Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a rabhthas ag súil leo comhshamhlú. who were expected to integrate.
" Bhí seans ag an teanga maireachtáil ach cailleadh an seans mar gheall ar na Stáit Aontaithe agus a cumhacht agus sotal ar thaobh amháin, agus neamhchumhacht na gciní seo “gan tábhacht” ar an taobh eile, a rabhthas ag súil leo comhshamhlú.
a chomhtháthú to integrate
imeasctha integrated
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
lánpháirtithe integrated
" Lena n-airgead agus lena n-oideachas – agus lena n-aghaidheanna geala – bhí siad lánpháirtithe taobh istigh de chúpla glúin.
córas comhtháite éigin some integrated system
" Anois, aontaím leis an tuairim go bhfuil gá le córas comhtháite éigin a chuirfidh ar ár gcumas taisteal timpeall na hardchathrach ar Luas nó Dart nó ar bhus leis an ticéad céanna.
comhtháite integrated, coherent
" Bainfear an sprioc seo amach trí rogha leathan de bheartais stuama, comhtháite.
clár comhtháite integrated curriculum
" Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go gcuirfí clár comhtháite d’fhoghlaim na Gaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm tríd an straitéis.
comhtháite integrated
" Deis stairiúil atá ann tabhairt faoin obair seo ar bhealach comhtháite agus struchtúrtha.
chomhtháite integrated
" Ná dearmad go bhfuil straitéis fiche bliana againn, níl a leithéid i Nua-Bhrunsuic, deir sé go ndéanann chuile rannóg an méid is féidir leo as a stuaim féin chun an teanga Fraincise agus an tsaíocht a bhaineann léi a fheabhsú, ach níl aon straitéis chomhtháite amháin ann.
comhtháite integrated
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
chomhtháite integrated
" Ach b'fhéidir go gcuirfeadh an ghéarchéim gheilleagair borradh éigin faoin ghluaiseacht i dtreo an oideachais chomhtháite.
comhtháite integrated
" Ar ndóigh, is é atá i gceist leis an Straitéis Fiche Bliain ná plean cuimsitheach rialtais ag a mbeidh lántacaíocht an stáit leis an nGaeilge a chur chun cinn taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus, don chéad uair, tá plean comhtháite againn leis an nGaeilge a chur chun cinn.
comhtháthaithe integrated
" Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.
a chuaigh ar scoil iomlánaithe who attended an integrated school
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.