Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chluichí iománaíochta hurling games
" Anois an t-am is fearr den bhliain do chluichí iománaíochta ag gach leibhéal.
gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann All-Ireland Hurling Final
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
iománaíocht hurling
" " Cibé faoin nasc le Conradh na Gaeilge, is cinnte go raibh an-bhaint ag an gCumann Báire le cúrsaí iománaíochta i mBaile Átha Cliath, go mor mhór i lár na cathrach, mar tá an cumann lonnaithe sa cheantar ceannann céanna, is é sin thart ar an gCuarbhóthar Theas, na Saoirsí, Sráid Chamden, Ráth Maonais, agus tá gaol speisialta aige le Scoileanna na mBráithre Críostaí, Sráid Synge agus Sráid Phroinsias, le céad bliain nach mór.
gcluichí iománaíochta hurling matches
" Is údar imní é caighdeán na gcluichí iománaíochta i gCraobhchomórtais na bliana seo agus le cúpla bliain anuas.
i gceartlár an cheantair iománaíochta in the heart of the hurling area
" Luimnigh a rugadh Mícheál i 1948, agus is ann a tógadh é i gceartlár an cheantair iománaíochta sa chontae sin.
imrítear iománaíocht hurling is played
" I dTiobrad Árann agus sna contaetha láidre eile imrítear iománaíocht gach Domhnach i rith an tsamhraidh agus peil sa gheimhreadh don spórt! Ach i mBaile Átha Cliath is beag iomáint a imrítear sa samhradh, mar bíonn mic léinn thar lear agus daoine ar saoire.
is laige an iománaíocht hurling is weaker
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
iománaíocht hurling
" An té a bhfuil dúil aige san iománaíocht, agus atá ag faire go grinn ar chluichí móra na fuinseoige chomh fada is atáimse (ó 1960 nó mar sin!), thógfadh sé ceann de bhua Bhiorra i gCluiche Ceannais Club na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig seo thart.
"fíorchluiche" iománaíochta a 'real' hurling match
" Mar shampla den mheon a bhaineann leis an Craobhchomórtas, in agallamh le nuachtán náisiúnta, dúirt iarchaptaen de chuid Chontae an Chláir nach raibh sa chluiche ceannais den tSraith Náisiúnta idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann (cluiche a moladh go hard) ach "cluiche taispeántais" agus go mbeadh "fíorchluiche" iománaíochta idir an Clár agus Tiobraid Árann i gCraobhchomórtas na Mumhan.
cur chun cinn na hiománaíochta the promotion of hurling
" Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
iománaíocht hurling
" Is sampla an-bhreá é an t-alt seo aige faoin iománaíocht den stíl agus den scóip atá ar a chumas a ríomh in alt gairid amháin.
iománaíocht hurling
" AÓF: An éiríonn sibh cantalach riamh agus sibh ar an mbóthar? MÓR: Uaireanta, go háirithe sa samhradh nuair a bhíonn an iománaíocht agus an pheil ar siúl! Tá dúil mhór agam féin sa pheil.
lucht iománaíochta hurlers
" Níl a fhios agam an bhfuil seo fíor faoi lucht iománaíochta - seans go bhfuil ach gur pianta agus gortaithe difriúla a bheadh i gceist, méaracha briste go háirithe.
iománaíocht hurling
" Ba é an pointe a bhí acu, agus pointe réasúnta dar liom, ná gur dhá chluiche éagsúla iad an pheil agus an iománaíocht agus má dhéantar socrú i leith ceann acu ní gá an socrú ceannann céanna a dhéanamh i dtaca leis an gceann eile.
iománaíocht hurling
" Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.
iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe former Galway hurling captain
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe former Galway hurling captain
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe former Galway hurling captain
" I measc na n-aoichainteoirí ag an gceardlann beidh an láithreoir teilifíse Aoife Ní Thuairisc, Joe Connolly (iar-chaptaen iománaíochta na Gaillimhe) agus Conn Ó Muineacháin, podchraoltóir agus iriseoir.
