Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
insroichte accessible
" Beidh an t-ionad insroichte ag daoine faoi éalang, rud a thug deis do Tolle agus dá fhoireann forhalla cumhachtach a chruthú isteach sa tigín, gona thinteán agus spás leapa.
insroichte attainable
" Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é? Ceisteanna móra tromchúiseacha Bhí alt eile san *Irish Times* le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad.
insroichte reachable
" Tá áiteanna éagsúla ar domhan a rachadh in iomaíocht leis an trá seo ó thaobh radhairc de, ach ní dóigh liom go mbeadh trá ar bith eile chomh glan nó chomh ciúin le Trá Whitehaven agus é a bheith insroichte ag an am céanna.