Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir ghoin is chneasú between injury and healing
" Sin mar a bhí sé le bliain anois - bhí sí idir ghoin is chneasú i rith an ama.
díobháil harm, injury
" Barr an chnoic oighir? Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.
gortú dá chois an injury to his leg
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
gortú injury
" Agus dá mbeadh gortú ag cur as dóibh leanadh siad orthu ag traenáil agus ag imirt ar eagla go gcaillfidís a n-áit ar an bhfoireann.
gortaithe injuries
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
gortuithe injuries
" Dar leis go mbeidh laghdú ar an méid gortuithe don ghlúin agus don bhléin i gcás an chúl báire dá bharr seo.
drochghortú bad injury
" Gné thábhachtach eile den fhíseán ná gur féidir féachaint siar ar eachtraí neamhspórtúla agus gránna a tharlaíonn ar pháirc na himeartha agus is cúis le drochghortú uaireanta.
a gcuid gortuithe their injuries
" Fuair sé ráitis ó na daoine agus chuir sé síos go beoga ar a gcuid gortuithe i bpaimfléad dar teideal *The Massacre of the Rosses.
de bharr a chuid créachtaí. because of his injuries.
" Ní raibh Tauhara brónach in ann taisteal tapa go leor de bharr a chuid créachtaí.
Gan trácht ar na céadta dianghortú, not to mention the hundreds of injuries,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
de bharr gortaithe due to injury
" Cé go bhfuil fuinneamh nua ag foireann na tíre don bhliain seo amach romhainn, tá easnamh mór sa champa gan leithéidí Sarahjane Belton, Patrique Kelly agus Germaine Healy atá tar éis éirí as an rugbaí de bharr gortaithe.
thitim bhréige feigned injury
" Is measa an t-imreoir a dhéanann iarracht cic pionóis a thuilleamh trí thitim bhréige nó a ligeann air féin go bhfuil sé gortaithe le súil go bhfaighidh a chéile comhraic fainic nó níos measa ón réiteoir.
ghortaithe glúine knee injuries
" Gabhfaidh sé rite le hAnnraoi Ó Sibhleáin a bheith chomh maith riamh arís tar éis a ghortaithe glúine i mbliana agus é os cionn tríocha bliain d’aois.
gan leagadh, gan leonadh without mishap or injury
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
ngéarghortú tromchúiseach very serious injury
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
gortú láimhe a hand injury
" Cuireadh dul chun cinn agus pleananna Dhaithí ar gcúl áfach de bharr gortú láimhe agus d’fhill sé ar Choláiste Eoin chun staidéar a dhéanamh don Ardteistiméireacht.
gortú de bharr róníocháin san áireamh included injury from excess washing
" Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?! I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic.
de dheasca a ghortuithe from his injuries
" Fuair sé bás de dheasca a ghortuithe ón loscadh trí lá ina dhiaidh.
An Forneart agus an tSoghontacht violence and susceptibility to injury
" An Forneart agus an tSoghontacht ============= Ní hiad fir óga amháin na himircigh a n-imrítear forneart orthu.
dochar millteanach terrible injury
" Bhí an tÉireannach ag siúl na sráide, gan chíos gan cháin, trí lá i ndiaidh an dochar millteanach a dhéanamh don dochtúir óg.
chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra she added insult to injury
" Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas! Folly agus Fallaí ======= D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta.
gortú nár chuir isteach orm an injury which hasn’t bothered me
" 2 mhíle? Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana.
de dheasca a ghortaithe due to injury
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
Fáth an Ghortaithe the cause of the injury
" Fáth an Ghortaithe ======= Pléadh an gortú seo ag comhdháil a d’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael i mí Eanáir 2013.
gortú fadtréimhse longterm injury
" D’amharc Colm Mac Séalaigh le deireanas ar an gcith a d’fhliuch saol imeartha na spórt páirce, an gortú fadtréimhse.