Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionadaí representative
" " Dúirt ionadaí eile ag an chruinniú: "Ní raibh mé féin riamh tógtha fán díchoimisiúnú.
ionadaí representative
" I 1991, nuair a thit pleananna do Salzburg as a chéile, go pointe áirithe mar gheall ar thitim Fhalla Bherlin, ghlac ionadaí de chuid na Fondúireachta le cuireadh dul go Bilbao le comhthionscadal a phlé.
ionadaí substitute
" Ní dhéanfaidh duine ar bith dearmad ar an spiorad a bhí aige, a raibh an rírá a tharla ar an taobhlíne i Meiriceá nuair a bhí an réiteoir mall ag tabhairt ceada dó teacht ar an pháirc mar ionadaí mar léiriú maith air.
ionadaí representative
" " Mar sin, tá Ruth an-sásta le córas na hionadaíochta cionmhaire a cuireadh ar bun sa Tuaisceart.
ionadaí representative
" ÉÓD: Tá baint agat féin le heagraíocht cearta daonna agus bíonn tú i mBéal Feirste go minic mar ionadaí de chuid na heagraíochta sin.
mar ionadaí as a substitute
" Ach smaoinigh sé ar cheist eile go tobann mar ionadaí.
Ionadaí Speisialta Special Representative
" Chuir Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl nach raibh sé sásta leis an reifreann, ach ní dhearnadh rud ar bith faoi.
ionadaí representative
" "Is iontach an rud é nuair a smaoiníonn tú go bhfuil mé ag obair i Halla na Cathrach, agus go raibh mé mar ionadaí Halla na Cathrach ag ócáid a bhí ag tabhairt ónóra don imirce Éireannach go dtí an chathair seo," a dúirt Cunningham cúpla lá tar éis don Jeanie Johnston teacht i dtír.
ar son an ionadaí díolacháin on behalf of the sales rep
" Bhí cúraimí éagsúla orm, ina measc, an crann Nollag a mhaisiú, ansin seasca cárta Nollag a shíniú ar son an ionadaí díolacháin in Oirthear na hEorpa.
ionadaí representative
" Tuigeann siad beirt go bhfuil an plean seo ag brath ar lucht tacaíochta Fhine Gael a bheith sásta uimhir a dó nó a trí a thabhairt d'ionadaí an Lucht Oibre nó an Pháirtí Ghlais sa chéad toghchán eile.
ionadaí representative
" Tá mé i mo rúnaí ar an Choimisiún Logainmneacha mar chuid de mo dhualgaisí, agus tá mé mar ionadaí na hÉireann ar Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha (UNGEGN).
ionadaí foirne staff representative
" Ó tharla gur ionadaí foirne a bhí ann agus go raibh sé lárnach sa cheardchumann, bhí dualgas air freastal ar mhianta na bhfeidhmeannach.
ionadaí substitute
" Bhí súil ag daoine go mb’fhéidir go smaoineodh imreoir an dara huair ar chalaois a dhéanamh dá mbeadh a fhios aige go raibh seans maith aige 10 nóiméad a chaitheamh ar an taobhlíne, gan ionadaí a dhul isteach ina áit.
ionadaí substitute
" Is minic a chuir mé an milleán orm féin má chaill an fhoireann cluiche – toisc nár athraigh mé imreoir nach raibh ag imirt go maith nó nár chuir mé ionadaí ar an bpáirc in am agus mar sin de.
ionadaí representative
" Bíonn ionadaí ón fhoireann ar dhuine de na Gobharnóirí, ach leis an fhírinne a choinneáil uaidh, rinne na bainisteoirí caimiléireacht ar an toghchán do na Gobharnóirí i mí na Bealtaine 2005, sa dóigh is gur chaill Paul Hogan, ionadaí ón NATFHE, é.
ionadaí substitute
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ionadaí tofa elected representative
" ***Buntáistí:*** Cúlra feirmeoireachta aige agus é mar ionadaí tofa ar chontae mór déiríochta.
ionadaí representative
" Bhí mé ansin mar ionadaí ón chlub Éireannach i Learpholl, áit a mbím ag múineadh Gaeilge gach seachtain.
ionadaí maith good representative
" Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
ionadaí ranga class rep
" Anois - ní hamháin gur ionadaí ranga a bhí ionam agus mé sa chéad bhliain (i 1988), ach bhí mé ar choiste feidhmiúcháin aontas na mac léinn sa dara bliain.
Ionadaí Comhdhala Congressman
" Ionadaí Comhdhala Toghadh Rahm Emanuel do Chomhdháil na Stát Aontaithe i 2003, áit ar thacaigh sé go láidir le polasaithe ionsaitheacha Iosrael ó shin i leith.
cháin ionadaí na tíre the country's representative condemned
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
níos ionadaí more representative
" Baineann sé leas fosta as staidrimh an daonáirimh dheiridh lena léiriú go mbeadh giúiré dátheangach níos ionadaí ar an ghréasán déimeagrafach i gcontaetha Gaeltachta, b’fhéidir, ná mar a bheadh giúiré aontheangach.
go hionadach by proxy
" Féachann an tuismitheoir ar an pháiste mar dhuine a chuirfidh a bhrionglóidí féin i gcrích, ní go díreach ach go hionadach.
Ionadaí na Banríona Viceroy
" Tá ráite aici féin faoi rún le Balor nach mbeidh spéis dá laghad aici fanacht san Áras mar Ionadaí na Banríona in Éirinn, ach go bhfuil cara aici a mbeadh spéis mhór aige sa phost sin, mar atá an Seanadóir Dáithí Ó Norrissa.
ionadaí a representative
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ionadaí representative
" Mhol ionadaí Eorpach amháin, Servaas Deroose, gur chóir do na Gréagaigh a gcuid tránna a dhíol, chun borradh a chur faoi mhargadh tithíochta na turasóireachta! Cé a déarfadh nach dtarlódh amhlaidh anseo? Cé gur beag duine nach maíonn gurbh fhéidir le stát na hÉireann áiseanna áirithe a phríobháidiú, fós tagann chun cuimhne an phraiseach a rinne díol Eircom do bhonneagar cumarsáide na tíre seo.
ionadaí a chur ar to put forward a representative
" Tugadh cuireadh do Rannóg an Aistriúcháin ionadaí a chur ar an gCoiste ach níor glacadh leis an gcuireadh.
ionadaí representative
" Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe representative of the Queen of the United Kingdom
" Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.