Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Inis Dáimh Léith Isle of the Grey Ox
" Deirtear gur tugadh "Inis Dáimh Léith" ar Chléire sa tseanreacht.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
ag inse domh telling me
" "Faighim litreacha galánta as achan chearn den domhan ag tabhairt buíochais domh, daoine ag inse domh gur bhain siad pléisiúr as ceardlann nó as mo chuid ceoil.
D'insíodh sé scéal he used to tell a story
" D'insíodh sé scéal faoin dóigh ar ghnách le daoine i mBéal Feirste fiafraí de cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú ag seinm ceol traidisiúnta "sa Phoblacht".
ag inse d'achan duine telling everyone
" * Gluais • Glossary girseachgirl clisteclever giodalachperky, self-conceited ardnósachpompous a mhaíomhasserting go sotalacharrogantly úimléideachuseful ag coimhéadwatching máistreás(female) teacher ag inse d'achan duinetelling everyone ciallmeaning dúilliking Taispeánfaidh sin daofaThat'll show them chuartaigh síshe searched nach bhfuil fiacha orm a insethat I don't have to say a raibh sa rangeveryone in the class sámsáilprattling
nach bhfuil fiacha orm a inse that I don't have to say
" * Gluais • Glossary girseachgirl clisteclever giodalachperky, self-conceited ardnósachpompous a mhaíomhasserting go sotalacharrogantly úimléideachuseful ag coimhéadwatching máistreás(female) teacher ag inse d'achan duinetelling everyone ciallmeaning dúilliking Taispeánfaidh sin daofaThat'll show them chuartaigh síshe searched nach bhfuil fiacha orm a insethat I don't have to say a raibh sa rangeveryone in the class sámsáilprattling
Tá mo theanga caite agam ag inse duit I'm sick and tired of telling you
" Tá mo theanga caite agam ag inse duit nach mairfidh an phéint bomaite istigh anseo gan bunchóta.
Trá Inse Inch Beach
" Bhuail mé an bóthar arís, ansin stad mé fá choinne siúlóide bige ag áit álainn eile, Trá Inse.
Inse Orc Orkney
" Bhí an teanga Lochlannach seo aonfhoirmeach go dtí gur thosaigh na Lochlannaigh ag dul go réigiúin dhifriúla (Albain, Sealtainn, Inse Orc, Inse Ghall, Oileáin Fharó agus an Íoslainn).
Inse Ghall the Hebrides
" Bhí an teanga Lochlannach seo aonfhoirmeach go dtí gur thosaigh na Lochlannaigh ag dul go réigiúin dhifriúla (Albain, Sealtainn, Inse Orc, Inse Ghall, Oileáin Fharó agus an Íoslainn).
inste told
" Tá an scéal inste ag Banjo Patterson, Henry Lawson -agus ag tuilleadh de scríbhneoirí móra na tíre - faoi na héachtaí a rinne daoine ar nós the Man from Snowy River, Clancy of the Overflow agus daoine nach iad.
Inse Orc the Orkneys
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
Inse Ghall The Hebrides
" Bealaí OSP thar lear ======= Ní hí Éirinn an t-aon tír amháin a bhfuil bealaí OSP le fáil inti: is amhlaidh go bhfuil roinnt mhaith bealaí idir mórthír na hAlban agus Inse Orc, an tSealtainn agus Inse Ghall; cuid de na bealaí idir bailte iargúlta san Iorua; idir tír mór san Iodáil agus an tSairdín; agus (*vive la différence!*) bealaí idirnaisiúnta ó Strasbourg go cathracha Eorpacha, chun go mbeidh turas deas simplí abhaile ag na Teachtaí Eorpacha díograiseacha.
insíodh dúinn go hoifigiúil we were told officially
" Ag tús an tsamhraidh seo insíodh dúinn go hoifigiúil, i bhfoirm an dara tuarascáil ón mBreitheamh Morris, go raibh rud éigin lofa sa Gharda Síochána.
