Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iompú i gcoinne turning against
" É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh? Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
bagrófar iompú léine shirt turning will be threatened
" Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus baiscneadh agus batráil má iompaítear.
iompú turning
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
t-iompú tobann abrupt change
" Bhí smaoineamh éigin aige i gcúl a chinn agus thug an t-iompú tobann ina shaol gairmiúil deis dó an smaoineamh sin a scaoileadh amach as a cheann.
iompú na nduilleog turning the pages
" Thosaigh mé ag iompú na nduilleog ann go dtáinig mé ar roinnt nótaí a rinne mé oíche éigin agus mé ag amharc ar na réalta le mo ghloiní páirce.
iompú teanga language shift
" Cúrsaí polaitíochta ba bhun leis an iompú teanga, próiseas a bhí tosaithe roimh bhliain an Drochshaoil dar ndóigh, ach ar cuireadh dlús leis lena linn is ina dhiaidh.
ar iompú na boise as quick as a flash
" Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr.
iompú ar to turn to
" Cé go raibh ar a sinsir iompú ar an gCríostaíocht i ndiaidh dóibh teacht go Meiriceá Theas, choimeád siad greim ar ghnéithe dá gcreideamh Afracach traidisiúnta.
iompú to turn
" (II) Giolla ospidéil ab ea fear amháinGo ndeachaigh sé i mblianta-Níor fhéad sé na hothair a iompú níos móIs lomairt na leapan á gciapadh.
iompú turn
" An aidhm atá leis an bhforneart seo ná na Mandaean a iompú ina Moslamaigh.
ar iompú na boise instantly
" Ceacht amháin a foghlaimíodh ón toghchán sa Ríocht Aontaithe is é go bhfuil David Camshrón go maith ag smaoineamh ar iompú na boise, nó mar a deir an Béarla, 'ar a chosa’.
ar iompú na boise in a flash
" Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr.
ar iompú na boise in double quick time
" Ba chabhair mhór é an *QuickGuide* ag an té úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise.
iompú teanga language shift
" Tugann Noone agus Doyle sampla suntasach den iompú teanga i measc na nÉireannach a bhí ag obair ar ghoirt an óir in Bendigo na hAstráile sna 1850í.
Ar iompú na boise in no time at all
" Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
imeacht ar iompú na boise to leave immediately
" Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
ar iompú na boise in double quick time
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
iompú teanga casta ar ais a language shift reversed
" Chonaic mé féin iompú teanga casta ar ais in achar cúpla mí.
a dhiúltaigh iompú ar who refused to turn to
" Aon duine amháin a dhiúltaigh iompú ar an Bhéarla nuair a thréig seisear cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga mar gheall ar bhean óg amháin.
iompú ina chnámh spairne pholaitiúil to become a contentious matter
" Is trua gur lig an Rialtas do chúram ghramadach na Gaeilge iompú ina chnámh spairne pholaitiúil.
iompú ina bhfinnéithe don choróin to become crown witnesses
" Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
iompú droim ar ais turn it back to front
" 3 a iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
ag iompú ar changing to
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
ar fáil ar iompú do bhoise available immediately
" Tá tuairim is 3,339 alt ar fáil ar iompú do bhoise i gcartlann ar líne na hirise.
iompú turn
" Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.
iompú rialtais change of government
" Tá míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.