Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar chrios iompair na staire sin on that conveyor belt of history
" Ach ag tús na míosa seo chuir tromlach de bhaill Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) a muinín i David Trimble ar chrios iompair na staire sin ar a dtugtar Comhairle Aontachtach Uladh.
chúrsaí iompair transport matters
" Glacadh le moltaí a rinne an Seanad deireanach ar reachtaíocht ar chúrsaí iompair, agus ar an mbille oideachais do dhaoine míchumasacha.
bealaí iompair means of transport
" D'imrítí na cluichí i bpáirceanna fheirmeoirí an cheantair mar ní raibh bealaí iompair ar fáil chuig na páirceanna cearta.
an Roinn Iompair the Department of Transport
" " Cuireann an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann.
iompródh sé é féin let it behave
" Más "craoltóir poiblí" é, iompródh sé é féin mar chraoltóir poiblí.
cheardchumann an lucht iompair transit union
" Bhí sé seo soiléir amach is amach i mí na Nollag nuair a bhagair an 34,000 ball de cheardchumann an lucht iompair stop a chur le seirbhís bus agus traenacha fothalún na cathrach, mura mbeadh ardú an-mhór pá i gceist ina gconradh nua.
córas iompair mode of transport
" Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.
gcóras iompair transport system
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
fearas iompair transport equipment
" Bia agus beostoc, ceimiceáin, innealra agus fearas iompair thar aon rud eile is mó a dhíolaimid leo.
córas nua iompair new transport system
" Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic.
iar-Aire Iompair former Transport Minister
" Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an iar-Aire Iompair Mary O'Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.
iompair behaviour
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
nuair a iompraíonn siad iad féin when they behave
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
iompair poiblí public transport
" Tá cultúr an chairr chomh láidir sin i mbruachbhailte Mheiriceá go bhfuil go leor ceantar ann nach bhfuil córas ar bith iompair poiblí acu, agus tá roinnt nach bhfuil cosáin le fáil iontu fiú.
agus an plean iompair á sheoladh aige when he was launching the transport plan
" Ceist thábhachtach í seo a bhaineann go dlúth le fás agus forbairt an aontais sna blianta atá romhainn, mar a dúirt Romano Prodi, uachtarán Choimisiún na hEorpa, agus an plean iompair á sheoladh aige.
faoin iarchoimisinéir iompair under the former transport commissioner
" Grúpa saineolaithe faoin iarchoimisinéir iompair, Karel van Miert, a chuir an liosta tosaíochtaí le chéile.
mhí-iompair misconduct
" Nílim ag cur aon mhí-iompair i leith imreoirí rugbaí ach tá smál na ndrugaí os cionn lucht spóirt ar fud an domhain, go háirithe i gcás na spórt gairmiúil ina bhfuil cumhacht agus láidreacht agus buanseasmhacht lárnach.
chostais iompair transport costs
" Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
chóras iompair transport system
" Chomh maith leis sin, tá bóthar iarainn ar fáil a dúnadh i 1963 agus b'fhearr i bhfad é sin a úsáid mar chóras iompair seachas na carranna sin ar fad a mhealladh isteach go Baile Átha Cliath.
Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga that would lead to a decrease in behavioural problems
" Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga de bharr alcóil, etc.
iompair transport
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
i gcúrsaí iompair in transport matters
" Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus? Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
An Tionscnamh Iompair Tuaithe The Rural Transport Initiative
" Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach An Tionscnamh Iompair Tuaithe áitiúil.
córais oll-iompair uirbeacha urban mass transit systems
" Thar na blianta, tá sé tar éis cuid de na leabhair is tábhachtaí dá bhfuil ann a scríobh faoi na córais oll-iompair uirbeacha, ina measc *Under the Sidewalks of New York*, an staidéar deifnídeach, b'fhéidir, ar stair chóras Nua-Eabhrac.
cliatha iompair stretchers
" Cuirfear cliatha iompair ar fáil dóibh siúd nár bhog le blianta agus a bhfuil an *rigor mortis* go smior iontu.