Inis Iocht the Isle of Wight
" Ach ansin, i 1982 in Albany in Inis Iocht, d’athraigh siad an polasaí gan aon mhíniú a thabhairt.
inste told
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
le hinse don saol mór to tell the world
" Tá sé bliain ó chuaigh Séanna Walsh ar an teilifís le hinse don saol mór go raibh feachtas armtha an IRA thart.
go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin. that he has great respect for the people of Inis Meáin.
" Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
nár insíodh go dtí seo which hasn't been told until now
" Seo scéal nár insíodh go dtí seo faoin sruth imirce sin agus faoin uaigneas a lean é, agus atá ag tarlú go fóill i measc na mílte imirceach ón Liotuáin, ón Pholainn agus ón tSín.
ó Inse Orc from the Orkneys
" Fud fad na tíre, ó Inse Orc go Gall-Ghaidhealaibh, bíonn imeachtaí ar siúl - siúlóidí agus cainteanna, comhdhálacha agus imeachtaí speisialta do pháistí ina measc, agus iad uilig saor in aisce.
Insím an scéal seo I tell this story
" As sin amach, ní dhearna mé ach an méid a dúradh liom a dhéanamh an ar an gcéad lá; “ciceáil don touch”! Insím an scéal seo mar go gceapaim go bhfuil cúrsaí spóirt éirithe thar a bheith dáiríre; is cuma más faoi rugbaí, sacar, iománaíocht nó cibé rud a bhfuil muid ag caint.
Insíodh bréaga lies were told
" Insíodh bréaga agus coinníodh rúin leis an chaidreamh bréagach seo a choinneáil ag dul.
Inse Ghall the Hebrides
" Agus beidh ceolchoirm de chuid salmairí ó Inse Ghall ar siúl, ina gceolfar i stíl amhránaíochta a bhí coitianta, tráth, i nGaeltacht na hAlban, ach atá imithe i léig anois i ngach áit ach amháin in Inse Ghall.
inseoidh mé duit cad tuige. I will tell you why
" Balor: Agus caidé faoin phoblachtachas? Níl tú ina éadan sin? Ian: Tá dul amú ort ar fad, a Bhaloir, agus inseoidh mé duit cad tuige.
go n-insíodh sé scéalta dúinn that he used to tell us stories
" Is cuimhin liom go n-insíodh sé scéalta dúinn mar gheall ar na síogaí a thagadh amach i ndiaidh leath i ndiaidh a deich san oíche agus an ghrian ag dul faoi sa samhradh.
Gort Inse Guaire Gort, Co. na Gaillimhe
"Gort Inse Guaire nasctha le bóthar iarainn Thuamhan (nó, Thuadh-Mhumhan, más fearr leat).
insítear is told
" D’athraigh gach rud ar 11 Meán Fómhair, 2001 - nó sin an scéal a insítear dúinn ar aon nós.
Insíodh it was told, related
" Insíodh an tseachtain seo caite (09.
D'inis sí she told
d'inis siad they related
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
lucht inste scéil survivors
" Tógadh an lucht inste scéil go dtí an ilchríoch agus tá a bhformhór faoi chóireáil leighis in ospidéil éagsúla ar fud na tíre faoi láthair.
D'inis told
" D'inis Mick an cúlra cheoil sa cheantar sin dúinn, agus luaigh sé ceolteóirí mar Mhósaí Mag Fhionnghaile agus a mhac John Mhósaí, chomh maith le John Doherty agus a chuid uncal, Alec agus Micí McConnell.
ag inse domh telling me
" ) Ar scor ar bith, bhí sí féin ag inse domh go n-amharcann daoine cineál coimhthíoch ort má ólann tú í lár na seachtaine, nó dhá lá i ndiaidh a chéile ag deireadh na seachtaine.
áilleacht a inste the beauty of its narration
" Tá an díshondas idir an tragóid féin agus áilleacht a inste iomlán máistriúil.
Inis Fáithleann of Innisfallen
" Tá trácht air faoin mbliain sin in Annála Inis Fáithleann: Colum Cille i n-ailithre.
