Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mothúcháin a mhúscailt iontu to awaken feelings in them
" Focal scoir ó Éamonn féin: dúirt sé liom agus muid ag druidim le deireadh ár gcomhrá gur rud thar a bheith speisialta a bhí ann dó a bheith ábalta daoine eile a spreagadh nó mothúcháin a mhúscailt iontu i ndiaidh dóibh a bheith ag amharc ar a shaothar.
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
a bhfuil an braon anuas iontu that are letting in the rain
" Tá go leor míshásta leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an éagothroime atá sa chóras oideachais, a fhágann go bhfuil páistí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu á dteagasc i scoileanna breátha galánta agus páistí eile á múineadh i mbothanna bréana a bhfuil an braon anuas iontu.
ag cur fúthu iontu living in them
" De bharr go mbítear den tuairim agus bruachbhailte á dtógáil go mbeidh carranna ag na daoine go léir a bheas ag cur fúthu iontu, bíonn achar fada idir limistéir chónaithe agus na ceantair áitiúla gnó, rud a chiallaíonn gur gá tiomáint chuig siopaí grósaera, pictiúrlanna, tábhairní agus bialanna.
a mbíodh cruinnithe aige iontu in which he used to have meetings
" Bhí a fhios aige cá raibh cónaí ar McKevitt, agus bhí eolas aige ar thithe eile i gceantar Dhún Dealgan a mbíodh cruinnithe aige iontu.
mar dhaoine iontu féin as people in their own right
" Bhreathnaigh mé ar mo pháistí mar dhaoine iontu féin, seachas mar phíosa díomsa.
ag léiriú suime iontu showing interest in them
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
ag léiriú suime iontu showing interest in them
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
ag déanamh neamairt iontu neglecting them
" D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.
nach bhfuil tada eile iontu ach bia Áiseach which contain only Asian food
" Bhí spíosraí dá gcuid féin acu agus cé nach raibh siad le fáil go héasca ar dtús tá sé sin athraithe anois agus bia Áiseach le fáil sna hollmhargaí agus, sna cathracha, siopaí nach bhfuil tada eile iontu ach bia Áiseach.
an mbeadh aon ábhar iontu if they would contain any material
" Ní hamháin go ndúirt Tadhg go mba chóir don bheirt dialanna a dhearthár a thabhairt leo, ach rinne sé na dialanna a sholáthar dóibh gan aon scrúdú a dhéanamh orthu le feiceáil an mbeadh aon ábhar iontu nár mhaith leis daoine eile bheith a léamh.
tá ag éirí go maith libh iontu you're doing well in them
" ***AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.
ar a nochtar iontu. on what is shown in them.
" Níl aon smacht ag an tionscal, ná ag foinsí seachtracha, ar a nochtar iontu.
ar féidir suí iontu, which you can sit in,
" Tá locha beaga in Ruaumoko ar féidir suí iontu, mar a dhéanfadh duine i Jacuzzi.
ag cothú nirt istigh iontu féin. maintaining strength inside themselves.
" D’fhan siad ciúin, ag cothú nirt istigh iontu féin.
scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad. they are the story of our people and they belong to all of us.
" Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.
nach labhrófar Gaeilge go deo iontu in which Irish will never be spoken
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
ag obair iontu. working in them.
" Aimsir bhunú Theilifís na Gaeilge sa bhliain 1996, bunaíodh an t-iliomad comhlachtaí nach raibh ach duine nó beirt ag obair iontu.
ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu there won't be a lot of people showing interest in them
" Beifear ábalta teach mór ar acra a cheannach i mBaile Átha Cliath 4 ar ocht míle Euro (troscán san áireamh) ach ní bheidh mórán daoine ag cur spéise iontu cionn is go mbeidh siad ar fad ceannaithe roimh cheant ag muintir Rath Cairn.
ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu which are governments organised exactly as if they were small countries
" Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
nach mbeadh dúil agamsa iontu, that I wouldn't like,
" Ach, go measartha gasta, thuig mé gur mó an fhéile ná mise amháin agus tá dúil ag daoine i gcuid mhór rudaí nach mbeadh dúil agamsa iontu, agus tuigim go bhfuil sé tábhachtach tóineanna a chur ar shuíocháin.
ag glacadh páirte iontu taking part in them
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
le cónaí iontu. to live in
" Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.
gur ealaíontóirí iontu féin iad, that they are artists in their own right
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
a mbeadh spéis agam iontu. that I'd be interested in.
" Ach dá mba rud é go ndearna mé ‘Cúrsaí Ealaíne’, d’fheilfeadh sé go mór dom mar go mbeinn ag plé le rudaí a mbeadh spéis agam iontu.
oilte iontu araon skilled in both of them
" Ní hamhlaidh é i gcás Ní Dhuibhne; is fearr léi saothar a chumadh as an úr sa dá theanga oifigiúla agus tá aitheantas saothraithe aici mar údar atá oilte iontu araon.
bhí mo dhá shúil sáite iontu. I couldn't take my eyes off them
" Stad den stánadh,” ach bhí mo dhá shúil sáite iontu.
léiríodh iontu they showed
" Ní raibh na saothair seo ar díol sna siopaí turasóireachta agus léiríodh iontu an foréigean agus an t-anord a bhí i gceist ó cuireadh tús leis an chogadh.
léirítear iontu they show
" Tá cuid de na saothair anois le feiceáil sa Pomegranate Gallery, Manhattan, agus léirítear iontu radhairc agus dearcaidh éagsúla maidir leis an chogadh san Iaráic.
ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu. areas in which the insurgents were not active
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
a mbíonn sí ag gníomhnú iontu in which she is is in action
" Mar a dúirt Édith Piaf, Non, je ne regrette rien! ” Bheadh an t-alt seo easnamhach mura luafainn nach n-aontaíonn go leor daoine le tuairimí Roche i dtaca leis an tionchar a d’fhág an radachur ar mhuintir na gceantar a mbíonn sí ag gníomhnú iontu.
a bhfuil dúil mhór agam iontu for whom I have a great liking
" Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
misneach nua agus meanma iontu they've new courage and spirit
" Ba chríoch dhíomách é seo do na cailíní, ach tá misneach nua agus meanma iontu i mbliana, a bhuí sin don tslí ar chruthaigh siad ag an gCraobh Eorpach dheireanach.
nach raibh iontu ach they were merely
" Thuairiscigh Amnesty go raibh fórsaí na hAetóipe ag marú daoine amhail is nach raibh iontu ach tréad gabhar.
go smior iontu in their bones
suim agam iontu interest me
" Tá an ceol traidisiúnta ann, tá traidisiún maith peile agus iomána san áit agus sin iad an saghas rudaí a bhfuil suim agam iontu.
nach bhfuil iontu they’re just
" ’ Ceapann go leor eile, áfach, nach bhfuil iontu ach aisfhreagra ar chíocras áilíosach na nuachtán thablóideacha: *It is the natural consequence of unwarranted tabloid intrusion into the bedrooms of assorted celebrities and, as such, does not threaten proper journalism.
gan de chumas iontu beyond their capability
" Tá cuma puipéidí scantraithe ar Enda Kenny agus Éamonn Gilmore, gan bunsmaoineamh ar bith dá gcuid féin acu, gan aon mhisneach acu agus gan de chumas iontu dóchas a thabhairt don phobal a thogh iad.
múchta go leor iontu féin in low spirits
" Bhí an grúpa múchta go leor iontu féin.
socair iontu féin impassive within themselves
" Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.
