtithe leanna ó Bhondi Beach go Mass Ave agus iad feistithe mar leipreacháin agus piontaí glasa ina nglaic acu.