Inseoidh tell, inform
" Inseoidh tú do cheann scríbe do stiúrthóir na mbus, agus aimseoidh seisean mionbhus duit a ghabhfas an bealach céanna leat.
inse telling
" Deir sé gur labhair sé le beirt Phríomhchonstábla den PSNI faoi Liam, ach tá daoine in amhras go bhfuil sé ag inse iomlán na firinne.
Inis Tuile of Iceland
" Tá Lochlannaigh Inis Tuile - na hÍoslannaigh - ag rá anois nár chuala siad achainí na dtíortha sin i gceart.
inste scannáin tale/delivery of a film line
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
in-inste tell-able
" Agus caithfear an scéal a bheith in-inste laistigh de na teorainn ama sin.
insíonn relate
" Dlíthe síoraí na cruinne a insíonn conas a rothlaíonn na pláinéid trí ‘fholús’ an spáis.
inis told
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
d'inis mé sin daoibh I told you so
" Thiocfadh liom “d'inis mé sin daoibh” a rá mar scríobh mé faoi na caismirtí a bhí ag Arm Shasana san Afganastáin idir 1839 agus 1881 i mBeo i bhfad siar sa bhliain 2001 (sa nasc ar dheis).
insíonn relates
" Baineann *Lowlands Away* le hamhrán caointeach Albanach, a insíonn scéal faoi mhairnéalach a thagann ar ais chuig a ghrá geal mar spiorad chun insint dí gur bádh amuigh ar an fharraige é.
nach n-insíonn doesn’t tell
" Deirtear nach n-insíonn an ceamara aon bhréag.
gan inse without telling
" " Gan ach Púdar ar Fud na Mias ================ Ach bhí NIW ag stopadh uisce i gceantracha áirithe, ag aistriú uisce ó cheantar amháin go dtí ceantar eile, ag cur an uisce ag dul in áiteanna eile - gan inse d’áitritheoirí.
D'inis told
" D'inis an fear léinn, Seán Ó Donnabháin, an scéal i leabhar a d'fhoilsigh *The Irish Archaelogical and Celtic Society* i 1860.
Inseoidh mé I’ll tell
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
insíodh dó was told to him
" Níor chreid Seathrún Céitinn go raibh a leithéid in Éirinn nuair a insíodh dó go bhfacthas sa tír iad mar nach raibh siad feicthe aige féin, ná ag mórán de lucht a linne ar ndóigh.
nár inis didn’t tell
" An Fhírinne Lom ======== Is é an trua nár inis aon urlabhraí an fhírinne lom: ní chruthóidh an rialtas post ar bith as seo go ceann cúig bliana, agus ní cóir go gcruthódh.
d’inis related
" "Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador.
D'inis mé dó I told him
" D'inis mé dó go raibh fúm dreapadh suas Raeburns Gully ar Chreag Meagaidh (1130 méadar) Dé Domhnaigh, ach chuir sé scairt orm oíche Dé Sathairn le cur in iúl dom go bhfaca siad maidhm shneachta ansin i rith an lae agus bheadh sé róchontúirteach.
n-inseofaí would be told
" Chaith Reid blianta fada ag stocaireacht leis an taispeántas seo a chur i dtreoir agus bhí rún aige ón gcéad lá riamh go n-inseofaí scéal iomlán na nÉireannach ann.
inse relate
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
insíonn na torthaí the results tell
" Cuidíonn sé seo go mór linn, agus insíonn na torthaí dúinn cad díreach ba thrúig báis don rón bocht.
nDroichead na hInse Islandbridge
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
inis tell
" *‘Honey traps’* nó ‘póg-agus-inis’ a thugtar ar a leithéid de chleachtas i mbéarlagair na ceirde.
Níor inis duine ar bith no one told
" Níor inis duine ar bith do Ó Bama, áfach, go raibh rialtas s’againne i ndiaidh ionsaí eile a dhéanamh ar pháistí na hÉireann ar na mallaibh: go raibh deireadh á chur le 250 post múinteoirí Bhéarla do pháistí ón iasacht; go raibh an deontas leabhar don lucht siúil laghdaithe; agus gur gearradh pinsean na ndall chomh maith.
d’inseoidís scéal cráite they’d recite a tale of desparation
" ‘Dá mbeadh scéal ag na clártha, d’inseoidís scéal cráite.
