Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iomráiteacha well-known
" Ar chuala tú riamh trácht ar na seanadóirí Peter Callanan, Paul Coghlan nó Camillus Glynn? Ceapann an Taoiseach aon duine dhéag eile - daoine iomráiteacha (mar dhea), leithéidí Frank Chambers agus Ann Leonard, ina measc.
seó iomráiteach famous show
" Balorina atá uirthi agus Ballerina atá inti, nó bhain sí clú agus cáil amach di féin ar fud na cruinne mar bhall den seó iomráiteach ballet, "Puddle Dance".
gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach the infamous industrial action
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
is iomráití best known
" Is iad is iomráití orthu sin ná Cartha féin, Conall, Muire agus Pádraig, ach deirtear gurbh é Tobar Chiaráin i mBabhdhún is mó airde ó thaobh toibreacha beannaithe i dTír Chonaill.
iomráiteach famous
" Spreag an áilleacht seo David Lean chun a scannán iomráiteach "Ryan's Daughter" a dhéanamh anseo sna blianta 1968 agus 1969, scannán a tharraingíonn daoine go dtí an gceantar suas go dtí an lá inniu féin.
scoláire iomráiteach celebrated scholar
" " Bhí Keough ar dhuine den dream a bhí bainteach le hInstitiúid an Léinn Éireannaigh i Notre Dame a chreid gur cheart go dtosódh agus go gcríochnódh a gcuid iarrachtaí chun Ceannasaí a aimsiú leis an scoláire iomráiteach Seamus Deane.
iomráiteach well-known
" " Cé go raibh sí i ngiorracht cúpla míle don scoil, is mar chailín cónaithe a chaith sí a tréimhse meánoideachais, ag freastal ar an scoil iomráiteach a mbíodh tarraingt chomh mór sin ag muintir Chonamara uirthi, Coláiste Mhuire.
iomráiteach well-known
" Nuair a fógraíodh an plean i dtús na míosa seo caite bhí neart olagóin le cloisteáil, más *sotto voce *féin é, ó na státseirbhísigh, agus cé thógfadh orthu é? An chuimhne is mó atá agam ó dhánta na hArdteistiméireachta ná an dán iomráiteach úd, "Stoite" le Máirtín Ó Direáin.
is iomráití most famous
" Is leis na focail sin a thosaíonn ceann de na scéalta is iomráití i litríocht Ghaeilge an fichiú haois, "Bullaí Mhártain" le Donncha Ó Céileachair.
cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha apart from a handful of famous exceptions
" Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr.
pearsanra iomráiteacha famous people
" Labhair pearsanra iomráiteacha amach go láidir faoin masla a tugadh, dar leo, do lucht na hiomána.
le himeacht an chluiche iomráitigh úd during the course of that famous match
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
iomráiteach notable
" Ó thaobh méid de, tá an áit seo claon beag níos lú ná an Vatacáin agus tá an-chuid Polannach iomráiteach curtha ann.
iomráiteach well-known
" Mar bharr ar líomhaintí Hourigan, tar éis do Jean-Louis Bruguière – breitheamh iomráiteach ón bhFrainc – imscrúdú a mhair ar feadh cúig bliana a chur i gcrích, ba é an breithiúnas a thug sé i leith na heachtra thuasluaite ná go raibh Kagame freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta seo a chuir tús leis an gcinedhíothú.
iomráiteach well known
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
tráchtaire iomráiteach spóirt really well known sports commentator
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
iomráiteach famous
" Ach le bheith ionraic, tá rudaí giota beag róshuaimhneach fá choinne cathair iomráiteach mar seo.
iomráiteach well known
" D’fhan muid in óstán atá breá iomráiteach – an ‘*Chelsea*’ ar *23rd St*.
amhrán iomráiteach a famous song
" *, idir ascaillí a seacht agus a hocht, is iomaí amhrán iomráiteach a scríobhadh anseo.
is iomráití most notable
" An Tílicín Is dócha gurb é an tílicín, nó tíogar na Tasmáine, an mamach is iomráití i measc iad siúd atá imithe in éag abhus sa tréimhse sin.
iomráiteach renowned
" Saineolaí athchóirithe iomráiteach, a thugann a chomhlacht féin, FTI Consulting, ar Greenspan.
iomráiteach famous
" Bhí sé iomráiteach mar gheall ar a fuaimníocht iontach, a chuir an díon cruinneachán gloine go mór leis, chomh maith leis na amharclínte foirfe.