cluichí iománaíochta hurling matches
" AÓF: Is as iarthar Luimnigh duit ó thús, ach feicim gur bhog tú thar an teorainn go Contae an Chláir nuair a phós tú Claire Griffin, boscadóir álainn ón gcontae sin, agus go dtéann tú go dtí cluichí iománaíochta an Chláir anois fiú! An gceapann tú gurb i gContae an Chláir atá tobar nó foinse an cheoil den chonsairtín? TC: Is fíor a rá go raibh cuid mhaith ceoltóirí ann ó Chontae an Chláir a bhí mar cheannródaithe ar an uirlis seo ceart go leor, daoine mar Mrs Crotty, Paddy Murphy, Tom Carey agus Noel Hill, mar shampla, agus go leor eile freisin.
an iománaíocht hurling
" Thar scór bliain nó mar sin, d’fhás an cluiche go mór, agus breathnaíodh air, diaidh ar ndiaidh, mar an cluiche ba dhual do Mheiriceánaigh – ar an dóigh chéanna, b’fhéidir, a ceanglaíodh an iománaíocht le hÉirinn um an taca céanna.
ar an bhfoireann iománaíochta on the hurling team
" 1961 nó 1962 a bhí ann, measaim, agus bhí níos mó *Dubs* ar an bhfoireann iománaíochta ná mar a bhí d’imreoirí as aon chontae eile as Laighin toisc go mba iad Áth Cliath curaí Laighean na bliana 1961.
caighdeán iománaíochta standard of hurling
" Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile.
an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, to make the change from hurling to the Australian game,
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
an iománaíocht hurling
" Mar fhocal scoir, ar an ábhar gurb í an iománaíocht thar na cluichí páirce go léir is ansa liom féin, bhí cúpla toradh ann a bhí “stairiúil” nó leathstairiúil i rith mhí Feabhra.
laoch mór iománaíochta big hurling hero
" Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”.
iománaíocht hurling
" Cá bhfaigheadh muid an t-airgead chun 32 foireann a chothú? San iománaíocht agus sa pheil?” Cúrsaí teilifíse Ceapadh Peter mar chathaoirleach ar chéad bhord neamhspleách TG4 i mí an Aibreáin i mbliana.
san iománaíocht in hurling
" Agus é seo á scríobh agam, ní fios cé bhuaigh craobhacha na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht ach, cé nach fios, is féidir a rá go raibh an-bhliain ag cluichí na nGael.
is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta. the hurlers should be left to hurl.
" Peileadóirí a theastaíonn ó fhoireann Átha Cliath agus is cóir na hiománaithe a fhágáil i mbun iománaíochta.
iománaíocht. hurling.
" Go dtí sin, níor imir mé riamh ach peil Ghaelach agus iománaíocht.
ag aistriú ón iománaíocht go peil. changing from hurling to football
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
ar fhoireann peile nó iománaíochta of a football or hurling team
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
iománaíochta hurling
" Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí.
iománaíocht hurling
" Cé gur ceantar láidir peile é Cois Fharraige, ní bhacann ceachtar acu le peil ghaelach a imirt, ach tá siad an-tógtha leis an iománaíocht.
iománaíochta (of) hurleying
" I bPáirc Semple D’imir Corcaigh i gcoinne Thiobraid Árann i gcraobh chomórtais na Mumhan i nDurlas Éile agus bhí an bua ag Tiobraid Árann ag deireadh cluiche breá iománaíochta.
iománaíocht hurling
" Níl fhios agam an í an pheil Ghaelach mar a thuigimid inniu í nó cluiche éigin eile atá i gceist sa tagairt sin, ach, ar an drochuair is cinnte nach í an iománaíocht príomhchluiche na hiomaíochta inniu ach an pheil, cés moite de cheantair áirithe i ndeisceart na tíre go mór mór.
