Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taobh istigh amuigh inside out
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
taobh istigh amuigh inside out
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
istigh over
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
atá istigh leis féin who is happy within himself
" " In ainneoin gur beag airgead atá á shaothrú aige, tá Colm breá sásta leis an saol atá á chaitheamh aige, agus is léir gur duine é atá istigh leis féin.
istigh leis féin at ease with himself
" Is léir go dtuigeann sé a chuid buanna féin agus go bhfuil sé istigh leis féin.
taobh istigh d'achar gearr inside a short period of time
" Ní féidir a shamhlú go mbeidh an DUP agus Sinn Féin ag roinnt cumhachta taobh istigh d'achar gearr.
go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh that drink leads to lack of sense
" Tá a fhios ag an saol Fódlach go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh.
taobh istigh den mheántéarma in the medium-term
" Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh móramh náisiúnach ó thuaidh taobh istigh den mheántéarma.
go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh that drink leads to lack of sense
" Tá a fhios ag an saol Fódlach go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh.
nach mór istigh nearly finished
" Bhuel, tá an deich mbliana sin nach mór istigh: caithimis súil siar, mar sin, chun an réaltacht a chur i gcomparáid leis na gealltanais.
taobh istigh de thréimhse ghearr inside a short period of time
" Deir Risteard gur aithníodh taobh istigh de thréimhse ghearr gur “sórt boscaí bruscair” a bhí sna scoileanna idirmheánacha seo agus nach raibh mórán i ndán dóibh siúd a bhí ag freastal orthu.
amuigh is istigh ar gach coicís, around every fortnight,
" Clár daichead nóiméad atá ann agus déanaimid ceann nua amuigh is istigh ar gach coicís, ag brath ar an méid atá ar siúl.
ag cothú nirt istigh iontu féin. maintaining strength inside themselves.
" D’fhan siad ciúin, ag cothú nirt istigh iontu féin.
taobh istigh de scór bliain inside of twenty years
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
a raibh píosa adhmaid istigh ann. in which there was a piece of wood inside it
" ” **Tús na comhcheilge**Cuireadh tús leis an chomhcheilg i bhfómhar na bliana 1989 nuair a chuaigh George Greenhalgh ar a rothar go hOllscoil Mhanchain agus déantán airgid ina lámh aige a raibh píosa adhmaid istigh ann.
taobh istigh de chúpla glúin. inside a few generations.
" Lena n-airgead agus lena n-oideachas – agus lena n-aghaidheanna geala – bhí siad lánpháirtithe taobh istigh de chúpla glúin.
istigh leis féin. at ease with himself.
" Agus in anneoinn go bhfuil sé an-óg go fóill – níl sé ach tríocha bliain d’aois – is léir gur duine é atá istigh leis féin.
taobh istigh de thréimhse ghearr inside a short period of time
" Anois, is féidir le Des an t-éacht atá déanta aige ó thaobh an Ghaeilge a fhoghlaim taobh istigh de thréimhse ghearr a chur leis an liosta rudaí atá bainte amach aige ina shaol.
taobh istigh de thréimhse ghearr inside a short period of time
" ’” Chaith Seán an-dua leis an teanga agus taobh istigh de thréimhse ghearr bhí sé ag múineadh na Gaeilge in Staten Island agus ar chúrsaí deireadh seachtaine de chuid Daltaí na Gaeilge.
Dá luaithe istigh no sooner inside
" Dá luaithe istigh iad, clúdaíonn an t-athair na fuinneoga le cartchlár.
i mo chroí istigh in my heart
" Mar sin i mo chroí istigh, níl aon olc agam do Thierry Annraoi.
bheith istigh put him up, accommodation
" Ach tabharfaidh sí bheith istigh do Josh, tabharfaidh sí aire dó.
mo chroí istigh i lár mo chléibh the heart in my bosom
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
taobh istigh de inside of
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
istigh ar an Muirthid west of Belmullet
" **SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?** BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú.
ina chroí istigh in his heart’s core
" 
Bhí an daonnacht seo agus an dáimh le daoine ar an ghannchuid ina chroí istigh sular fhoghlaim sé faoi na teoiricí polaitíochta a bhí taobh thiar den chur chuige a chleacht sé ó shin.