iomráiteach well known
" Bhí siad ina gcónaí i gcuid mhór áiteanna anseo, bhí siad in aice láimhe anseo i gCois Claidigh, i seanteach Jimí Dinny, amhránaí sean-nóis iomráiteach agus i Machaire Gathlán, toigh Jimí Neddy.
iomráiteacha famous
" Is ó Mau a eascraíonn roinnt aibhneacha a shníonn amach i lochanna iomráiteacha an Scoiltghleanna.
iomráiteach famous
" Ina alt iomráiteach dar teideal ‘*The Israel Lobby*,’ a foilsíodh sa *London Review of Books* ar an 23 Márta 2006, scríobh John Mearscheimer agus Stephen Walt: “*Other special-interest groups have managed to skew foreign policy, but no lobby has managed to divert it as far from what the national interest would suggest, while simultaneously convincing Americans that US interests and those of the other country – in this case, Israel – are essentially identical*.
mhí-iomráitigh infamous
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
iomráiteach famous
" ’ Agus ar ndóigh an mhí seo caite, luaigh mé ‘The Israel Lobby’ le Mearsheimer agus Walt, an t-alt iomráiteach a léiríonn an smacht atá ag AIPAC ar bheartas eachtrach SAM.
iomráiteach well known
" Bronnadh IFTA SMM: Bhí bronnadh IFTA go deas, nuair a chas tú leis an dream iomráiteach atá i mbéal an phobail? CNC: Bhí mé ar bís an chéad bhliain ag na IFTAs.
is iomráití best known
" Tá an tOllamh Leanne Hinton ó Ollscoil Chalifornia, Berkeley, ar dhuine de na saineolaithe is iomráití ar theangacha bundúchais Chalifornia, leithéidí Karuk, Kawaiisu agus Yurok.
iomráiteach famous
" Mar cheiliúradh ar an ócáid tá eagarthóir iomráiteach údarásach álainn Beo Ar Éigean! chun ardú pá a thabhairt do Laoch na Litríochta.
iomráiteach famous
" Ba sa bhliain 1935 a nocht Eamon de Valera dealbh aolchloiche de Shean-Phádraig Ó Conaire ar an Fhaiche Mhór , a thóg an dealbhóir iomráiteach, Albert Power.
is iomráití most famous
" Tógadh an Séipéal Sistíneach i 1484 le bheith ina hionad tionóil do na cairdinéil agus istigh ann tá ceann de na saothair is iomráití do chuid Michelangelo le feiceáil ar an tsíleáil.
iomráiteacha well known
" Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne.
iomráiteach famous
" Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina ainmní-briathar-cuspóir.
is iomráití most famous
" Tá ceann de na duaiseanna is iomráití i saol na healaíne, An Turner Prize, bainte ag an Albanach Susan Philipsz i mbliana as ucht saothar ceolmhar caointeach, *Lowlands Away*, a chur san iomaíocht.
iomráiteach famous
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
bia iomráiteach well-known food
" Is é sin le rá go bhfuil comhartha ann do gach siolla ab fheidir a rá sa tSeapáinis, mar shampla, an bia iomráiteach Súisí すし.
iomráiteach famous
" Déanann an teideal tagairt, ní hamháin don cheithearnach coille iomráiteach, ach don úrscéal de chuid Peter Carey, True History of the Kelly Gang, a foilsíodh sa bhliain 2000, agus a bhuaigh an duais Man Booker an bhliain dár gcionn.
aisteoir iomráiteach a well known actor
" De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne.
iomráiteacha much talked about
" Dúradh le Balor alt a scríobh faoi ionsaithe an mhí seo, a léitheoirí dílse: ionsaithe! Bhuel, tiocfaidh na hionsaithe ar ball, ach idir an dá linn, cúpla focal faoinár gcuid cuairteoirí clúiteacha iomráiteacha.
iomráiteach famous
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
iomráiteacha famous
" Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais.
hiomráiteach famous
" Ach cén fáth gur i gcúinne beag, forimeallach den domhan a tharla forbairt na gcluichí atá chomh hiomráiteach inniu? Is cosúil go raibh tosca fisiceacha, nádúrtha i gceist ach, i ndeireadh na mbeart, gurb iad na tosca daonna - forbairt geilleagair, tionscail agus teicneolaíochta móide eagrú na sochaí agus na polaitíochta – ba thábhachtaí.
iomráiteach famous
" Dúirt Martina Anderson, aire sóisearach i dTionól an Tuaiscirt, agus í ag seoladh na féile, gur mór an onóir a bhí ann an fhéile iomráiteach a bheith ar ais i nDoire i ndiaidh 18 mbliana agus gur mhóraitheantas a bhí ann don atógáil pobail a bhí ag tarlú sa chathair le tamall anuas.
tsraith iomráiteach famous series
" D’éirigh leis an tsraith iomráiteach ‘Corp agus Anam,’ léirithe ag Darach Mac Con Iomaire/Magamedia do TG4, gradam a fháil don tsraith drámaíochta is fearr chomh maith le gradam ar leith don léiriúchán is mó a chuir spiorad na Féile in iúl.
iriseoir iomráiteach famous journalist
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
ceantar iomráiteach a famous district
" Ceolta Mhúscraí: ======= Cnuasach fíorluachmhar é seo ar a bhfuil oirfidigh ó cheantar Mhúscraí, ceantar iomráiteach amhránaíochta agus ceoil; ní fhéadfaí a sárú d’oirfidigh a fháil leis an dtraidisiún suaithinseach sin a léiriú.
is iomráití agus is corraithí dá raibh ann most famous and most moving ever
" Scríobh Eoghan Ó Néill sa nuachtán Gaelscéal i mí Iúil i mbliana go raibh sé ar “an agóid Oilimpeach is iomráití agus is corraithí dá raibh ann”.
iomráiteach famous
" Cuireadh tús bríomhar leis an mbliain cheiliúrtha sna forais náisiúnta le taispeántas de shaothar Henri de Toulouse-Lautrec, an péintéir Francach iomráiteach, sa Dánlann Náisiúnta.
amhránaí iomráiteach famous singer
" ie/) An Cheist ==== **Cén ‘t-aisteoir agus amhránaí iomráiteach’ a chuir clár raidió Ghael Linn i láthair ar Raidió Éireann ar feadh na mblianta sna seachtóidí/hochtóidí (1970-80aidí)?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
Céad díolaim iomráiteach the first famous album
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
an t-amhránaí iomráiteach the famous singer
" Bhí Kiernan pósta le Delia Murphy, an t-amhránaí iomráiteach, agus chuidigh sé sin go han-mhór leis an bhfeachtas cáil na hÉireann a fheabhsú in Canberra.
t-aisteoir iomráiteach famous actor
" Bhí an t-aisteoir iomráiteach Astrálach, Jack Thompson, ar an gclár teilifíse ‘*Who Do You Think You Are*’ ar na mallaibh nuair a nochtadh dó go raibh daoránach i measc a shinsear.
leis an mbuíon iomráiteach with the famous group
" Is ceoltóir é Colm Ó Snodaigh leis an mbuíon iomráiteach Kíla.
iomráiteach well known
" com/tracks/122887154&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ba mhór agam bualadh leis an scríbhneoir iomráiteach Alex Hijmans le deireanas, agus luaigh sé rud a chuir ag machnamh mé, is é sin: *reverse culture shock* nó suaitheadh codarsnach na saíochta, más maith leat.
an staraí iomráiteach the famous writer
" Leabhar Reynolds ======== D’eisigh an staraí iomráiteach, Henry Reynolds, an leabhar, *Forgotten War*, ar na mallaibh a tharraing aird nua ar an gcogadh.
file agus amhránaí iomráiteach a poet and a famous singer
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
a chruthaigh an siamsóir iomráiteach which the famous comedian created
" Rinne cuid acu tagairtí don dáma (mar dhea) Astrálach seanbhunaithe, Dame Edna Everidge, an carachtar ainspianta a chruthaigh an siamsóir iomráiteach, Barry Humphries, breis is leathchéad bliain ó shin.
an dinnseanchaí iomráiteach the famous topographer
" Beidh cur síos sa tsraith nua seo ag an dinnseanchaí iomráiteach Mearbhall Ua Piacháin ar áit-ainmneacha i gcéin is i gcóngar.
an dinnseanchaí iomráiteach the famous topographer
" Déanann an dinnseanchaí iomráiteach Mearbhall Ua Piacháin cur síos in altanna na sraithe seo ar áit-ainmneacha i gcéin is i gcóngar.
iomráiteach well known
" Is breá leis mí-iompar mar dhea mhuintir Nua-Eabhrac agus tá dúil mhór ar fad aige in Óstán iomráiteach Chelsea ar Shráid 23.