mianach leabhair iontu the makings of a book in them
" "Muise", ar sí liom agus í ag breathnú timpeall an tseomra ar an slua i rith sosa, "Cé as a dtáinig siad go léir?" An tOllamh Ó Conchubhair a thug 'eochairléacht' na Comhdhála - ar na gearrscéalaithe óga sin nár fhoilsigh leabhair go fóill, ach a bhfuil mianach leabhair iontu.
solas an réaltra iontu a bhrath fós can still perceive the lights of galaxy in them
" Bhaineadar leis an mbás go hoifigiúil, ach is féidir le lucht tacaíochta Milch solas an réaltra iontu a bhrath fós.
coilínigh a chur fúthu iontu colonists who settled there
" Bhí siad araon daite dearg ar an léarscáil, mar a bhíodh na tíortha eile sa Chomhlathas Briotanach ar fud na cruinne, agus ba de shliocht Briotanach iad na coilínigh a chur fúthu iontu.
an misneach iontu their spirit
" N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.
daltaí iontu pupils in them
" Tá timpeall 3500 daltaí iontu (ón naíonra go dtí an bac/ ardteist) agus tháthar ag oscailt scoileanna nua gach bliain.
go smior iontu deeply set in them
" Tá siad chomh nua-aoiseach mar phobal is atá dream ar bith eile sa tír, ach tá an cultúr agus na seanghnásanna go smior iontu agus gan amhras tá saol an lae inniu ag cothú coimhlinte idir an sean agus an nua.
a bhfuil teacht aniar iontu who have good constitution
" Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán.
nach mbíonn ach a dhóthain Ghaeilge iontu who don’t have enough Irish
" Tá roinnt eile nach mbíonn ach a dhóthain Ghaeilge iontu leis an airgead coimisiúnaithe a fháil ó TG4.
is nach gcreidimid iontu in aon chor and we don’t believe them at all
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
i mbun rudaí a bhfuil suim agat iontu doing things you’re interested in
" 
"Má tá tú ag obair oiread agus is féidir leat i mbun rudaí a bhfuil suim agat iontu, sin an rud is fearr do dhuine ar bith a bheith a dhéanamh, creidim," arsa Julie.
toisc gur iontu a bhí na dúshláin because of the challenges
" Sílim gur bhain Páidí Ó Sé ardtaitneamh agus sásamh as na coimhlintí sin toisc gur iontu a bhí na dúshláin agus na trialacha ba ghéire a bhí le fáil aige mar pheileadóir.
ní daoine míne, solabhartha a bhí iontu ar fad they weren’t all fine and affable people
" Agus ní daoine míne, solabhartha a bhí iontu ar fad.
bhfuil laige éigin fanta iontu some weakness has remained with them
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
goimh aisteach iontu they possess a strong spite
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
ní bheidh iontu ach putha gaoithe they’ll only be a puff of wind
"ní bheidh iontu ach putha gaoithe le hais an cúbach a tharlódh dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge.
le ciall a chur iontu to bring them to their senses
" Ní fios go cinnte arbh iad SAM nó an Iaráin a mhúscail a gcuid diúracán i sciobóil sa Táidsíceastáin le ciall a chur iontu, ach bhain an méid sin an gus astu.
nó dream ar bith eile a bhí iontu or if they were any other group
" " Ba chuma, ar ndóigh, cé acu Arabaigh nó dream ar bith eile a bhí iontu, níor cheart iad a ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo leis na mílte bliain.
ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu which have problem solving in them
" Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “*shoot-em-up*”.
dar shuigh mé isteach iontu riamh I every sat in
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
nach bhfuil mórán maitheasa iontu which aren’t much use
" Tá neart carranna 4x4 ar na bóithre nach bhfuil mórán maitheasa iontu le tiomáint easbhóthair a dhéanamh.
ardslándála i bhfeidhm iontu highsecurity in place in them
" Léiríonn sé ról lárnach na gcimí Poblachtacha in agóidí agus círéibeacha a chuir i gcoinne an chórais pheannaidigh Bhriotanaigh agus tugtar léargas dúinn ar na mór-iarrachtaí a rinne cimí áirithe ar éalú as na carcracha a raibh córas ardslándála i bhfeidhm iontu.