hiománaíochta hurling
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
hiománaíochta hurling
" “Is cuimhin liom gur Déardaoin a bhí ann nuair a tháinig mé go hÉirinn agus an Domhnach ina dhiaidh sin bhí Corcaigh is Cill Chainnigh ag imirt i gcluiche ceannais na hiománaíochta agus coicís ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí is Maigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann.
iománaíochta hurling
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
iománaíocht sinsir senior hurling
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
imirt na hiománaíochta playing hurley
" Bhí aithne á cur agam féin ar dhaoine trí bhunú na gaelscoile anseo chomh maith, trí imirt na hiománaíochta, trí Ionad na nGleannta agus mar sin de.
iománaíochta hurling
" Chonaic muid cluiche iománaíochta den chéad uair.
iománaíocht hurling
" Táim i mo bhall de chumann iomána Bhaile Uí Bhearaigh chomh maith agus bím ag oiliúint daoine óga san iománaíocht.
iománaíocht hurling
" Bhí mé ag caint le traenálaí fhoireann iománaíocht shinsir club le déanaí.
an iománaíocht hurling
" Is fearr le muintir na hÉireann spóirt foirne, cluichí páirce go háirithe, agus nuair is iad an pheil Ghaelach, an iománaíocht, sacar agus rugbaí na cluichí is mó a bhfuil tóir ag an bpobal orthu, is beag duine a bhíonn fágtha le suim a chur i spóirt ar nós na coraíochta agus na claimhteoireachta.
cluiche iománaíochta a hurley game
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
ag imirt peile agus iománaíochta playing football and hurling
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
i gcomórtas le hiománaíocht compared to hurling
" Feictear dom, i gcomórtas le hiománaíocht nó rugbaí, gur cluiche sách leadránach atá ann le breathnú air, fiú ag an leibhéal is airde.
don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht to the championship and to hurling
" B’iontach an speach a thug taispeántais Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh agus Laoise i gcoinne na Gaillimhe don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht féin agus i ngeall orthu sin tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae thar mar a bhí le roinnt blianta anuas.
Tá domhan na hiománaíochta curtha as a riocht the world of hurling has been turned upside down
" Tá domhan na hiománaíochta curtha as a riocht ar bhealach maith faoi láthair.
an iománaíocht hurling
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
cluichí peile agus iománaíochta football and hurling games
" Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós lá aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de.
ag imirt peile agus iománaíochta playing football and hurling
" Tá Oisín 20 bliain d’aois agus tá sé ag imirt peile agus iománaíochta ó bhí sé beag bídeach.
iománaíocht, peil hurling, football
" D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
an iománaíocht go mór mór hurling particularly
" Seans gurb iad na cluichí Gaelacha, an iománaíocht go mór mór, faoi deara mo dhearcadh toisc gur orthu is mó atá mo thaithí agus go dtarlaíonn scóranna agus eachtraí imeartha eile chomh tiubh te agus chomh rialta le linn na gcluichí sin.
hiománaíochta hurling
" Nuair a fheiceann Colm Mac Séalaigh fógra teilifíse atá ag ceann d'urraí na hiománaíochta, spreagann sé cuimhne na hóige ann.
iománaíocht hurling
" Tá a shaol caite ag Mícheál Ó Grádaigh ag plé leis an iománaíocht agus a rian fágtha aige ar an spórt.
iománaíocht hurling
" Tá a shaol caite ag Mícheál Ó Grádaigh ag plé leis an iománaíocht agus a rian fágtha aige ar an spórt.
iománaíochta hurling
" Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
iománaíocht hurling
" Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.
foireann iománaíochta hurling team
" Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana.
iománaíochta hurling
" Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.
Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta National Director of Hurling
" Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
iománaíochta hurling
" Tuigeann Colm Mac Séalaigh nach fiú a bheith ag béiceach nó ag búireach ar an moltóir peile nó iománaíochta.