Bean inste na fírinne loime a woman who tells the bare truth
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
do-inste unrepeatable
" Nasc an Dá Thír ======= Scéalta do-inste iad scéalta an Titanic do mhuintir Halifax a raibh baint dhíreach acu le himeachtaí na seachtainí tar éis na tubaiste, ach is léir chomh maith gur cothaíodh naisc dhearfacha idir Halifax agus Éirinn ó shin i leith.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
inste go cumasach told powerfully
" Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar.
scéal le hinse ag gach orlach a story to be told by every inch
"scéal le hinse ag gach orlach i ndinnseanchas uafásach an bháis i dtuaisceart Bhéal Feirste.
Insíonn fíon fírinne wine talks
"Insíonn fíon fírinne’ a deir an seanfhocal ilteangach, nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn.
Inse Gall the Hebrides
" Is dócha go bhfuil an chanúint atá agaibhse anseo níos foisce le hÍle ná mar atá canúint Leodhais! **SMM: Dúirt tú rud spéisiúil roimhe seo, faoi na hoileáin go léir in Inse Gall, go gcuimhníonn muintir na hÉireann orthu mar oileáin bheaga anseo is ansiúd, ach níl sé fíor.
d’inis an rún dóibh told them the secret
" Cén chaoi ar oibrigh dúchasaigh na hAmasóine – a ólann an tae le cuimhne na ndaoine – seo amach? Na spioraid a d’inis an rún dóibh, a deir siad féin.
Scéal corraitheach a insítear a story of turbulent times is described
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
Insíodh na scórtha scéalta grinn many funny stories were told
" Insíodh na scórtha scéalta grinn agus scéalta faoi eachtraí éagsúla.
maidir le hInis Meala regarding Malta
" Ach maidir le hInis Meala, tá biseach ar an teanga dhúchais ann, agus tá an Iodáilis faoi ghradam, rud nach iontach, mar níl cósta na Sicile ach 60 míle ó thuaidh de.
d’inis sé dom he told me
" “Bhí aithne ag mo mháthair ar Phiaras Béaslaí nuair a bhí sise sa Chonradh,” d’inis sé dom go bródúil ag an am sin.
Inseoidh na suíomhanna seo these sites will tell
" Inseoidh na suíomhanna seo stair an chairr duit.
insítear duit you’re told
" Nuair atá na cluichí go léir thart, insítear duit cé mhéad pointe atá ag dul don fhoireann a chuir tú amach ar an bpáirc agus is féidir a fháil amach cé’ chaoi a bhfuil tú ag déanamh sna sraitheanna éagsúla, ina bhfuil tú páirteach.
insíonn tells
" Nuair a insíonn polaiteoir bréag ar cheart dúinn mímhoráltacht a chasadh leis i gcónaí? Ní dóigh liom é.
insím do mo scaifte I tell my group
" “Seo an teach inar rugadh an scríbhneoir cáiliúil Patrick McGinley i 1937,” a insím do mo scaifte ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael.
insítear are told
" Trí shúile ceoltóra a insítear na scéalta seo, faoi na daoine a chuaigh i bhfeidhm air, na heachtraí a bhain dó agus é ag seinm, tábhacht agus todhchaí an cheoil.
is éigean scéal a inse a story must be told
" Mar gheall ar struchtúr na nuachtán clóite, is éigean scéal a inse i líon áirithe focal, 400-500 focal go minic.
Idir an méid a d’inis sé dom between all he told me
" Idir an méid a d’inis sé dom faoi céard a bhí ar siúl aigesan agus roinnt de na tograí a chonaic mé ag (Dublin Maker Faire)(http://www.
ag inse scéalta reporting
" Rinne sí céim san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach níor thuig sí go dtí go ndeachaigh sí go TG4 agus go ndeachaigh sí ag inse scéalta ar an teilifís a chumhachtaí is atá an meán.
ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh to whom the victims had told their stories
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.
Insíonn fíon fírinne wine in, truth out
Insítear scéal cáiliúil amháin faoi one famous tale is told of him
" Insítear scéal cáiliúil amháin faoi, agus cinnte, is foinse ár dtraidisiúin féin faoin Nollaig é.
an fhirinne gharbh a inse tell the unpalatable truth
" Ní féidir leo an fhirinne gharbh a inse dá lucht leanúna a chreideann go bhfuil an lucht oibre Caitliceach i bhfad níos fearr as ná an lucht oibre Protastúnach agus go bhfuil ‘gach rud’ á fháil acu.
Bronnadh saoirse na hInse ar the freedom of Ennis was given to
" Bronnadh saoirse na hInse ar Mhuhammad Ali ar an tuisint go bhféadfadh gur tháinig a shinsheanathar ón bhaile.
Bean Inste Scéil a survivor
" ' Bean Inste Scéil ===== Bhí an méid sin thuas sa gcaint againn féin i nGaillimh le mo linnse, ach téann an míniú a bhí ag Mícheál Ó Coincheanainn i bhfad níos faide leis an scéal.
d’inis sé an oiread sin dúinn he told us so much
" Chan fhaca mise, mar a dúirt mé, script teilifíse riamh agus ní raibh a fhios agam an dóigh le dul ina bhun, ach d’inis sé an oiread sin dúinn ag an tús agus an dóigh le scripteanna a scríobh.
dream inste scéil an Nakba survivors of a brutal ‘crystal night’
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
fulaingt dho-inste na mblianta a chur di shake of the untold suffering of so many years
" Is é scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo, conas a thagann tír scriosta chuici féin arís agus fulaingt dho-inste na mblianta a chur di ag an am céanna.
a d’inis dom faoin who told me about
" Pádraig (Ó hOibicín) a d’inis dom faoin Oireachtas i Leitir Cheanainn.
Inseoidh sé duit he’ll tell you
" Inseoidh sé duit rudaí go leor a thit amach ag Halla Jimmy.
an-scéalta nár insíodh great stories which weren’t told
" Bhí an-scéalta nár insíodh sa scannán ar ndóigh.
Inis Eoghain Inishowen, County Donegal
" Níor chaith Liz Curtis agus a cara ach deireadh seachtaine ag dul timpeall Inis Eoghain, ach d'éirigh leo an t-uafás a dhéanamh agus a fheiceáil mar sin féin.
Inseoidh an aimsir time will tell
" Inseoidh an aimsir, a deir Pádraig Ó Siadhail, an mbeidh Stephen Harper, Príomh-Aire úr Cheanada, in ann fad a bhaint as a rialtas mionlaigh.
Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, Inis Traditional Music Festival,
" Sheol Cruinniú, grúpa ina bhfuil seachtar ceoltóirí óga, albam nua an mhí seo caite ag Féile Cheoil Thraidisiúnta na hInse, i gContae an Chláir.
a insíonn scéal cairde which tells the story of friends
" Tá an scannán (i)Kings(/i), a insíonn scéal cairde a chuaigh ar imirce go Londain sna seachtóidí, le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn faoi láthair.
nár insíodh untold
" An scéal nár insíodh agus an scéal a séanadh, scéal na Gaeilge i Learpholl.
inis told
" Tá Ciara Nic Gabhann den bharúil go mb’fhéidir gur inis an ceamara bréag anois is arís ó thosaigh an duine ag tarraingt grianghraif leis.
insíodh was told
" Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste the suffering of survivors who escaped from the tragedy
" Eisíodh tuarascáil thábhachtach an mhí seo caite a bhain leis an bhás go léir in Hillsborough agus le fulaingt lucht inste scéil a d’éalaigh as an tubaiste ar rian a reatha ar éigean.
Fear inste scéil é he is a survivor
" Fear inste scéil é Diarmuid Johnson, is beag nach bhfuair sé bás ar son an dea-bhéasa ar Oileán na Meala faoi Nollaig tamall de bhlianta ó shin.