Aire Iompair Minister for Transport
" Soitheach gan stiúir ======= Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige.
fadhbanna síciatracha agus iompair psychiatric and behavioural problems
" Tá na tátail seo tar éis eagla a spreagadh i measc dochtúirí go bhféadfadh an cur isteach seo ar ghníomhú na hinchinne fadhbanna síciatracha agus iompair a chothú agus dochar a dhéanamh do chumas foghlamtha.
ón mbuiséad iompair from the transport budget
" Caitear an chuid is mó den airgead poiblí ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid.
an tAire Iompair Minister for Transport
" Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen, an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
modh éifeachtach iompair phoiblí efficient mode of public transport
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
ag cosaint mí-iompair defending misconduct
" Dá bhrí sin, is deacair gan teacht ar an tuairim go bhfuil a fhios go maith ag an Aire agus ag Ceannfort na nGardaí, mar atá a fhios ag *Beo!, *cérbh é an garda, agus nach bhfuil anseo ach sampla eile d’ár nAire Dlí agus Cirt ag cosaint mí-iompair i measc cheannasaíocht an Gharda Síochána.
an Roinn Iompair the Department of Transport
" Beidh na conarthaí reatha thart i mí Iúil, áfach, agus d’iarr an Roinn Iompair tairiscintí nua cúpla mí ó shin.
an dá mhodh iompair the two modes of transport
" Ní raibh mé ábalta eolas a fháil mar gheall ar an líon paisinéirí a rinne an turas seo ar an traein ach, de réir dealraimh, tá an dá mhodh iompair ábalta maireachtáil gan mórán trioblóide.
ceannasaí iompair transport chief
" Mar atá a fhios ag duine ar bith a léigh an cuntas beatha mar gheall air san iris an *New Yorker *an bhliain seo caite, is pearsa thábhachtach i gcúrsaí polaitíochta i Londain é ceannasaí iompair na cathrach Bob Kiley.
chóras iompair transport system
" Is de réir a chéile a thuig daoine go raibh rud éigin mór as an ngnách ag tarlú ar chóras iompair Londan le déanaí.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
bonneagar iompair transport infrastructure
" Ar feadh tamaill fhada sa tír seo, b’ionann “bonneagar iompair” agus “níos mó bóithre agus bóithre níos mó.
Roinn Iompair na Stát Aontaithe the US Transport Department
" Measann Roinn Iompair na Stát Aontaithe go raibh timpeall 15 milliún Meiriceánach i mbun teileachomaitéireachta sa bhliain 2002, agus go bhfuil an líon seo ag fás suas le 20% sa bhliain.
ag scrúdú mí-iompair examing misconduct
" Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú.
modhanna iompair methods of transport
" Éireoidh na modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire.
oibrithe an chórais iompair the workers of the transport system
" Tar éis na stailce dhá lá a d'eagraigh oibrithe an chórais iompair, tá an stáisiún agus an chathair ag teacht chucu féin arís.
chóras iompair transport system
" An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do chóras iompair na hÉireann.
córas iompair system of transport
"córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
córas iompair system of transport
"córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
tháillí iompair transport fees
" Bhí formhór an airgid á íoc mar “tháillí iompair” leis an gcomhlacht Alia san Iordáin.
cúrsaí iompair transport matters
" De ghnáth, nuair a phléitear cúrsaí iompair, iompar paisinéirí a bhíonn i gceist.
ní iompraítear mórán lasta sa treo eile not much cargo is carried in the other direction
" Mar shampla, tagann mórán glasraí agus bláthanna ar eitleáin ón Afraic go dtí an Eoraip, ach ní iompraítear mórán lasta sa treo eile – bíonn ar na heitleáin filleadh ar ais agus iad folamh, nó lasta eile (nach bhfuil chomh hoiriúnach) a thógáil go saor chun costais an turais a laghdú.
slite malartacha iompair alernative means of transport
" Ach roimh an bhliain 2015, feicfimid níos mó lasta ag úsáid slite malartacha iompair atá níos saoire.
cúrsaí smachta agus iompair matters of discipline and behaviour
" Le filleadh ar an *ethos*, is dóigh liom féin go bhfuil meon áirithe laistigh de CLG atá débhríoch ar a laghad maidir le cúrsaí smachta agus iompair i measc imreoirí agus daoine eile.