amuigh is istigh ar more or less
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
taobh istigh indoor
" Leagadh béim san treoirphlean ar an ngá a bhí le páirceanna den scoth le haghaidh na hiomána (faoi mar atá sna contaetha láidre iomána) ach, cé gur fíor go bhfuil roinnt clubanna tar éis cur go mór lena gcuid áiseanna féin, idir pháirceanna maithe, pháirceanna uile-aimsire agus áiseanna taobh istigh, is tearc iad na páirceanna atá oiriúnach don iomáint agus níl lárionad ná acadamh tógtha fós.
faisnéis ón taobh istigh inside information
" Más soinicí thú, b’fhéidir go gceapfá go bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige.
ina chroí istigh in his heart (he knew)
" "Ní bhfaighfeá ach, arís eile, na póilíní agus an tArm sa duga agus an stair curtha as a riocht," ar sé, ionann is a rá gur thuig sé gach cor i stair na dtrioblóidí agus go raibh lom na firinne ina chroí istigh.
cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh nationalists don’t mind in their heart of hearts
" Measann náisiúnaithe gur náisiúnaithe atá in aontachtaithe i ngan fhios dóibh - agus measann aontachtaithe gur cuma le náisiúnaithe ina gcroí istigh faoin tír a bheith aontaithe.
go domhain istigh ionam féin deep within myself
" Ach éirím ciúin, thar a bheith ciúin: táim go domhain istigh ionam féin.
go raibh a croí agus a hanam istigh she was very devoted
" Ba léir domh an-luath nuair a thoisigh mé ag obair léi, go raibh a croí agus a hanam istigh sa Ghaeilg agus sílim gur thug sí an-mhisneach do an-chuid daoine agus gur chuir sí an-chuid daoine ag foghlaim Gaeilge ins an tír seo.
taobh istigh d’achar gearr within a short period of time
" Ar nós Uí Ifearnáin, thug Mac Géibheannaigh misneach agus féinmhuinín d’fhoireann a bhí in ísle brí go mór ó thaobh na peile de, agus taobh istigh d’achar gearr bhí Corn Mhic Uidhir ina seilbh acu.
i dtaca le saol daoine taobh istigh in regard to people’s lives
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
tá mo chroí istigh sa teanga I love the language
" Chuaigh mé chuig naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge agus, ainneoin go ndeachaigh mé chuig meánscoil Bhéarla, tá mo chroí istigh sa teanga.
an lucht a bhí faoi ghlas istigh those in captivity within
" Is cuimhin liom a bheith i measc an tslua taobh amuigh d’Óstán na Sceilge, nuair nach ligfí isteach muid i ndiaidh Chorn Uí Riada; an lucht a bhí faoi ghlas istigh ag seoladh piontaí amach trí na fuinneoga chuig na daoine bochta a bhí faoi ghlas amuigh.
an-bhrón go deo taobh istigh orthu a great sadness within them
" An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d'fhiafraigh mé de Julie? Daoine a Mhisniú ====== "Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú.
taobh istigh de within
" Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís, ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús.
amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid to spend in or about five years in the centers
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh if it were to develop natively
" Agus é ag labhairt fén *Welfare State* dar ghearr Rialtas Atlee as an gcloch idir 1945-51, mar aon leis na gearáin chantalacha Chaitliceacha a dhéantaí ina leith, scríobh sé: “Is é mo bharúil féin gur túisce a ghéillfeadh muidne in Éirinn, bíodh is gur Caitlicigh muid, do chóras deachtóireachta ach go dtiocfaidh sé uainn féin ón taobh istigh.
taobh istigh d’achar gearr within a short period of time
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
níl aon duine istigh there’s no one at home
" "* “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh.
Bhí a chroí go mór istigh ann he really loved it
" Bhí a chroí go mór istigh ann agus bhí sé ag déanamh an-dul chun cinn mar bhuaigh sé bonn faoi 21 don chontae.
sa tréimhse fiche bliain a bheith istigh dá ndeoin féin in the twenty year period to enter of their own free will
" Spéisiúil go maith, d’iarr leath de na mná a cláraíodh mar striapacha iad sa tréimhse fiche bliain a bheith istigh dá ndeoin féin.