chan amháin Gaeilge á teagasc iontu not only was Irish being taught in them
" Sa Churrach agus ar Bhóthar Cromghlinne sna 40í, bunaíodh botháin Ghaeltachta don chéad uair, áiteanna a raibh, chan amháin Gaeilge á teagasc iontu, ach ina raibh Gaeltacht á múnlú ag an am chéanna.
poill faire iontu a ligeann duit a peephole which allows you
" Tá sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
amharc isteach iontu to look into them
" Tá sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách to place two wheels in places I wouldn’t visit usually
" Tugann an rothar saoirse dom fosta dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.
má tá rómhuinín acu iontu féin if they’re too confident
" Níl aon rud níos deacra ó thaobh na bainistíochta de ná intinn imreoirí a dhíriú sa treo ceart má tá rómhuinín acu iontu féin.
go smior iontu (cut) them to the bone
" Bhí lúcháir ar na coilínigh ardmholadh a fháil ó ionadaí uasal na máthairtíre go dtí gur chuir sé an t-aguisín seo leis an teachtaireacht: in ainneoin a “*birthstain*”! Chuaigh a thagairt dá n-oidhreacht daoránaigh go smior iontu.
a bheas iontu amach anseo they shall be in the future
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
Níl iontu ach meáin they're just a means
" Níl iontu ach meáin fá choinne cumarsáide.
go ciúin agus múchta iontu féin looking grim
" Chaolaíodar leo i ngan fhios don tsaol, duine ar dhuine amach an doras a bhí foscailte ag Jim dóibh, agus iad go léir go ciúin agus múchta iontu féin.
is slatracha agus craiceann atá iontu they’re made of skin and sticks
" Agus cé nach dóichí go raibh báid na nGael ar aon chruth leo, bhí siad ar aon cheardaíocht leo nó is slatracha agus craiceann atá iontu.
in aon duine seachas iontu féin in anyone other than themselves
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
cosa breátha móra atá iontu they’re great big feet
" Tháinig Dinny ar an tsaol seo le dhá chois ar a cholainn, agus cosa breátha móra atá iontu, bail ó Dhia orthu, nó is minic a chuir sé isteach ina chlab mór iad; agus cé gur fhoghlaim Dinny go hóg ina shaol an dóigh le seasamh ar a dhá chois féin, is léir go bhfuil an cumas sin caillte aige anois.
níl iontu ach foinse they’re just a source
" Mar níl iontu ach foinse *bloody* airgid.
tá m’anam iontu my soul is in them
" Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.
gur dream dearmadta a bhí iontu that they were a forgotten group
" Sin ráite, go dtí le gairid, mhothaigh Gaeil Mheiriceá Theas gur dream dearmadta a bhí iontu mar gheall ar an easpa teagmhála a bhí acu le hÉirinn.
ag obair nó ar saoire iontu working or on holiday there
" Dar leis go bhfuil sé tar éis tarlú cheana féin go mbíonn cluichí móra CLG le feiceáil in áiteanna thar lear mar a bhfuil Éireannaigh ag obair nó ar saoire iontu.
a bhfuil mianach is fuinneamh iontu who have talents and energy
" Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.
mar a bheadh saoithe iontu as if they were philosophers
" Achan Fhear Níos Mire ná a Chéile ================ Le tamall rófhada, tá muid ag plé le daoine atá craiceáilte as a meabhair mar a bheadh saoithe iontu.
seasmhacht níos fearr iontu greater stability in them
" B’fhéidir go mbeadh seasmhacht níos fearr iontu agus go n-éireodh leo pobal na Gaeilge, más ann dó, a mhealladh le nuachtán Ghaeilge a cheannach arís.
spéis iontu an interest in them
" Chuir Colm Mac Séalaigh spéis iontu.