i gcúrsaí iompair in transport
" Sa lá atá inniu ann, is i gcúrsaí iompair a chaitear formhór na hola sa tSualainn.
córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth an excellent modern public transport system
" Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.
córas iompair phoiblí níos éifeachtaí a more efficient public transport system
" D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr, córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí.
iompraítear go dtí an Fhrainc iad their are carried to France
" Míreanna mearaí atá i gceist: déantar na heiteoga i Sasana, mar shampla, agus iompraítear go dtí an Fhrainc iad ar bord loinge speisialta agus ar leoraí ollmhór.
de chóras iompair phoiblí of a public transport system
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
iompraítear ar an stáitse í! she is carried on to the stage
" Casann Dee a rúitín ar an mbealach isteach san ionad – iompraítear ar an stáitse í! An chéad leath den *gig* lenár seanchara Oki.
ar chúrsaí iompair on transport
" Úsáidtear 68% den ola a chaitheann na Stáit Aontaithe ar chúrsaí iompair, an mhórchuid di ar iompar bóthair.
i leaba costas iompair a íoc. instead of paying transport costs.
" Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú i leaba costas iompair a íoc.
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais the cost of rates, energy, transport, environment and insurance
"costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
córas iompair transport system
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
impleachtaí a n-iompair ar an idirlíon the implications of their behaviour on the internet
" Cinnteoidh sé go ndéanfaidh daltaí machnamh ar impleachtaí a n-iompair ar an idirlíon agus iad ar scoil.
lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú. to pay for such a public transport service.
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
pleanáil iompair transport planning
" Brabús príobháideach I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach.
le hasal mar bheithíoch iompair with a donkey as a carrying animal
" Is beag duine a théann thar an áit seo gan grianghraf a thógáil de na dealbha déthoiseacha d’oilithrigh ‘ag gabháil thar bráid’ ar muin capaill nó de shiúl na gcos, cuid acu le hasal mar bheithíoch iompair acu.
a iompraíonn a gcuid balcaisí who carry their bits and bobs
" Is iad na daoine a iompraíonn a gcuid balcaisí agus a shiúlann an bealach ar fad de chois an dream is traidisiúnta; is fearr le daoine eile an cosán a shiúl ach a gcuid balcaisí a chur ar aghaidh i gcarr agus táthar ann a théann ar rothar nó ar muin capaill.
ceart iompartha gunnaí. the right to bear arms.
" Glactar go forleathan leis na cearta seo anois, ach tá ceann acu i gcónaí ina chnámh spairne – ceart iompartha gunnaí.
cúrsaí iompair transport matters
" “Easpa airgid agus cúrsaí iompair ba chúis leis an easnamh seo,” a dúirt Derek liom.
córas iompair phoiblí public transport system
"córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
éilítear méid áirithe dea-iompair a certain amount of good behaviour is demanded
" Is i mbun comhrá a bhíonn lucht blagadóireachta agus cé go bhfuil cead ag gach mac máthar páirt a ghlacadh sa chomhrá sin, éilítear méid áirithe dea-iompair ar uairibh.
caighdeán ard iompair high standard of behaviour
" Is fir choinsiasacha iad John Gormely agus Trevor Sargent, a chreid go láidir i gcónaí gur chóir go mbeadh caighdeán ard iompair i gceist sa saol poiblí.
modhanna éagsúla iompair various modes of transport
" Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.
córas maith iompair phoiblí. a good system of public transport.
" Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais córas maith iompair phoiblí.
aire iompair minister for transport
" Thug Martin Cullen, a bhí ina aire iompair ag an am, gealltanas go ndéanfaí “leasanna straitéiseacha an Stáit” a chosaint agus, chuige sin, go gcoimeádfadh an Stát bun mór sa chomhlacht príobháideach.
Modh an-choitianta iompair atá a very common mode of transport
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, that other modes of transport suit them better
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
meán iompair means of transport
" Is meán iompair í an eitlíocht atá an-sábháilte, agus tá caighdeán na sábháilteachta ag éirí níos fearr gach bliain.
cóir iompair means of transport
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
san earnáil iompair. in the transport sector.
" ***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí san earnáil iompair.
modhanna iompair modes of transport
" Má tá conspóid faoi phraghas an pheitril in Éirinn – áit a bhfuil rogha fhairsing i gceist ó thaobh modhanna iompair de – samhlaigh, mar sin, cad é mar atá sé anseo, áit nach mbíonn rogha ar bith go minic ach amháin an carr.
roinn iompair department of transport
" De réir roinn iompair na Stát Aontaithe, tá 12 faoin gcéad de na droichid ar bhóithre na tíre rangaithe mar "dhainséarach" cheana féin.
iompraíonn sé ualach paisinéirí it carries a load of passengers
" Tig liomsa suí ar mo chompord agus iompraíonn sé ualach paisinéirí gan stró.
tréimhse iompair gestation period
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
iompair transport
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach that most of the pilgrammes carry
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
thréimhse iompair gestation period
" I measc na samplaí coirp, tá suthanna ó thréimhse iompair 9- 32 seachtain le feiceáil ann agus iad ar fad leasaithe nó caomhnaithe, chomh maith le gach rud eile, trí chóiriú ar a dtugtar ‘leasú polaiméireach - polymer preservation’ nó ‘plaistiniú - plastination’.
mí-iompair misbehavior
" An fhreagracht Ba mhaith liom freisin go leagfaí freagracht ar bhainisteoirí foirne agus ar choistí contae maidir le hiompar a gcuid imreoirí agus go mbeadh iallach orthu gníomhú i gcás mí-iompair.
Iompair transport
" Grád: C - Noel Dempsey (An tAire Iompair): Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina chnámh spairne i gcónaí.
iompraíonn carry
" Bhí Union Jack sa lár, ach sna ceithre chúinne bhí brat ó Shasana, Alban, An Bhreatain Bheag agus trídhathach na hÉireann agus an mana *'Europe in one city*' air!!! Seo i gcathair atá lán de na fir bhuí, dream a iompraíonn brat dílseachta Uladh ar a gcuid paráidí go rialta.
córas iompair transport system
" Tá an tuairim aige gur gá córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta.
iompair poiblí public transport
" com/watch?v=tm_Aqnc3kO0&feature=related) Difríocht mhór eile idir San Francisco agus cathracha eile Mheiriceá ná an caighdeán iompair poiblí.
iompraíonn carries
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
iompair ar thalamh ground travel
" Ar ndóigh níl sna costais sin ach praghas na n-eitiltí agus níl lóistín ná costais iompair ar thalamh san áireamh.
iompair transport
" Idir easpa pháirceála agus thranglaim thráchta, go háirithe i rith na seachtaine, is é an tseirbhís iompair phoiblí an rogha is éifeachtaí.
Iompair agus Fuinnimh energy and transport
" An tAire Iompair agus Fuinnimh: Arthur Spring ========================= Beidh an Teachta nuathofa seo as Ciarraí Thuaidh ar an aon duine úr a gheobhaidh ardú céime.
n-oibrithe iompair transport workers
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
córas iompair a transport system
" Is córas iompair ar leith atá ar fáil ar oileán Rarotonga – bus amháin a théann deiseal ar an oileán agus bus eile a rachfas tuathal.
ná a n-iompraíonn sé nor it’s innate quality
" Ní bhraitear ainm áite ná a n-iompraíonn sé, mura dtuigtear é ar dtús.
córas iompair transport system
" Is é an TTC an córas iompair Toronto (Toronto Transit Commission).
n-oibrithe iompair transport workers
" ”* Corraíl Oibre agus Ealaíne ============= Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior are both ‘style’ and dignity at the heart
"idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior ina cruthú Mija.
iompair sa seomra ranga behaviour in the class room
" **SÓC: Cén t-athrú a tchí tú i modhanna teagaisc agus iompair sa seomra ranga ón uair a thosaigh tú i ’61 agus gur éirigh tú as i ’94?** MMGE: Tháinig athruithe ar bhéasaí na bpáistí agus ar an oiliúint a fuair múinteoirí, bealaí nua le teagasc.