Bhí na céadta istigh hundreds were imprisoned
" Bhí na céadta istigh; ní raibh a fhios acu cá fhad a mbeadh siad i ngéibheann; bhí siad saor i rith an lae, iad amuigh ag imirt peile, bhí suim acu sa phopcheol, mar sin ní raibh ach baicle bheag a chuaigh a fhoghlaim Gaeilge.
dtógfaí istigh i bpluaiseanna iad they’d be built in caves
" Ar an drochuair, ní dócha go bhfuil aon fhiúntas ins an réiteach a bhí molta ag cleas CU BURN, ’sé sin go dtógfaí istigh i bpluaiseanna iad! Tugann an easpa rialtachta, áfach, spreagadh do fhiontraithe gur cuma sa tsioc leo faoi áilleacht na tíre a fhad is go bhfuil cúpla punt le tuilleamh.
oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh just as many standing on each other inside
" An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.
an chuid eile dá saol a chaitheamh istigh i monarchain to spend the rest of their lives in a factory
" Ach bhí glúin nua tríú leibhéal ag teacht ar aghaidh nach raibh ag iarraidh an chuid eile dá saol a chaitheamh istigh i monarchain.
bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha be enumerated inside of the G. boundaries
" Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.
tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh all the outside curves are visible inside
" Tá na diaileanna ar fad dírithe i dtreo an tiománaí agus tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh.
bhfuil mo chroí istigh ionat I truly love you
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
léirigh scáileán istigh a screen inside showed
" Bhí solas beag lasta ar an chás agus nuair a d’oscail Yeltsin é léirigh scáileán istigh gur scaoileadh diúracán i ngar don Iorua agus go raibh sé dírithe ar Mhoscó.
bancbhriste taobh istigh de bankrupt within
" Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt.
Taobh istigh within
" com) Taobh istigh d’eaglais St Lukes a bhí siad, i lár na cathrach.
taobh istigh den soláthar airgid within the financial constraints
" Ní raibh ach trí leathanach ins an mheamram a chuir Aire na Gaeltachta le chéile i mí Márta de na spriocóga a measadh a bheadh indéanta taobh istigh den soláthar airgid a bhí leagtha amach do na ranna éagsúla.
i dteideal a bheith istigh ar entitled to enter
" Ardaíonn sé seo ceist shuimiúil: an mbeidh Doire, cathair ar an taobh ó thuaidh den Teorainn ach cathair, mar a deireadh Séamus Heaney, síocháin leis, a bhfuil clóicheada formhór mór a cuid saoránach glas, i dteideal a bheith istigh ar an chomórtas seo? Beidh scéala ag an aimsir.
mar sprioc ina chroí istigh his heartfelt aim
" Anuas ar sin, tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, crua neamhghéilliúil agus tá sé mar sprioc ina chroí istigh an lámh in uachtar a fháil ar an Iarthar chomh minic agus is féidir.
leis an chuid istigh atá réabtha with what’s torn inside
" Beidh ar Ray Moran, an máinlia i Seantrabh é sin a leigheas i dtosach sular féidir leis aon cheo eile a dhéanamh leis an chuid istigh atá réabtha.
muid coinnithe istigh faoi dhíon while we were kept indoors
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
a chuir mé taobh istigh de which I planted within
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.
tá do chroí istigh sa chuardach you love the search
" Osclaítear an brabhsálaí agus tosnaíonn an cíoradh agus sula i bhfad tá do chroí istigh sa chuardach, curtha faoi gheasa ag súile nó ag an meangadh beag atá ag an ngaidhrín gleoite sin.
Bhí a chroí istigh sna capaill fhiáine he loved the wild horses
" Bhí a chroí istigh sna capaill fhiáine agus baineann an dán is clúití leis, ‘*The Man from Snowy River*’ le hiarracht rathúil corraitheach na capaill a thiomsú sna hAlpa in oirdheisceart na hAstráile.
creidimse in íochtar mo chroí istigh I still believe
" Ina dhiaidh sin is uile, ar nós El Quijote, creidimse in íochtar mo chroí istigh nach marbh ar fad atá Artúr: > “Is é an rí sin a chuir ar bun an t-ord ridireachta ar a dtugtaí Ridirí an Bhoird Thimcheallaigh.
taobh istigh de bhearta cosanta dhochta within strictly protected policies
" Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.
taobh istigh within
" Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh.